Grianghraif d’fhiadhúlra na hÉireann ag teastáil
Grianghraif d’fhiadhúlra na hÉireann ag teastáil
Táthar in ann cur isteach ar Eye On Nature, comórtas grianghrafadóireachta bliantúil fiadhúlra RTÉ anois
FÉACH ar ár bhfíseán anseo
Seolfar Eye on Nature, comórtas grianghrafadóireachta fiadhúlra RTÉ, anocht ar Nationwide ar RTÉ One i gcomhar le Mooney Goes Wild ar RTÉ Radio 1, Oifig na nOibreacha Poiblí agus Garraithe Náisiúnta na Lus.
Don tríú bliain, tabharfaidh Eye on Nature RTÉ deis do ghrianghrafadóirí fiadhúlra ar fud na hÉireann an cumas breá atá iontu a chur os comhair an phobail agus aird a tharraingt ar bhithéagsúltacht na hÉireann agus ar áilleacht an domhain nádúrtha atá inár dtimpeall. Tá fáilte roimh ghrianghrafadóirí gairmiúla agus grianghrafadóirí amaitéireacha grianghraif den tírdhreach, de fhlóra agus fána a chur ar aghaidh le bheith sa seans duais €1,000 in airgead tirim a bhuachan. Áireofar gach duine a bhaineann babhta ceannais an chomórtais amach i dtaispeántas a bheidh ar siúl i nGarraithe Náisiúnta na Lus.
Grianghraf thar a bheith gleoite d’Iora Rua a bhí tógtha ag Jimmy Mc Donnell as an gCaisleán Nua i gContae Chill Mhantáin a bhuaigh an comórtas anuraidh.
Seolfaidh Anne Cassin, láithreoir Nationwide, Eye on Nature ar Nationwide ar RTÉ One anocht Dé Céadaoin an 15 Feabhra ag 7pm as Garraithe Náisiúnta na Lus. Cuirfidh an triúr moltóirí faoi agallamh agus beidh na sonraí go léir faoi chomórtas na bliana seo aici. Is cuid de chéiliúradh 30 bliain Nationwide é Eye on Nature.
Beidh an Dr Matthew Jebb, Stiúrthóir Gharraithe Náisiúnta na Lus, ar ais ar phainéal na moltóirí don tríú bliain de Eye on Nature. Ina theannta ar an bpainéal moltóirí beidh Niall Hatch ó Chairde Éanlaith Éireann agus Sheena Jolley, grianghrafadóir fiadhúlra a bhfuil duaiseanna buaite aici.
Is é Mooney Goes Wild ar RTÉ Radio 1 (Oícheanta Dé Luain ag 10pm) baile raidió an chomórtais agus beidh agallaimh ar an gclár le gach duine de na moltóirí suas go dtí dáta deiridh an chomórtais Dé Céadaoin an 22 Márta. Cuirfear scéalta a bhaineann le Eye on Nature i láthair ar Nationwide ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player gach Dé Céadaoin ar feadh sé seachtainí chun ardán a thabhairt don bhithéagsúlacht, tírdhreach agus domhan nádúrtha atá againn sa tír seo.
Is éard a dúirt an Dr. Matthew Jebb: “Tá an-áthas orm arís go mbeidh Oifig na nOibreacha Poiblí agus Garraithe Náisiúnta na Lus ag obair i gcomhar le RTÉ don Eye on Nature. B’iontach an bealach a bhí sa taispeántas lasmuigh a bhí againn i nGarraithe Náisiúnta na Lus chun ardán a thabhairt do na grianghrafadóirí a bhí sa bhabhta ceannais ar bhealach fíor-uathúil agus déanfaimid na grianghraif a chur ar camchuairt chuig láithreacha eile de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí arís sa samhradh go dtí Teach agus Gairdíní Phort Omna agus Caisleán Bhaile Átha an Rí. Is grianghraif d’ainmhithe go dtí seo a bhuaigh an comórtas agus ba bhreá liom i mbliana agus mé i mo mholtóir grianghraif iontacha de phlandaí agus de bhláthanna ó thírdhreach na hÉireann a fheiceáil.”
Is éard a dúirt Sheena Jolley, grianghrafadóir dúlra as Éirinn a bhfuil duaiseanna buaite aici: “Is deis iontach é an comórtas seo chun do chuid íomhánna a chur ar aghaidh agus ardán a thabhairt don oidhreacht shaibhir dúlra atá againn agus díriú ní hamháin ar mhionsonraí a háilleachta ach ar an lúcháir a bhaineann le bheith ag breathnú ar d’ábhar ina thírdhreach dúchasach féin. Táim ag tnúth freisin le hobair ghrianghrafadóirí cumasacha na hÉireann a fheiceáil, féachaint ar na scéalta atá á n-insint ag a gcuid íomhánna agus deis a thabhairt dóibh tuilleadh feasachta ar an mbithéagsúlacht nádúrtha atá againn a ardú agus a caomhnú a chur chun cinn.”
Is éard a dúirt Niall Hatch ó Chairde Éanlaith Éireann: “Tá ríméad orm a bheith ar dhuine de na moltóirí don chomórtas iontach seo a leagann béim a bhfuil fáilte roimpi ar áilleacht oidhreacht nádúrtha de scoth an domhain atá againn anseo in Éirinn. Bhí caighdeán na ngrianghraf a cuireadh ar aghaidh le dhá bhliain thar a bheith ard agus táim ag súil go mór na grianghraif a gheobhaimid an uair seo a fheiceáil. Taitníonn íomhánna liom de ghnáth a chuireann iompar agus gnáthóga nádúrtha créatúir fhiáine in iúl, agus níos tábhachtaí ná sin, íomhánna nach bhfuil aon chur isteach déanta orthu agus go bhfuil cuma chomh nádúrtha agus is féidir orthu. Ní mór tús áite a thabhairt i gcónaí do leas an ábhair i mo thuairim féin.”
Is é mean oíche Dé Céadaoin an 22 Márta 2023 an dáta deiridh le cur isteach ar chomórtas Eye on Nature.
Is féidir grianghraif a sheoladh chuig www.rte.ie/eyeonnature. áit a bhfaighidh tú na sonraí go léir mar aon leis na Téarmaí agus Coinníollacha.
Áireofar gearrliosta ar a mbeidh dhá ghrianghraf déag i dtaispeántas a bheidh ar siúl i nGarraithe Náisiúnta na Lus an samhradh seo agus fógrófar buaiteoir an chomórtais ar Nationwide RTÉ. Beidh gailearaí ar líne ar fáil chomh maith.