Duais Rogha Ceoil RTÉ Albam Éireannach na Bliana 2022 – Fógra faoin nGearrliosta
Duais Rogha Ceoil RTÉ
I gcomhar le IMRO agus IRMA
Albam Éireannach na Bliana 2022 – Fógra faoin nGearrliosta
Trí dhuais nua agus Amhrán Éireannach na Bliana le Fógairt níos déanaí an tseachtain seo ar 2FM
Beo in Vicar St, Baile Átha Cliath chomh maith le Craoladh Eisiach ar RTÉ – 9 Márta
Ticéid ar Díol Anois https://www.ticketmaster.ie/choice-music-prize-tickets/artist/1541435
Fógraíodh gearrliosta na bliana seo d’Albam Éireannach na Bliana 2022 Dhuais Rogha Ceoil RTÉ, i gcomhar le IMRO agus IRMA inniu ar an Tracy Clifford Show ar RTÉ 2FM.
Is é seo a leanas an gearrliosta:
- CMAT – If My Wife New I’d Be Dead (CMATBABY)
- Fontaines D.C. – Skinty Fia (Partisan Records)
- Aoife Nessa Frances – Protector (Partisan Records)
- Just Mustard – Heart Under (Partisan Records)
- Dermot Kennedy – Sonder (Riggins/Interscope/Island)
- The Mary Wallopers – The Mary Wallopers (The Mary Wallopers)
- Anna Mieke – Theatre (Anna Mieke faoi cheadúnas do Nettwerk Music Group)
- Pillow Queens – Leave the Light On (Royal Mountain Records)
- Sorcha Richardson – Smiling Like An Idiot (Faction Records)
- THUMPER – Delusions of Grandeur (Reckless Records)
Is féidir obair ealaíne na n-albam a bhain áit amach ar an ngearrliosta a fháil ar http://www.choicemusicprize.ie
Mar chuid de ghealltanas leanúnach RTÉ ceol Éireannach a chur chun cinn, beidh RTÉ 2FM ag ceiliúradh fhógra an ghearrliosta ar fud a sceidil inniu le Lá Mór Cheol na hÉireann ón 6am go meán oíche.
Craolfar seachtain d’fhógairtí agus gníomhaíochtaí i ndáil le Duais Rogha Ceoil ar The Tracy Clifford Show ar 2FM, lena n-áirítear tuilleadh eolais ar na trí dhuais nua agus ar Amhrán Éireannach na Bliana:
- Amhránaí Éireannach na Bliana – fógrófar an gearrliosta Dé Máirt an 10 Eanáir
- Amhránaí Éireannach atá ag Teacht Chun Cinn – fógrófar an gearrliosta Dé Céadaoin an 11 Eanáir
- Móralbam Éireannach ón Am atá Caite – fógrófar tuilleadh eolais Déardaoin an 12 Eanáir
- Amhrán Éireannach na Bliana – fógrófar an gearrliosta Dé hAoine an 13 Eanáir
Maidir leis na duaiseanna, dúirt Adam Fogarty, Ceann Ceoil, RTÉ 2FM, “Bliain eile de cheol ar ardchaighdeán ó amhránaithe Éireannacha a bhí ann agus táimid ag súil go mór é sin a cheiliúradh ar 2FM. Cinnteoidh na duaiseanna nua, go háirithe Amhránaí Éireannach na Bliana agus Amhránaí Éireannach atá ag Teacht Chun Cinn, mar aon le hAmhrán Éireannach na Bliana go dtabharfar tuilleadh ardáin do na hamhránaithe Éireannacha den scoth seo atá againn agus go dtugtar aitheantas don méid atá bainte amach acu le dhá mhí dhéag.”
Fógrófar Albam Éireannach na Bliana 2022, mar aon leis na ceithre dhuais eile thuas, beo as Vicar St ar RTÉ 2FM ar chlár speisialta idir 7-11pm Déardaoin an 9 Márta. Mar chuid den chlár beidh roinnt de na ceoltóirí agus amhránaithe ar an ngearrliosta ag casadh beo. Fógrófar tuilleadh sonraí ar na daoine a bheidh páirteach go luath. Tá na ticéid ar díol anois ar https://www.ticketmaster.ie/choice-music-prize-tickets/artist/1541435
Déanfar an scoth de cheol taifeadta na hÉireann a cheiliúradh arís le Duais Rogha Ceoil RTÉ, an 18ú bliain ag an duais i mbliana. Tá an duais, a cuireadh ar bun sa bhliain 2005, ar cheann de bhuaicphointí na bliana i dtionscal an cheoil in Éirinn faoin tráth seo. Déanfaidh painéal ar a bhfuil aon duine dhéag de dhaoine gairmiúla maidir le meáin chumarsáide an cheoil agus de shaineolaithe ar an tionscal Albam Éireannach na Bliana a roghnú ó ghearrliosta ar a bhfuil deich gcinn d’albaim. Is féidir teacht ar liosta de na moltóirí ar http://www.choicemusicprize.ie
Gheobhaidh an buaiteoir €10,000, duaischiste atá curtha ar fáil ag Eagraíocht um Chearta Ceoil na hÉireann (IMRO) agus Cumann um Cheol Taifeadta na hÉireann (IRMA). Gheobhaidh gach ceoltóir agus grúpa a bhainfidh áit amach ar an ngearrliosta gradam a coimisiúnaíodh go speisialta.
Is comhpháirtithe tionscadail oifigiúla Dhuais Rogha Ceoil RTÉ iad RAAP, Cultúr Éireann, FMC agus Minding Creative Minds.
Tríd an maoiniú a dhéanann sé ar an gclár Music From Ireland, déanfar tacaíocht Chultúr Éireann i ndáil le Duais Rogha Ceoil RTÉ a dhíriú ar na hamhránaithe agus ceoltóirí atá ar an ngearrliosta, chomh maith le cuidiú le “Comhráite” ar líne Dhuais Rogha Ceoil RTÉ.
#rtechoiceprize