Jacqui Hurley agus Damian Lawlor a bheidh ar an stiúir ag cur bhuaicphointí CLG an deiridh seachtaine ar RTÉ ar fáil
Jacqui Hurley a bheidh ag cur The Sunday Game i láthair agus Damian Lawlor a bheidh ag cur an chláir buaicphointí The Saturday Game i láthair
Fógartha ag Spórt RTÉ gurb iad Joe Canning, Peter Canavan, Paul Flynn, Lee Keegan, David Tubridy & Enda McGinley anailísithe nua CLG agus go bhfuil Tomás Ó Sé ag filleadh
D’fhógair Spórt RTÉ inniu gurb í Jacqui Hurley a chuirfidh The Sunday Game i láthair do shéasúr Craobhchomórtais CLG atá le teacht agus go mbeidh Damian Lawlor ag cur an aicsin agus na hanailíse uile ar fáil ó The Saturday Game don lucht féachana sa bhaile ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player. Beidh Joanne Cantwell fós ag cur The Saturday Game Live agus The Sunday Game Live i láthair.
Sa séasúr seo cuirfidh imreoirí mór le rá a d’éirí as le gairid agus a bhfuil neart eolais acu le painéal saineolaithe Spórt RTÉ agus i measc na n-imreoirí sin beidh Joe Canning as Gaillimh, Peter Canavan as Tír Eoghain, Paul Flynn as Baile Átha Cliath, Lee Keegan as Maigh Eo, David Tubridy as an gClár, Enda McGinely as Tír Eoghain agus beidh Tomás Ó Sé as Ciarraí é féin ag teacht ar ais.
Beidh na hanailísithe nua i dteannta na ndaoine atá ar an bpainéal ar bhonn leanúnach chun buaicphointí, anailís agus plé RTÉ a chur ar fáil, buaicphointí, anailís agus plé nach raibh ar fáil riamh cheana, le linn shéasúr Chraobhchomórtais CLG.
Is iad Dónal Óg Cusack, Liam Sheedy, Anthony Daly, Brendan Cummins, Ursula Jacob, Jackie Tyrell, Shane Dowling, John Mullane, Shane McGrath, Brian Carroll, Michael Duignan, Elaine Aylward, Colm Gooch Cooper, Sean Cavanagh, Cora Staunton, Eamonn Fitzmaurice, Noelle Healy, Ciaran Whelan, Eamon O’Hara, Conleith Gilligan agus John Casey a bheidh ag teacht ar ais chun anailís a chur ar fáil.
Mhéadaigh RTÉ na cearta atá acu sna meáin chumarsáide agus beidh RTÉ ag cur clúdach cuimsitheach ar Chraobhchomórtas CLG ar fáil ar fud theilifís, raidió agus sheirbhísí ar líne RTÉ do na chéad chúig shéasúr atá le teacht. Dheimhnigh RTÉ go mbeidh clúdach saorchraolta den scoth ar fáil don lucht féachana in Éirinn ar feadh 12 mí sa bhliain ó 2023 go dtí 2027 san áireamh.
Leanfaidh RTÉ ag craoladh na 31 cluiche craobhchomórtais ar fud oileán na hÉireann ar theilifís RTÉ agus ar an RTÉ Player, chomh maith le cluiche ceannais Chorn Sheosaimh Mhic Dhonnacha, agus na cluichí leathcheannais agus cluiche ceannais araon i gCorn Tailteann do na chéad chúig bliana atá amach romhainn. Tá RTÉ fós tiomanta don chamógaíocht agus craolfar naoi gcluiche beo ar a laghad ar an teilifís sa bhliain. Cuirfear tús le níos mó cluichí saorchraolta i Sraith Náisiúnta Allianz Dé Sathairn an 28 Eanáir agus chomh maith leis sin beidh clúdach leanúnach ar Chraobhchomórtais AIB na gClubanna gach oíche Dé Sathairn lena chinntiú go mbeidh clúdach beo CLG feadh na bliana ar fáil ar fud gach ardáin ar RTÉ.
Is éard a dúirt Jacqui Hurley, láithreoir The Sunday Game: ‘Ba é mian mo chroí nuair a bhí mé i mo pháiste a bheith ag obair ar The Sunday Game. Is mór an onóir dom an ról aitheanta seo a ghlacadh agus an ní céanna a dhéanamh mar a rinne roinnt de na craoltóirí iontacha romham. Táim ag súil go mór leis an dúshlán agus is fada liom go gcuirfimid tús leis an obair.’
Is éard a dúirt Damian Lawlor, láithreoir The Saturday Game: ‘Is éard atá i gceist leis an bhféilire nua de chluichí CLG ná go mbeidh níos mó cluichí idirchontae ná riamh cheana ar siúl laistigh de thréimhse ghiorraithe. Leis sin tugadh deis do Spórt RTÉ The Saturday Game a thabhairt isteach. I dteannta ár bhfoirne léirithe, déanfaidh mé gach rud agus is féidir liom a dhéanamh lena chinntiú go bhforbrófar an clár ina chlár suaitheanta nár cheart a chailleadh, clár ina gcuirfear an léargas agus anailís is fearr ar fáil don lucht féachana.’
Is éard a dúirt Grúpcheannasaí Spóirt RTÉ Declan McBennet: ‘Leis an séasúr seo, cuirfear tús arís le The Sunday Game le painéalaithe atá éirithe as an bpáirc imeartha le gairid in éineacht le saineolaithe a bhfuil taithí acu, agus is beart é seo atá ag freagairt don fhorbairt atá tagtha ar The Sunday Game le linn na mblianta. Tá go leor taithí ag na láithreoirí nua Jacqui, Damian agus na painéalaithe nua agus tá siad san áit cheart chun na sceitimíní agus anailís ar fad a bhaineann le Craobhchomórtas CLG a chur ar fáil don lucht féachana níos déanaí i mbliana.’
Tá The Sunday Game ar an aer ó bhí an bhliain 1979 ann agus craoltar an clár gach oíche Dé Domhnaigh le linn shéasúr an Chraobhchomórtais ar RTÉ2.