The Dance le Taspeáint den chéad uair ar RTÉ, Déardaoin an 2 Feabhra ar RTÉ One
The Dance: Arna chur i láthair ag RTÉ, Fís Éireann, South Wind Blows agus Harvest Films
Le Taispeáint den chéad uair ar RTÉ, Déardaoin an 2 Feabhra ar RTÉ One @ 10:15pm
Taispeánfar The Dance den chéad uair ar RTÉ Déardaoin beag seo ar RTÉ One. Fadchlár faisnéise breathnaitheach é The Dance leis an stiúrthóir Pat Collins ina leantar cur chun ardáin MÁM leis an gcóiréagrafaí agus amharclannóir mór le rá Michael Keegan-Donal ón gcéad lá ar tosaíodh ar an gcleachtadh go dtí an chéad oíche ar cuireadh ar stáitse é ag Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath in 2019.
I ndiaidh chomh maith is ar éirigh leis an athmhachnamh a rinne sé ar an mbailé a bhfuil cáil air ar fud an domhain Swan Lake/Loch na hEala (2016), tá léiriú miotasach eile ach tráthúil cruthaithe ag Michael Keegan-Dolan agus Teaċ Daṁsa ina dtugtar aitheantas don chaoi ar féidir le deighiltí an tsaoil teacht le chéile scaití agus teacht ar réiteach.
Tugann The Dance, clár faisnéise an stiúrthóra mór le rá Pat Collins (Song of Granite, Silence), léargas ar leith don lucht féachana ar phróiseas cruthaitheach Michael Keegan-Doyle.
In 2019 a taifeadadh an clár faisnéise seo a bhfuil Cormac Begley, rímháistir an chonsairtín, páirteach ann ag ceol. Bhuaigh Cormac an gradam don Ionstraimí Ceoil Tíre is Fearr ag Gradaim Folk Awards RTÉ in 2022 agus Albam na Bliana 2022 an Irish Times lena dhara albam aonair B. Páirteach sa chlár faisnéise seo freisin tá an comharghrúpa ceoil s t a r g a z e agus dhá dhamhsóir idirnáisiúnta déag a thaistil chomh fada le Leithinis an Daingin.
Is scannán tumthach agus machnamhach é seo, scannán iomlán breathnaitheach agus atá lán beoga an t-am ar fad. Léirítear sa scannán go bhfuil béim ar aontacht agus ar chumarsáid oscailte agus tuigeadh go raibh gach duine a bhí páirteach i MÁM chomh tábhachtach céanna le linn phróiseas a chruthaithe gur tugadh deis dóibh iad féin a léiriú go cruthaitheach agus go mothúchánach.
Mar a deir Keegan Dolan “… is faoi aimsiú, ábhair iontais agus ceangal gach cleachtadh – agus is ábhar iontais iad na tráthanna aimsithe sin do gach duine atá i láthair.”
Meastar Michael Keegan-Dolan a bheith ar dhuine de na cóiréagrafaithe damhsa comhaimseartha agus amharclannóirí is nuálaí i mbun oibre sa lá atá inniu ann. Is iomaí gradam idirnáisiúnta buaite ag a chuid léiriúchán ceannródaíoch. Bhain sé cáil amach le linn dó a bheith ina stiúrthóir ealaíne ar Fabulous Beast Dance Theatre (1997-2015) nuair a chruthaigh sé trí cinn de léiriúcháin a fuair ainmniúchán do Ghradam Olivier: Giselle (2003), The Bull (2005) agus The Rite of Spring (2009). Bronnadh Gradam Critic’s Circle sa Ríocht Aontaithe arThe Bull in 2008 agus bhuaigh a sheó Rian Gradam Bessie (Gradam Damhsa agus Taibhithe Nua-Eabhrac) sa bhliain 2013 don Léiriúchán is Fearr. Bhuaigh Swan Lake/Loch na hEala, a léiriúchán deiridh lena chuideachta nua Teaċ Daṁsa, Gradam Náisiúnta Damhsa Critics’ Circle sa Ríocht Aontaithe don Léiriúchán is Fearr in 2018. Chuaigh Swan Lake, a cuireadh ar stáitse den chéad uair ag Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath in 2016, ar camchuairt ar fud an domhain lena n-áirítear Sadler’s Wells i Londain, Stuttgart, Wellington, Sydney, Seoul, Toronto agus Moscó.
Is as Iarthar Chorcaí don déantóir scannán Pat Collins a bhfuil breis is 30 scannán déanta aige le 25 bliana. In 2012, rinne Institiúid Scannánaíochta na hÉireann bailiúchán iardhearcach lár-gairme dá chuid saothair go dtí seo a choimeád. Cuireadh a fhadchlár faisnéise is déanaí Henry Glassie Fieldwork os comhair an lucht spéise den chéad uair ag TIFF in 2019 agus d’eisigh New Wave films é sa Ríocht Aontaithe. Stiúir sé na fadscannáin Song of Granite agus Silence agus tá scannáin déanta aige faoin scríbhneoir John McGahern, na filí Michael Hartnett agus Nuala Ní Dhomhnaill, an scríbhneoir agus cartagrafaí Tim Robinson atá ina chónaí i gConamara, an déantóir scannán as an Iaráin Abbas Kiarostami (comhstiúrtha ag Fergus Daly), chomh maith le dhá fhadscannán aiste pholaitiúla What We Leave in Our Wake (2009) agus Living in a Coded Land (2014). Tá gearrscannáin thrialacha déanta freisin aige lena n-áirítear Pilgrim, What Remains, Twilight chomh maith le All There is, is light a bheidh ag teacht go luath.
Fuair MÁM léirmheas croíúil in The Guardian, The Financial Times, The Observer agus san Irish Times. Chomh le hé a bheith ar stáitse i mBaile Átha Cliath, bhí sé ar stáitse amharclann i Londain, san Astráil agus sa Nua-Shéalainn.
Craolfar The Dance Déardaoin an 2 Feabhra ar RTÉ One ag 10.15pm.