44 de na 50 Clár Teilifíse is Mó Lucht Féachana in Éirinn don bhliain 2022 curtha ar fáil ag RTÉ de réir mar a fhaigheann Ábhar Teilifíse na hÉireann an ceann is fearr ar an gComórtas Idirnáisiúnta
44 de na 50 Clár Teilifíse is Mó Lucht Féachana in Éirinn don bhliain 2022 curtha ar fáil ag RTÉ de réir mar a fhaigheann Ábhar Teilifíse na hÉireann an ceann is fearr ar an gComórtas Idirnáisiúnta
Lucht féachana níos mó ná mar a bhí riamh faighte ag an RTÉ Player sa bhliain 2022 agus 83.3 milliún sruth déanta
I measc na gcláracha ba mhó lucht féachana bhí cláracha Spóirt, Siamsaíochta, Nuachta & Cúrsaí Reatha, Drámaíochta, Cláracha Fíorasacha agus Faisnéise ó RTÉ
Bhí lucht féachana na hÉireann fós ag roghnú ábhar na hÉireann thar ábhar idirnáisiúnta sa bhliain 2022 de réir mar a léiríodh sna figiúirí féachana don bhliain 2022 a d’eisigh TAM Ireland/Nielsen.
Is in Éirinn a rinneadh 49 de na 50 clár teilifíse is mó ar bhreathnaigh lucht féachana na hÉireann orthu. 1
Chuir RTÉ 44 de na 50 clár teilifíse ba mhó lucht féachana ar fáil sa bhliain 2021, tráth ar bhreathnaigh an lucht féachana ar spórt beo, siamsaíocht, nuacht iontaofa, cláracha fíorasacha fíorspéisiúla, cláracha faisnéise Éireannacha agus drámaíocht áitiúil.
Cé go bhfuil fáil níos mó ar sheirbhísí idirnáisiúnta sruthaithe, léirítear i dtaighde TAM Ireland go mbreathnaíonn an gnáthdhuine fásta in Éirinn ar ábhar craolta ar an teilifís sa bhaile ar feadh 2 uair agus 35 nóiméad gach lá, ar ábhar beo é 85% de sin agus ar ábhar é 15% de a mbreathnaítear air ar sheirbhís athuaire.2
Ag féachaint ar an líon iomlán den lucht féachana ar fud gach gaireas, breathnaíonn 70% de lucht féachana na hÉireann ar ábhar craolta gach lá, bhain 11% úsáid as seirbhísí sruthaithe amhail Netflix etc. agus bhain 19% úsáid as ardáin le físeáin a roinnt amhail YouTube agus Tik-Tok.3
Bhí an-tóir ar an meascán de sheirbhísí a chuir RTÉ ar fáil i mbliana, idir sheirbhísí beo agus seirbhísí ar éileamh araon. Rinneadh 83.3 milliún sruth ar an RTÉ Player sa bhliain 20224, an líon ba mhó riamh, agus bhí meascán de chláracha spóirt, drámaíochta Éireannaí agus idirnáisiúnta, nuachta, siamsaíochta, agus fíorasacha ann.
Bhí an Late Late Toy Show fós chun cinn ag barr na cairte féachana do theilifís na hÉireann agus bhain os cionn 1.5 milliún duine den lucht féachana taitneamh as an taithí bheo, ar thaithí thipiciúil Éireannach é, a bhí acu le chéile ag breathnú ar an gclár.
Sa bhliain 2022, cuireadh lucht féachana na hÉireann faoi dhraíocht ag an spórt naisiúnta agus idirnáisiúnta agus ba chláracha spóirt saorchraolta naoi gcinn de na deich gclár ba mhó lucht féachana. Bhí Cluiche Ceannais Sinsear Peile na hÉireann (872,000) ar an dara clár ba mhó lucht féachana ar an iomlán. I gclúdach RTÉ ar Chraobhchomórtas CLG, b’ionann cluichí náisiúnta agus 8 gcinn de na 50 clár ba mhó lucht féachana, agus rinneadh níos mó ná 1.6 milliún sruth ar The Saturday/Sunday Game Live ar an RTÉ Player le linn na bliana.
Bhí an-tóir ar chlúdach Spórt RTÉ ar Chorn Domhanda FIFA 2022 i measc lucht leanúna na hÉireann agus rinneadh 8.2 milliún sruth ar an gcomórtas ar an RTÉ Player agus bhí 13 cluiche i measc na 50 clár teilifíse ba mhó lucht féachana sa bhliain ar an teilifís. Bhí an cluiche idir an Airgintín agus an Chróit (784,000) agus an cluiche idir an Airgintín agus an Fhrainc (737,000) ar RTÉ2 ar an gcúigiú agus an séú clár teilifíse faoi seach ba mhó lucht féachana.
Bhí lucht féachana na hÉireann fós ag baint taitneamh as an drámaíocht áitiúil in Éirinn sa bhliain 2022 agus ba iad Fair City (482,700) agus Smother (425,000), atá bunaithe i gContae an Chláir, an t-aon dá chlár drámaíochta a bhí i measc na 50 clár teilifíse ba mhó lucht féachana. Bhreathnaigh lucht féachana ar an RTÉ Player ar mheascán den drámaíocht idirnáisiúnta agus Éireannach ab fhearr agus bhí cláracha drámaíochta i measc 13 de na 25 clár ba mhó a sruthaíodh ar an tseirbhís.
Tháinig lucht féachana na hÉireann le chéile sa bhliain 2022 freisin chun breathnú ar shiamsaíocht a thugann ardú meanman duit agus ar scéalta Éireannacha a thógfadh do chroí agus bhí cláracha amhail The Late Late Show (14 Eanáir, 567,000), NYE Countdown with Westlife (557,000), Dancing With The Stars (9 Eanáir, 544,000), Rose of Tralee (516,000), The Tommy Tiernan Show (8 Eanáir, 499,000), Ireland’s Fittest Family (11 Samhain, 447,000), DIY SOS (3 Aibreán, 450,000), Reeling in the Years (4 Eanáir, 447,000) agus Operation Transformation (26 Eanáir, 440,000) i measc na 50 clár teilifíse ba mhó lucht féachana.
Tarraingníodh aird lucht féachana na hÉireann le scéalta Éireannacha ar leith agus bhí cláracha RTÉ ar nós Quinn Country (29 Samhain, 480,000), Crime and Confessions (24 Eanáir, 465,000) agus RTÉ Investigates (14 Feabhra, 499,000) go léir i measc na gclár teilifíse ba mhó lucht féachana sa bhliain 2022.
Lean an pobal de RTÉ a roghnú le haghaidh Nuachta & Cúrsaí Reatha ar féidir brath orthu sa bhliain 2022 agus bhí an clár RTÉ Six One News ar an 21 Eanáir ar an gclár nuacht ba mhó lucht féachana sa bhliain ar chainéal ar bith agus bhreathnaigh 655,000 duine ar an gclár sin, trath a d’fhógair an Taoiseach go mbeadh deireadh leis na srianta Covid ón lá dar gcionn ar aghaidh. Bhreathnaigh 593,000 duine ar RTÉ Nine O’Clock News ar an 27 Feabhra nuair a thug an tUachtarán Putin ordú d’fhórsaí núicléacha na Rúise le bheith ar an airdeall ar lá a ceathair den ionradh ar an Úcráin. Rinneadh beagnach 4 milliún sruth san iomlán ar dhá fheasachán tráthnóna in éineacht ar an RTÉ Player le linn na bliana.
Is éard a dúirt Jim Jennings, Stiúrthóir Ábhair RTÉ, “Tá RTÉ ann chun freastal ar lucht féachana na hÉireann agus tugann sé ardú misnigh dúinn go roghnaíonn lucht féachana na hÉireann ábhar Éireannach thar aon ní eile agus go bhfuil an-tóir fós ar ábhar RTÉ. Is é an lucht féachana i gcónaí a mbíonn muid ag cuimhneamh air nuair a bhíonn muid ag coimisiúnú agus ag cruthú cláracha, cibé acu an cláracha spóirt, drámaíochta, faisnéise nó fíorasacha a bhíonn i gceist. Gabhann muid buíochas lenár gcomhpháirtithe spóirt agus lenár gcomhpháirtithe san earnáil léiriúcháin neamhspleách as a bheith ag obair linn agus muid ag súil le leanúint de mheascán d’ábhar Éireannach a chur ar fáil sa bhliain 2023.”
Nóta d’Eagarthóirí:
1. Foinse: TAM Ireland/Nielsen- Na 50 Clár ba mhó Lucht Féachana sa bhliain 2022
Bunaithe ar Dhaoine Aonair 4+, Gach Cainéal a nÍoctar Síntiús ina leith, Rogha Meánaithe: Lá ar Bith, Tráth ar Bith, An Eipeasóid is Fearr, 10 Nóiméad ar Fad ar a Laghad. Tabhair ar aird: Baineann an liosta seo úsáid as an eipeasóid is fearr as sraith (ie. Tá na 50 Clár is Mó Lucht Féachana bunaithe ar an eipeasóid is fearr as clár nó as sraith ie. Ní chuirtear gach clár san áireamh ach uair amháin agus baineann an rátáil leis an eipeasóid aonair seo amháin.)
2. Foinse: TAM Ireland/Nielsen, Daoine Fásta 15+, Líon Iomlán Teilifíse, Meán. Nóiméid in aghaidh an duine, comhdhlúite, an lá ar fad, 2022
3. Foinse: Líon Iomlán Físphainéil TAM Ireland/Nielsen – Eanáir – Deireadh Fómhair 2022
4. Foinse: AT Internet
Na 50 Clár ba Mhó Lucht Féachana sa bhliain 2022
Foinse: TAM Ireland/Nielsen: Tá na Cláracha is Mó Lucht Féachana bunaithe ar dhaoine aonair 4+, Gach Cainéal a nÍoctar Síntiús ina leith, Rogha Meánaithe: Lá ar Bith, Tráth ar Bith, An Eipeasóid is Fearr, 10 Nóiméad ar Fad ar a Laghad. Tá na 50 Clár is Mó Lucht Féachana bunaithe ar an eipeasóid is fearr as clár nó as sraith ie. Ní chuirtear gach clár san áireamh ach uair amháin agus baineann an rátáil leis an eipeasóid aonair seo amháin.