D’fhógair Díolachán Meán RTÉ go mbeidh Spry Finance ina urraitheoir nua do Marty in The Morning ar RTÉ lyric fm, Luan go hAoine ó 7am go 10am.
Áireofar in urraíocht 6 mhí RTÉ lyric fm a shocraigh an ghníomhaireacht Javelin, a chuirfear tús leis Dé Luain an 13 Feabhra, stoingí 7 x 10 soicind in aghaidh an chláir ar a luafar an t-urraitheoir chomh maith le hurraíocht hodchraolta agus leathanaigh baile.
Tá seoladh na hurraíochta ag tarlú tráth a bhfuil toradh iontach faighte ag Marty in The Morning sa Chomhthaighde Náisiúnta ar Lucht Éisteachta (CNLÉ) is déanaí. D’éirigh leis an gclár méadú 13,0000* éisteoir a fháil le dhá mhí dhéag anuas agus tá an clár anois ar an gclár is mó a bhfuil lucht éisteachta aige ar RTÉ lyric fm.
Is éard a dúirt Ailish McGlew, Ceann Margaíochta ag Spry Finance, “Tá ríméad orainn anseo ag Spry Finance urraíocht a thabhairt do Marty in the Morning ar RTÉ lyric Fm mar go n-airíonn muid go n-oireann an clár go foirfe dár mbranda agus dár gcustaiméirí. Creideann custaiméirí Spry Finance gur cheart saol níos fearr a bheith ag duine ag deireadh a shaoil agus cuireann Marty an cineál joie de vivre sin ar fáil ina chlár. Tá a fhios againn go bhfuil an sásamh sin an-tábhachtach do na custaiméirí a bhaineann taitneamh as meascán de nuacht agus an t-eolas is deanaí faoi chúrsaí taistil ó Marty.”
Is éard a dúirt Tara Farrell, Bainisteoir Urraíochta do Raidió RTÉ, “Tá muid iontach sásta a fhógairt go mbeidh Spry Finance ina urraitheoir don chlár Marty in The Morning. Is léiriú cruinn í an chomhpháirtíocht nua seo idir Javelin agus Spry Finance den éileamh atá ag méadú i gcónaí ar an gclár Marty in the Morning agus ar RTÉ lyric Fm araon.”