LAGHDAÍONN RTÉ AN TUILLEAMH LÁITHREOIR IS AIRDE OS CIONN 15%
Tá RTÉ ag foilsiú na dtáillí a thuill a dheich láithreoir is airde pá inniu in 2020 agus 2021. Tagann sé seo sna sála ar fhoilsiú RTÉ i mí Eanáir 2021 de na táillí a thuill na láithreoirí is airde pá in 2017, 2018 agus 2019.
Deimhníonn na figiúirí gur laghdaigh RTÉ táillí iomlána a íocadh lena láithreoirí is airde pá níos mó ná 15% in 2020 agus 2021 araon.
Is ionann táillí iomlána a íoctar le láithreoirí is mó tuilleamh RTÉ agus níos lú ná 1% de chostais oibriúcháin iomlána RTÉ.
Dúirt Ard-Stiúrthóir RTÉ, Dee Forbes: “Inniu táimid ag foilsiú na dtáillí a íocadh le láithreoirí is airde pá RTÉ do 2020 agus 2021, a dhearbhaíonn laghdú iomlán de níos mó ná 15%. Tá ról tábhachtach ag ár láithreoirí i soláthar nuachta ríthábhachtacha, faisnéise agus siamsaíochta RTÉ do lucht féachana ar fud na tíre agus cuireann siad ar ár gcumas ioncam tráchtála a ghiniúint atá riachtanach chun seirbhísí poiblí RTÉ a mhaoiniú. Tuigimid go meallann táillí láithreoirí ardphróifíle spéis mhór an phobail. Le 15 bliana anuas tá RTÉ tar éis na táillí seo a laghdú c. 40%. Leanaimid orainn á gcoinneáil faoi athbhreithniú.”
Tábla: RTÉ 10 láithreoir is airde pá ar bhonn tuillimh do 2019, 2020 agus 2021
(Féach bunús na nótaí ullmhúcháin ag bun an tábla)
