Wild Youth le hionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann ag Eoraifís 2023
An ceann is fearr faighte ag an amhrán We Are One i ndiaidh an Late Late Eurosong Special
Déanfaidh an banna ceoil Wild Youth ionadaíocht ar son na hÉireann ag 67ú Comórtas Amhrán Eoraifíse leis an amhrán We Are One
Chuaigh sé iomaitheoir, idir grúpaí agus amhránaithe aonair – Leila Jane, ADGY, Public Image Limited, CONNOLLY, agus K Muni and ND – i ndianiomaíocht anocht ar an Late Late Eurosong, clár beo lán teannais, chun áit a bhaint amach in Eoraifís 2023. Roghnaíodh an grúpa ar éirigh leo trí Ghiúiré Idirnáisiúnta, Giúiré Náisiúnta agus an Pobal – a bhí in ann vóta a chaitheamh nuair a osclaíodh na línte vótála i ndiaidh do na hamhránaithe ar fad a n-amhrán a chasadh tráthnóna.
Agus an t-amhránaí Conor O’Donohoe ón mbanna Wild Youth ag labhairt i ndiaidh dóibh a dtaispeántas buacach a dhéanamh anocht, dúirt sé gur mhór an onóir dóibh a bheith roghnaithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann ar an stáitse domhanda níos deireanaí i mbliana.
“Gabhaim buíochas le gach aon duine a chaith vóta dúinn, tá muid iontach tógtha agus tá súil agam go mbeidh gach aon duine in ann tacaíocht a thabhairt don amhrán agus go mbeidh muid inár n-ábhar bróid ag muintir na hÉireann. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil lenár dteaghlaigh féin a thug tacaíocht dúinn ón gcéad lá.”
Tá an banna (Donohoe, Ed Porter, Callum McAdam, agus David Whelan) aitheanta go maith in Éirinn cheana féin agus tá go leor amhrán acu a raibh ráchairt orthu. Tá camchuairteanna déanta acu roimhe seo le Westlife, Niall Horan, Kodaline, agus Lewis Capaldi. Eisíodh a gcéad albam All or Nothing sa bhliain 2017. Is é Conor O’Donohoe a scríobh an t-amhrán buaiteach We Are One sa tSualainn i gcomhar leis an scríbhneoir amhrán Jörgen Elofsson a ainmníodh le haghaidh Ghradam Grammy.
Ba í Lelia Jane an chéad amhránaí tráthnóna leis an amhrán Wild, bhí Too Good for Your Love leis an amhránaí ADGY ar an dara amhrán, ba é Hawaii leis an ngrúpa Public Image Limited an tríú amhrán, ba é Midnight Summer Night le CONNOLLY an ceathrú amhrán, i ndiaidh sin chas Wild Youth an t-amhrán We Are One agus ar deireadh ar fad bhí an t-amhrán Down in the Rain le K Muni & ND.
I ndiaidh do gach grúpa amhrán a chasadh anocht, fuair an láithreoir Ryan Tubridy aiseolas ón bpainéal sa stiúideo agus ar an bpainéal sin bhí iar-iomaitheoirí de chuid Eoraifíse Jedward, an t-amhránaí agus scríbhneoir Ruth-Anne Cunningham, láithreoir BBC Radio 1 Gemma Bradley agus an soprán Celine Byrne.
Bhí dualgais mar láithreoir ag tráchtaire Eoraifíse RTÉ Marty Whelan freisin agus é ag roinnt eolais ón seomra scíthe, áit a raibh na grúpaí ag fanacht de réir mar a tháinig na vótaí isteach. Is é an t-urlabhraí Dr. Paul Jordan a chuir isteach an vóta ón nGiúiré Idirnáisiúnta, is í láithreoir Junior Eurovision Louise Cantillon a chuir isteach an vóta ón nGiúiré Náisiúnta agus is í Lottie Ryan ó RTÉ 2FM a chuir isteach an Vóta Poiblí.
Beidh Éire ag casadh sa chéad leath den bhabhta leathcheannais i gComórtas Amhrán Eoraifíse i Learpholl Dé Máirt an 9 Bealtaine agus beidh an babhta ceannais ar siúl sa Liverpool Arena in aice le habhainn Mersey Dé Sathairn 13 Bealtaine. Is ag Éirinn fós atá an churiarracht don líon is mó buanna sa Chomórtas Eoraifíse a bheith aici. Bhuaigh Éire an comórtas seacht n-uaire san iomlán. Chuir Éire isteach ar an gComórtas Amhrán Eoraifíse den chéad uair sa bhliain 1965. Mar is eol do chách d’éirigh le hÉirinn 4 comórtas as 5 cinn a bhuachan sna 1990idí agus bhí Éire ar an gcéad tír chun an comórtas a bhuachan 3 huaire as a chéile.