Home of the Year ar ais ar RTÉ le sraith nua
Tá na moltóirí ar ais agus tá na tithe oscailte le breathnú orthu! Is é Hugh Wallace, an t-ailtire agus duine de chomhpháirtithe bunaithe Douglas Wallace Consultants, Amanda Bone, an t-ailtire a bhfuil duaiseanna buaite aici agus Sara Cosgrove, an dearthóir intí a bhfuil duaiseanna buaite aici, na moltóirí atá ag teacht ar ais i mbliana chun na cinntí crua a dhéanamh.
Bí i dteannta Hugh, Amanda, agus Sara ar an bpainéal moltóireachta gach Máirt ón 14 Feabhra 2023 de réir mar a bhreathnaíonn siad ar 21 teach fíorálainn ar fud na hÉireann. Beidh tithe as Corcaigh, Maigh Eo, Cill Chainnigh, Baile Átha Cliath, an Dún, Cill Mhantáin, an Mhí, Aontroim, Gaillimh, Ard Mhacha, Doire agus Cill Dara sa tsraith.
Sa naoú sraith de Home of the Year, tacófar leis an gcruthaitheacht agus taispeánfar dearaí cliste agus indibhidiúlacht. Beidh tithe atá suite in áiteanna ar fud na hÉireann sa tsraith agus i measc na dtithe beidh tithe leathscoite athshamhlaithe, tionscadail athchóirithe, tithe ailtireachta, tithe athchóirithe ón seanré agus tithe nuathógtha.
Beidh an triúr moltóirí ag lorg indibhidiúlachta, feidhmiúlachta, agus dearaí cliste agus tabharfaidh gach duine acu scór as 10 do na tithe agus rachaidh an teach a fhaigheann an scór iomlán is airde sa chlár ar aghaidh go dtí an babhta ceannais i mí Aibreáin, tráth a bhfógrófar an buaiteoir.
Is iad ShinAwiL a léiríonn Home of the Year do RTÉ.
AIB atá ag déanamh urraíochta ar Home of the Year Sraith 9.
Craolfar an tsraith gach Máirt ag 8.30pm ar RTÉ One agus cuirfear tús leis an tsraith ar an 14 Feabhra 2023.
Na Moltóirí:
Hugh Wallace MRIAI, MIDI
Cuideachta: http://douglaswallace.com
Is ailtire a bhfuil ardmheas air agus a bhfuil duaiseanna buaite aige é Hugh Wallace agus tá sé ar dhuine de chomhpháirtithe bunaithe Douglas Wallace Consultants. Tá croí Hugh istigh sa dearadh cruthaitheach a mheallann an lucht spéise chun comhrá agus plé a dhéanamh. Creideann sé go bhfuil ailtireacht mhaith riachtanach chun comhtháthú sóisialta a chruthú agus chun an taitneamh a bhaineann muid as an tírdhreach agus an timpeallacht mhaireachtála a fheabhsú.
Is breá le Hugh an cineál úinéara tí a aireachtáil chomh luath agus a shiúlann sé isteach i dteach agus creideann sé go dtugann do theach deis duit d’indibhidiúlacht a chur in iúl. Is í an bhliain seo an naoú uair dó a bheith ina mholtóir ar Home of the Year. Ach fós féin, is í an obair dhíograiseach a dhéanann na 21 úinéir tí an t-údar a gcuireann an tsraith seo gliondar air.
Amanda Bone MRIAI
Cuideachta: www.amandabonearchitects.ie
D’oibrigh Amanda Bone, a bhfuil duaiseanna buaite aici, i bPáras, i Nua-Eabhrac agus i mBaile Átha Cliath sular bhunaigh sí Amanda Bone Architects, cleachtas ailtireachta a bhfuil go leor duaiseanna buaite aige agus atá lonnaithe i ndeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath. Tá obair thí agus thráchtála araon i gceist leis an gcleachtas. Déanann Amanda speisialtóireacht i dtithe aonair aonuaire idir tithe nuathógtha comhaimseartha agus athchóirithe ar struchtúir faoi chosaint. Bhain Amanda céim amach ó Scoil na hAiltireachta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus is ailtire cláraithe í le hInstitiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann (RIAI). Tá sí creidiúnaithe sa Chaomhnú ag Grád III (RIAI). Is Teagascóir Stiúideo Deartha agus Cleachtais Ghairmiúil í Amanda i Scoil Ailtireacht Bhaile Átha Cliath, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.
Creideann Amanda go bhfuil tithe s’againne an-tábhachtach mar go gcuireann siad tearmann ar fáil dúinn, rud atá in ann cur go mór lenár bhfolláine. Is breá léi na nithe nach bhfuil aon súil leo ar Home of the Year agus an chaoi nach mbíonn a fhios agat riamh céard atá amach romhat ar an taobh eile den doras agus an chaoi a dtarlaíonn sé scaití go mbaineann sí taitneamh as nithe nach dtaitneodh de ghnáth léi ar pháipéar.
Is é seo an tríú bliain do Amanda a bheith ina moltóir sa tsraith.
Sara Cosgrove
Cuideachtaí: https://saracosgrove.com/ agus https://groveandco.com
Is dearthóir intí í Sara Cosgrove a bhfuil duaiseanna buaite aici agus tá dhá ghnólacht dearaidh bunaithe aici, Sara Cosgrove Studio agus Grove & Co. Sular bhunaigh sí a gnó féin sa bhliain 2014, bhíodh sí ag obair le roinnt dearthóirí tithe mór le rá lena n-áirítear Helen Green Design agus Candy & Candy agus ceapadh ina Ceann Dearaidh í ag Harrods i Londain. Le linn na mblianta sin rinne sí speisialtóireacht i dtionscadail ardleibhéil chónaithe, mhiondíola agus forbartha.
Laistigh dá cuideachtaí féin, oibríonn Sara agus a cuid foirne ar réimse leathan tionscadal ar fud an domhain lena n-áirítear coimisiúin phríobháideacha chónaithe, forbairtí il-aonad agus fáilteachas.
Is tráchtaire tionscail agus léachtóir í Sara agus cuireann sí ábhar ar fáil go rialta do Gloss agus The Irish Times agus bhí colún rialta aici sa Sunday Times Ireland ina bhféadfaí ceist a chur ar an saineolaí.
Ceapann Sara go bhfuil sé an-spéisiúil go bhfuil deis aici cuairt a thabhairt ar 21 teach ar fud na tíre agus na bealaí uile ina bhfuil paisin agus cruthaitheacht na ndaoine léirithe ina gcuid tithe a fheiceáil.
Is é seo an dara bliain do Sara a bheith ina moltóir sa tsraith.