RTÉ 2FM RISING – AMHRÁNAITHE AGUS CEOLTÓIRÍ DON BHLIAIN 2023 FÓGARTHA
Tá a liosta mór le rá do 2FM Rising na bliana 2023 fógartha ag RTÉ 2FM. Tá na deich n-áit ar an liosta, a raibh go leor ag súil leis, bainte amach ag ceoltóirí agus amhránaithe a roghnaigh painéal saineolaithe, agus is cinnte go mbeidh an lucht éisteachta faoi dhraíocht ag a gcuid ceoil.
Is iad na ceoltóirí agus amhránaithe atá i gceist: 49th & Main, Aonair, April, Jen Payne, KhahiKid, Negro Impacto, Ryan Mack, Still Blue, Sweetlemondae, & Winnie Ama.
Áirítear ar na ceoltóirí agus amhránaithe de scoth an domhain a luadh ar liosta 2FM Rising le blianta beaga anuas Fontaines DC, Denise Chaila, Dermot Kennedy, Jafairs, Lyra, Pillow Queens, Wild Youth, JC Stewart, The Murder Capital, For Those I Love, Monjola, Gemma Dunleavy, agus Plantain Papi.
Beidh Seachtain Rising ar siúl ón 16 Eanáir go dtí an 20 Eanáir ar RTÉ 2FM, agus mar chuid de sin déanfar na ceoltóirí agus amhránaithe ar fad a roghnaíodh don liosta – agus a dtacóidh 2FM leo i rith na bliana – a chur chun cinn go mór ar fud an stáisiúin. Déanfar ceol nua agus agallaimh eisiacha leis na ceoltóirí agus amhránaithe seo atá ag teacht chun cinn a chraoladh freisin.
Is éard a dúirt Adam Fogarty, Stiúrthóir Ceoil 2FM: “Tá sceitimíní ar 2FM liosta Rising na bliana 2023 a fhógairt. Is tionscnamh tábhachtach dúinne sa stáisiún é Rising ó thaobh a bheith ag tacú le ceol agus ceoltóirí na hÉireann. Is rud é a bhfuil muid an-díograiseach agus paiseanta faoi.
“Tá dea-theist ar 2FM cheana féin mar gheall ar an liosta Rising gach bliain agus táimid ag iarraidh leanúint leis an gcáil sin i mbliana. Creidimid gur iontach an sampla é liosta Rising na bliana 2023 ar chomh láidir agus éagsúil is atá saol an cheoil Éireannaigh faoi láthair. Measaimid go mbeidh lucht éisteachta 2FM chomh tógtha cheana le caighdeán na ndaoine cumasacha atá ag teacht aníos sa saol sin agus leis an gceol atá á chruthú acu. Táimid ag súil le bheith ag tacú le ceoltóirí agus amhránaithe Rising agus leis na ceoltóirí agus amhránaithe Éireannacha eile nach iad ar fud ardáin 2FM i gcaitheamh na bliana 2023.”
Tionólfar 2FM Rising i gcomhar le IMRO agus gheobhaidh gach duine de cheoltóirí agus amhránaithe na bliana seo sparánacht €1,000 an duine/grúpa (€10,000 san iomlán) ó IMRO. Is tionscnamh forbartha ceoltóirí agus amhránaithe é 2FM Rising, i gcomhar le IMRO, faoina gcuirtear am ar an aer, deiseanna bolscaireachta agus ábhair ar fáil do na rannpháirtithe a roghnaítear.
Is éard a dúirt Keith Johnson, Stiúrthóir Margaíochta & Ballraíochta, IMRO: “Tá ríméad ar IMRO leanúint lena chaidreamh le RTÉ 2FM Rising. Tá scríbhneoirí amhrán na hÉireann ag sárú teorainneacha cruthaitheachta i gcónaí, sa bhaile agus ar an ardán idirnáisiúnta agus cuirfidh tionscnamh RTÉ 2FM Rising ardán nach féidir luach a chur air, chomh maith le hardán tacaíochta, ar fáil do gach duine de na ceoltóirí agus amhránaithe a bheidh páirteach ar feadh na bliana 2023.”