Tá áthas ar RTÉ News ceapachán an iriseora RTÉ, Laura Hogan, a fhógairt mar Chomhfhreagraí an Oirthuaiscirt. Ceapadh Laura tar éis comórtais le déanaí.
D’oibrigh Laura Hogan mar iriseoir ilmheán in RTÉ ó 2018, ag tuairisciú ar fud na nuachta teilifíse, raidió agus ar líne lena n-áirítear Six One News RTÉ, Nine O’Clock News agus Morning Ireland programmes.
Thuairiscigh Laura ar réimse leathan mórscéalta nuachta le ceithre bliana anuas, clúdach fairsing ar phaindéim Covid-19 ina measc. Chaith sí tréimhse freisin ag clúdach nuachta agus polaitíochta i dTuaisceart Éireann in 2021 agus tuairiscíodh le déanaí í ar chomórtas ceannaireachta an Pháirtí Chaomhaigh as Londain.
D’oibrigh sí roimhe seo mar iriseoir le TV3/Virgin Media ar feadh beagnach deich mbliana, mar Thuairisceoir Cúirte agus mar Thuairisceoir Ginearálta sa stáisiún.
Le linn a tréimhse ansin thuairiscigh sí ar scéalta suntasacha ar nós Olltoghchán 2016 agus triail Éignithe Bhéal Feirste. Chuir Laura tús lena gairm craoltóireachta mar thaighdeoir cláir i TV3. Chaith sí tamall freisin ag obair mar léitheoir nuachta ag EastCoast FM agus ina dhiaidh sin ag Today FM.
Bronnadh Gradam Meán Dlí Chumann Dlí na hÉireann um Thuairisciú Cúirte ar Laura in 2017 agus teastas fiúntais sa chatagóir chéanna in 2018.
Tá BA san Iriseoireacht aici ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Is as Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí, í Laura Hogan agus tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath faoi láthair.
Ag trácht di ar a ról nua dúirt Laura: “Tá ríméad orm a bheith ag glacadh le ról Chomhfhreagraí an Oirthuaiscirt. Mar dhuine a d’fhás aníos sna réigiúin, aithním agus is mór agam tábhacht an róil seo. Tá sceitimíní orm an bóthar a bhualadh agus na scéalta is tábhachtaí do mhuintir Lú, na Mí, an Chabháin agus Mhuineacháin a chlúdach. Níl sa tionchar a bhíonn ag an ardú ar an gcostas maireachtála ar ghnólachtaí agus ar theaghlaigh san Oirthuaisceart, todhchaí na seirbhísí cúraim sláinte sa réigiún agus an éiginnteacht leanúnach a bhaineann le prótacal Thuaisceart Éireann do na contaetha teorann ach cuid de na ceisteanna tábhachtacha a bhfuil mé ag súil leo tuairisciú orthu.”
Beidh Laura ag dul i mbun an phoist i mí Eanáir 2023.