Tá Mateo agus an fhoireann ar ais don ochtú sraith agus súil ag tuilleadh daoine a ngrá geal a aimsiú i mbialann First Dates.
Ná caill rogha speisialta oíche Déardaoin nuair a osclóidh Bialann an Ghrá arís don séasúr nua, séasúr a mbeidh neart spleodair, diabhlaíochta agus fuinnimh ag baint leis na daoine atá roghnaithe le bheith páirteach ann.
Cuirfear fáilte mhór chuig an mbialann roimh an lucht geandála seo atá ag iarraidh stór a gcroí a aimsiú agus gné amháin a bheidh éagsúil ó anuraidh ná go mbeidh deireadh le caitheamh mascanna agus go mbeidh na gnáthbhoird ar ais.
Mar is iondúil beidh fear mór an chleamhnais, an Maitre’D Mateo, aingil na mbord Alice agus Pete, agus maestro na manglam Neil ina dteannta chun fáilte a chur rompu agus chun misneach a thabhairt dóibh.
First Dates Ireland – Sraith 8 – Clár 1: 5 Eanáir 2023, 9:30pm, RTÉ 2
Is iad Aisling (25) agus Naomi (26), ar dlúthchairde iad agus a bhfuil pearsantacht dhocheansaithe acu, na chéad daoine isteach ar an gcéad chlár den tsraith nua agus iad ag tnúth go mór le coinne dhúbailte nach ndéanfaidh siad dearmad go deo uirthi.
Is le Ross (30), frithgheallaí árachais as Baile Átha Cliath, a chuirtear Aisling, bean banúil go smior, agus tá Ross ag ceapadh go bhfuil an t-ádh dearg air. Cúpla bord uathu tá bean an damhsa Naomi ag iarraidh Brodie (32), feidhmeannach margaíochta a d’fhás aníos ar fheirm caorach sa Nua-Shéalainn, a mhealladh.
An éireoidh le Garry (73), ceoltóir uirlisí as Loch Garman agus fear atá ag iarraidh a leanbh bán a fháil, an chluain a chur ar Mary (71) as Gaillimh, a bhíonn ag damhsa líne agus ag rith maratón?
Agus cuireann Colm (28), mionsonraitheoir gairmiúil gluaisteáin as Baile Átha Cliath, a chos go clár chun Sorcha (25) as Dún na nGall, a bhfuil an-spéis aici i gcarranna deasa, a mhealladh.
Osclóidh doirse na bialainne agus an chéad chlár sa tsraith nua de First Dates ag 9.30pm ar an 5 Eanáir 2023.
Tá do bhord réidh.
Tá First Dates Ireland urraithe go bródúil ag Lucozade Zero.