Réaltaí na Gaeltachta – tabharfaidh cúigear mór le rá a n-aghaidh ar Choláiste Gaeilge do dhianchúrsa Gaeilge!
Tumfaidh Des Cahill, Amanda Brunker, Fred Cooke, réalta Tiktok Lauren Whelan agus peileadóir Mhaigh Eo Oisín Mullin iad féin i ngach a bhaineann leis na mná tí, obair bhaile agus an céilí mór!
Dé Máirt an 28 Feabhra ag 7pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player
I sraith nua RTÉ Réaltaí na Gaeltachta, cuireadh cúigear a bhfuil aithne mhór orthu chuig coláiste Gaeilge Choláiste Bhríde i Rann na Feirste i gcroílár Ghaeltacht Dhún na nGall chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán an Ghaeilge a fhoghlaim arís. Chaith Des Cahill, Craoltóir Spóirt, Amanda Brunker, scríbhneoir, Fred Cooke, fuirseoir, Oisín Mullin peileadóir CLG as Maigh Eo a imríonn Peil na hAstráile anois agus Lauren Whelan an réalta TikTok seachtain amháin ina gcónaí le Bean an Tí agus ag dul chuig na ranganna agus na céilithe agus ag déanamh obair bhaile, díreach mar a dhéanfadh scoláirí cearta!
Beidh an scrúdú mór ag fanacht leo ag deireadh na seachtaine: an mbeidh dóthain Gaeilge acu le bheith ina Réaltaí na Gaeltachta?
Beirfidh siad leo a gcuid cóipleabhar agus pacálfaidh siad a gcuid málaí agus déanfaidh a mbealach chuig ceann de na coláistí Gaeilge is mó le rá in Éirinn – Coláiste Bhríde, Rann na Feirste, áit a gcaithfidh siad seachtain amháin faoi chúram na múinteoirí agus na mban tí agus iad ag fáil taithí iomlán ar shaol an scoláire, é sin ar fad trí Ghaeilge.
Roinnfidh na buachaillí seomra Tigh Chaitlín Nóra Frainc agus beidh sí ag coinneáil súil ghéar ar an gCraoltóir Spóirt Des Cahill, ar an bhFuirseoir Fred Cooke, agus ar pheileadóir CLG Mhaigh Eo atá ag imirt Peil Astrálach anois, Oisín Mullin. Idir an dá linn i dteach na gcailíní, tá réalta mór TikTok Lauren Whelan agus an scríbhneoir Amanda Brunker ar a sáimhín só ceart in éineacht le Bean an tí Maighread agus a gariníon Aisling.
Faoi threoir an Mhúinteora Niall Ó Sluain agus le cúnamh mhuintir na háite, tumfaidh an cúigear scoláirí iad féin i dtaithí an choláiste samhraidh – lena n-áirítear na ranganna, na céilithe agus ceolchoirm mhór dheiridh an chúrsa! Leanfaidh na scoláirí clár ama an choláiste gach lá – ranganna ar maidin le Múinteoir Niall agus Múinteoir Méabh agus beidh siad gnóthach sa tráthnóna le gníomhaíochtaí traidisiúnta an choláiste – amhránaíocht, damhsa agus cadhcáil fiú! Ag deireadh na seachtaine beidh gach scoláire ag fáil faoi réir don scrúdú béil chun an feabhas atá tagtha ar a gcuid Gaeilge a fháil amach. Beidh duaiseanna le bronnadh ag an seó tallainne ag deireadh na seachtaine – cé a thabharfaidh leo an duais mhór agus a ainmneofar ina Réalta na Gaeltachta?
Idir ranganna gramadaí agus rólimirt, rachaidh na scoláirí i ngleic leis an saol sa choláiste Gaeilge agus rachaidh siad i dtaithí ar bheith ag roinnt seomra, ar bheith ag ithe béilí ag amanna ar leith agus ar bheith ag leanúint rialacha an tí. An mbeidh cuid acu ábalta an ceann is fearr a fháil ar an bhfaitíos atá orthu roimh an teanga agus iarracht a bhaint as í a labhairt le muintir na háite? Agus cé a bheidh in ann an teanga a thabhairt leo go héasca agus iad ag cleachtadh, cleachtadh, cleachtadh? Ach caithfidh beagán spraoi a bheith acu freisin – agus tapóidh fir an spóirt Des agus Oisín a ndeis dul ag imirt gailf sa Chruit, seachas dul ag an rang; imeoidh Fred agus Lauren leo chuig Drioglann Chroithlí áit a bhfaighidh siad sólás breá! Tabharfaidh an grúpa scoláirí aghaidh ar Ghabhla chun lán na súl a bhaint as an tírdhreach agus radhairc áille an oileáin.
Le cúnamh ón Múinteoir Ceoil Hugh agus ón ealaíontóir áitiúil Morag, díreoidh na scoláirí ar an gceolchoirm – an mbeidh Fred in ann a phíosa féin a dhéanamh i nGaeilge? An mbeidh Amanda in ann dán a scríobh agus a rá? An mbeidh a chleas cóisire réidh in am ag Des? An mbeidh Lauren in ann damhsa a mhúineadh d’Oisín?
Suite i dtírdhreach aoibhinn Iarthar Dhún na nGall, ní bhíonn sé i bhfad go mbíonn na scoláirí ar bhóthar taiscéalaíochta, áit a bhfeicfidh siad an teanga bheo ar bhealach nach bhfuil feicthe riamh roimhe seo acu.
Cuirfidh Réaltaí na Gaeltachta duine ar bith a d’fhreastail ar Choláiste Samhraidh siar ar bhóithrín na smaointe agus tabharfaidh sé blaiseadh do dhuine ar bith a bhí ag iarraidh a fháil amach riamh faoi shaol na gcoláistí agus mar atá sé aithne a chur ar theanga dhúchasach álainn na tíre seo agus titim i ngrá léi arís.
Bí ag féachaint ar an tsraith nua de Réaltaí na Gaeltachta Dé Máirt an 28 Feabhra ag 7.00pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.