Beidh an tsraith nua de The Tommy Tiernan Show ag tosú oíche Dé Sathairn, an 7 Eanáir 2023, ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player ag 9.40pm.
Beidh Tommy Tiernan agus an seó cainte ar leith atá aige, ina gcuirtear ionadh air féin agus ar an lucht féachana, ar ais ar an scáileán arís! Is máistir tobchumadóireachta é Tommy, agus is breá lena chroí an fuinneamh a fhaigheann sé ó dhreas cainte a dhéanamh gan aon ullmhúchán. Is é toradh an chuir chuige sin comhráite lán spraoi agus iontais, le daoine as gach cineál cúlra. Is daoine mór le rá iad cuid acu, ach ní bhíonn aithne chomh mór sin ar chuid eile acu.
De bharr na fiosrachta is dual do Tommy, tá an fhéidearthacht ann go mbeadh an-léargas agus macántacht ag baint le gach comhrá, mar aon le greann agus diabhlaíocht gan srian in amanna.
Is éard a dúirt Tommy roimh thús an seachtú sraith: “Bíonn an seó chomh deacair sin a thuar, ar go leor bealaí, nach féidir a rá le daoine céard atá i ndán dóibh. Tá sé cosúil le dul chuig cóisir gan fios a bheith agat cé eile a bheidh ann. An t-aon rud a bhíonn ar eolas agam ná go bhfuilim féin agus an t-aoi réidh le dreas cainte a dhéanamh, ach ó thaobh threo an chomhrá sin, cá bhfios? Beidh lucht féachana istigh sa stiúideo i mbliana, beidh le feiceáil cén tionchar a bheidh ag an bhfuinneamh breise sin sa seomra ar an gcomhrá. Cibé rud a thitfidh amach ar an oíche, tá súil le Dia agam go mbeidh sé fós ina ábhar spéise agus siamsaíochta do phobal na hÉireann. Míle buíochas as bheith ag féachaint go dtí seo.”
Is é an fuirseoir Fred Cooke a bheidh ina fhear an tí do gach eipeasóid os comhair an lucht féachana beo. Maidir leis na daoine a bheidh ina n-aíonna ar an seó gach seachtain… bíonn sin ina ábhar iontais i gcónaí!
Ná caill The Tommy Tiernan Show, gach oíche Dé Sathairn ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player, ag tosú amárach an 7 Eanáir ag 9.40pm.