An siamsaíocht a thugann ardú croí aimsithe ag lucht féachana RTÉ le deireadh seachtaine ollmhór ábhair don teaghlach ar fad
Chuir an chéad deireadh seachtaine d’ábhar teilifíse na bliana 2023 siamsaíocht go leor ar fáil chomh maith le hardú meanman chun dul i ngleic leis an ísle brí a bhíonn ar dhaoine i mí Eanáir. Ón leagan álainn a canadh de Mandinka, amhrán Sinéad O’Connor, mar cheiliúradh ar Nollaig na mBan ar The Late Late Show, go dtí agallamh fíorannamh leis an laoch spóirt Roy Keane ar The Tommy Tiernan Show, bhí neart ábhar spéise ag an lucht féachana oíche Dé hAoine agus Dé Sathairn.
Rinneadh ócáid stairiúil de Dancing with the Stars oíche Dé Domhnaigh nuair a chuaigh Banríon na hÉireann, Panti Bliss, amach ar an urlár. Craoladh sraith úrnua de Room To Improve ina dhiaidh sin leis an ailtire mór-rachairte Dermot Bannon. Siamsaíocht den scoth don Teaghlach ar fad a bhí ann.
Bhí The Late Late Show ar ais ar an aer arís tar éis shaoire na Nollag agus i measc na n-aíonna bhí Greg O’Shea, Iar-Imreoir le Foireann Oilimpeach Rugbaí Seachtar an Taobh na hÉireann, Nicola Tallant, iriseoir coireachta agus Julian Benson a bhíonn ag feachtasaíocht ar mhaithe le daoine a bhfuil fiobróis chisteach orthu. 429,300 duine a d’fhéach ar an gclár (RTÉ+1 san áireamh), sciar 40%, agus ceanglaíodh 19,300 sruth eile leis an RTÉ Player. (*Beo+VOSDAL)
Bhí The Tommy Tiernan Show ar ais ar RTÉ One don 7ú sraith agus bhí Roy Keane, an t-oideoir ar ghnéas iomlánaíoch Jenny Keane i measc na ndaoine a cuireadh faoi agallamh agus is iad Soda Blonde a bhí i mbun ceoil. 422,700 duine a d’fhéach ar an gclár (RTÉ+1 san áireamh), sciar 37%, agus ceanglaíodh 68,300 sruth eile leis an RTÉ Player.
D’fhill Dancing with the Stars freisin tráthnóna Dé Domhnaigh agus bhí gach duine de na hiomaitheoirí ag damhsa. Is í Brooke Scullion réalta Eorafíse na hÉireann a bhain barr chlár na scór amach agus an scór is airde riamh don chéad damhsa bronnta ag na moltóirí uirthi. Ina theannta sin, ba é an chéad uair riamh é a raibh banríon draig i measc na n-iomaitheoirí agus Panti Bliss ag damhsa lena páirtí Denys. Ba é an chéad chlár freisin é ag Doireann Garrihy ag cur an chláir i láthair i dteannta an láithreora eile Jennifer Zamparelli. 525,000 duine ar an meán a bhí ag féachaint ar an gclár (RTÉ+1 san áireamh), sciar 42%, agus ceanglaíodh 17,200 sruth eile leis an RTÉ Player.
Tráthnóna Dé Domhnaigh, bhí aird an lucht féachana ar Fair City do bhainis Orla agus Paul agus ar céard a dhéanfadh Paul. 395,000 duine a d’fhéach ar an gclár, (RTÉ+1 san áireamh) agus sciar 28% a bhí aige.
In Room To Improve a bhí ar ais ar an scáileán tráthnóna Dé Domhnaigh don 14ú sraith, thug Dermot Bannon a aghaidh ar Thulach Mhór. Chuidigh Dermot agus Claire an Suirbhéir Cainníochta le lánúin óg sa Tulach Mhór seanteach cónaithe a raibh suntas speisialta ag baint leis a athchóiriú. 442,000
lucht féachana a tharraing Room To Improve ar an meán (RTÉ+1 san áireamh) agus 34% den sciar a bhí ag an gclár.