RTÉ i mbun ceiliúrtha ar Sheachtain na Gaeilge le Energia 2023
Daoine iomráiteacha ag foghlaim na Gaeilge in athuair agus scéalaíocht iontach do leanaí, Peppa Muc agus comhairle maidir le cúrsaí staidéir agus scrúduithe, tá ábhar don uile dhuine ag RTÉ i rith #SnaG23
Cúis áthais do RTÉ a bheith i mbun comhpháirtíochta arís le Conradh na Gaeilge maidir le Seachtain na Gaeilge le Energia sa bhliain 2023 agus cion fiúntais á dhéanamh chun daoine ar fud na hÉireann, agus ar fud an domhain, a spreagadh chun ceiliúradh a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den Ghaelachas agus leas a bhaint as na ‘cúpla focal’.
Tá Seachtain na Gaeilge, a bheidh ar siúl ó Dé Céadaoin, an 1 Márta go dtí Dé hAoine, an 17 Márta i mbliana, ar cheann de na himeachtaí idirnáisiúnta is mó trína ndéantar ceiliúradh ar an nGaeilge agus ar chultúr na hÉireann agus beidh RTÉ, comhpháirtí na meán cumarsáide, lánpháirteach in #SnaG23 le feachtais faoi leith ar mhaithe leis an nGaeilge agus le réimse forfheabhsaithe ábhair ar an teilifís, ar an raidió agus ar na meáin ar líne.
Bí ag faire amach do bhreis ábhar mar chuid den cheiliúradh ar Lá Fhéile Pádraig ar RTÉ. Tá neart ábhar againn díbh.
>>>BUAICPHOINTÍ AR AN TEILIFÍS
Leanann RTÉ de chur leis na cláracha Gaeilge agus dátheangacha le réimse breise sraitheanna maidir le stíleanna beatha, cultúr, siamsaíocht agus faisnéis arna gcraoladh i rith na mbuaicthráthanna craolta i rith shéasúr an Earraigh 2023.
Dé Máirt an 28 Feabhra ag 7 i.n. ar RTÉ One, cuirfidh RTÉ tús luath le Seachtain na Gaeilge le sraith ceithre chlár atá suite i gceartlár Ghaeltacht Thír Chonaill. Ar Réaltaí na Gaeltachta feicfear pearsaí iomráiteacha de chuid na hÉireann, Des Cahill, Fred Cooke, Lauren Whelan, Amanda Brunker agus Oisín Mullen, ag croitheadh an deannaigh dá gcuid cóipleabhar agus iad á dtumadh i saol an fhoghlaimeora i gColáiste Bhríde, Rann na Feirste, ag féachaint le gach dúshlán a shárú agus an Ghaeilge a fhoghlaim in athuair. Ach cé acu de Réaltaí na Gaeltachta an réalt eolais?
Más spreagadh agat a bhfuil le feiceáil agus fonn ort feabhas a chur ar do chuid Gaeilge féin, is féidir clárú le ranganna Ciorcal Comhrá ar líne le Conradh na Gaeilge gach Céadaoin i rith Sheachtain na Gaeilge, beidh na sonraí ar fad ar fáil ar rte.ie/gaeilge.
Ón Aimsitheoir nach dtugann maide ná liathróid ar ais chugat, nó an Bulladóir a bhíonn ar stailc, beidh Ellen Hegarty, tréadlia, agus Paula Doohan, saineolaí iompraíochta, ann le réiteach ar na fadhbanna uilig a bhaineann le Madraí, gach oíche Aoine ag 8 i.n., ar RTÉ One.
Déardaoin an 2 Márta, feicfear Aisling as Gaillimh agus Lochlainn as Ard Mhacha ar First Dates Ireland agus ceangal á chothú eatarthu mar gheall ar an ngean atá acu ar an nGaeilge, ach ar aontú nó eiteach a tharlóidh nuair a thagann an dara hócáid i gceist!
Dé Luain an 6 Márta ag 8 i.n., beidh tús le sraith nua sé cinn de chláracha faoin bhfeirmeoireacht ar RTÉ One. Feicfear an éagsúlacht mhór atá sa saol ag aon teaghlach déag feirmeoireachta de chuid na hÉireann ar Saol na Feirme agus leantar cúrsa na bliana ó thús an earraigh go deireadh an gheimhridh agus iad ag streachailt le gach deacracht a chuirtear rompu a shárú. Feictear freisin an chaoi a dtéann cúraimí maidir le cúrsaí timpeallachta i bhfeidhm orthu. Tá léargas sa tsraith seo ar shaol na linne faoin tuath in Aontraim, Ard Mhacha, Dún na nGall, Gaillimh, Maigh Eo, Contae na Mí, Port Láirge agus Ciarraí.
Amach san earrach, beidh trácht ar bheirt eile d’fhathaigh na hÉireann, duine as saol na Siamsaíochta agus duine as saol an Spóirt, ar Cloch le Carn. Tráth a mbeidh tús á chur le séasúr na Craoibhe, beidh súil siar ag Garry Mac Donncha ar shaol agus ar shaothar Brian Mullins laoch Bhaile Átha Cliath ag imirt na gcluichí Gaelacha. Is caomh an chuimhne atá ag cuid mhór daoine ar an bhfear lár páirce a bhuaigh craobh na hÉireann ceithre huaire, cloisfear ó Tommy Drumm, Captaein Bhaile Átha Cliath ar an gclár seo agus ó ghaolta gairide, Pádraig Mullins, a dheartháir, agus Nathan Mullins, a mhac.
Go tráthúil agus spéis á chur go géar sa chomórtas Eoraifíse, caithfidh Sinéad Ní Churnáin súil siar ar Shay Healy, laoch sainiúil Eoraifíse na hÉireann i gclár speisialta sa tsraith Cloch le Carn Dé Luain, an 1 Bealtaine ar RTÉ One. Léirítear portráid mhín chaomh sa chlár de dhuine de lucht oirfidíochta na hÉireann a chuaigh i gcion go mór ar mhuintir na tíre. Is iomaí bua a bhain leis an bhfear agus is iomaí casadh a bhain lena shaol. Cuireann cairde, comhghleacaithe agus gaolta leis an lucht féachana ar an eolas le barr grinn, geana agus ionracais.
Dé Luain an 17 Aibreán ag 8 i.n. ar RTÉ One, feicfear a dtagann i gceist le sealanna oibre dhá uair a chloig déag, déanamh cinntí ar an toirt, cásanna báis nó beatha agus ciorrú ar an saol sóisialta nuair a léirítear an saol a chaitheann daoine a oibríonn leis na seirbhísí éigeandála. Gairm bheatha nach n-oireann don uile dhuine. Ar 999 Faoi Oiliúint, feictear an chéad ghlúin eile d’oibrithe na seirbhísí éigeandála, na daoine a bhfuil fónamh in am an ghátair roghnaithe acu, sa tseirbhís dóiteáin, i mbun paraimhíochaine, le dream tarrtháil sléibhe nó leis an ngarda cósta. Feicfear na daoine nua seo á gcur faoi oiliúint ghéar, ualach trom traenála á leagan orthu go bhfeictear an bhfuil siad in ann chuig an gcúram.
Trathnónta na seachtaine ar RTÉ One, beidh Maura Derrane, ambasadóir de chuid Sheachtain na Gaeilge, chomh maith le Sinéad agus Dáithí, láithreoirí eile an Today Show, ag spreagadh an lucht féachana le cur leis na cúpla focal. Beidh Focal an Lae ina mhír speisialta ar an gclár agus físeáin ghairide speisialta ar chainéil na meán sóisialta ag an gclár.
Agus beidh neart ábhair Gaeilge do leanaí ar RTÉjr, ar chainéal YouTube RTÉjr agus ar rannóg na leanaí ar sheinnteoir an RTÉ Player. Is féidir ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge ag canadh amhráin Gaeilge le roinnt de na carachtair is ansa leat ar Fia’s Fairies, ag féachaint ar scéalta George agus Peppa i sraith nua de Peppa Muc/Peppa Pig, agus ag coinneáil súil ar na heachtraí a tharlaíonn do do chuid cairde, Bóín agus Beach.
Is fada an scéal é scéal na scéalaíochta sa Ghaeilge agus le Scéalta ar RTÉjr & RnaG, sraith nua raidió do leanaí ar an gCéadaoin ón 1 Márta amach, beidh draíocht na scéalaíochta ag dul i bhfeidhm ar ghlúin nua éisteoirí agus á gcur faoi gheasa. Deich gcinn de scéalta breátha Gaeilge á scríobh ag roinnt de na scríbhneoirí is fearr in Éirinn agus á n-insint ag deichniúr pearsaí aitheanta a bheidh sa tsraith. Beidh ceol le roinnt de na ceoltóirí is fearr in Éirinn leis na scéalta chomh maith.
>>>BUAICPHOINTÍ AR AN RAIDIÓ
Beidh níos mó ná na cúpla focal le cloisteáil ar sheirbhísí raidió RTÉ ar feadh Sheachtain na Gaeilge.
Ar RTÉ Radio 1, beidh Claire Byrne ag éileamh ar Dháithí Ó Sé, comhláithreoir dá cuid tráth, cúnamh a thabhairt di feabhas a chur ar a cuid Gaeilge agus díreofar ar an gclár freisin ar cheisteanna éagsúla a chuireann isteach ar phobal na Gaeltachta agus ar chásanna faoi leith, mar shampla Mná Tí do na cúrsaí samhraidh a bheith gann i gceantair áirithe Gaeltachta. Beidh ceol beo á chur ar fáil go speisialta ar Folk on One, South Wind Blows, The Rolling Wave agus The Louise Duffy Show i rith na tréimhse trí seachtaine agus beidh tuairiscí speisialta ag Sinéad Ní Uallacháin ar The Ray D’Arcy Show i rith Sheachtain na Gaeilge.
Bíodh cluas na héisteachta agat leis an spraoi agus an spleodar ag Siún, Sinéad agus Áine ar Beo ar Éigean, an clár seachtainiúil ar RTÉ Radio 1 a mbíonn an-tóir ag daoine air freisin mar phodchraoladh. Beidh an clár á chraoladh as an gCúltúrlann i mBéal Feirste mar cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge agus ar Lá Idirnáisiúnta na mBan.
Ar RTÉ 2FM, craolfar clár dátheangach na gCairteanna Náisiúnta le Bláthnaid Tracey ón 7.00 i.n. – 10.00 i.n. ar an Aoine agus tuairiscí dátheangacha nuachta agus tráchta gach lá i rith na dtrí seachtaine.
Beidh gaois na ndaoine a chuaigh romhainn á léiriú gach lá ag láithreoirí RTÉ lyric fm le Seanfhocail. Is deacair ceann críonna a chur ar cholainn óg ach beidh saíocht na sinsear le cloisteáil ar lyric fm i rith Sheachtain na Gaeilge agus muid ag díriú ar an seanfhocal. Tá súil againn gur spreagadh d’éisteoirí na linne seo nathanna na seanfhondúirí ar lyric fm i rith Sheachtain na Gaeilge.
Ar Éist le Manchán Magan, beidh plé ag ambasadóir Sheachtain na Gaeilge, Manchán Magan, ar bhailiúchán focal as Gaeilge lena gcuirtear síos ar ghnéithe éagsúla den cheol, den amhránaíocht agus den fhuaim maidir le hoidhreacht, dúlra agus cultúr na hÉireann.
Ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, is í Seachtain na Gaeilge í gach seachtain den bhliain agus leanfaidh an stáisiún de thogha an cheoil, an chomhrá agus na díospóireachta a chur ar fáil chomh maith le nuacht náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil gach lá den mhí.
>>>BUAICPHOINTÍ AR NA MEÁIN AR LÍNE
Tá leathnú ag RTÉ ar na seirbhísí Gaeilge ar líne agus tá forás ar an réimse ábhair atá ar fáil as Gaeilge ar RTÉ Player agus RTE.ie.
Ar feadh thréimhse iomlán Sheachtain na Gaeilge, beidh cnuasach den ábhar is fearr i nGaeilge don uile aoisghrúpa á chur le chéile ar bhunleathanach RTÉ Player ionas gur féidir leis an lucht féachana roinnt de na seoda atá i dtaisce Chláracha Gaeilge RTÉ a aimsiú go furasta.
Leanfar ar www.rte.ie/gaeilge d’aird a dhíriú ar thogha an ábhair atá ar fáil i nGaeilge ar fud sheirbhísí RTÉ agus beidh smaointe agus cúnamh ar fáil ag an uile dhuine ar mian leo cur leis na cúpla focal. Beidh aird á dhíriú freisin ar rogha na n-imeachtaí a bhaineann le Seachtain na Gaeilge.
Ar www.rte.ie/Learn, beifear ag ullmhú do Scrúdú Béil na hArdteistiméireachta le comhairle ón scrúdaitheoir, Dean (Éasca Péasca). Tá na céadta bileoga oibre de chuid Home School Hub ar fáil freisin ag scoileanna, múinteoirí, tuismitheoirí agus daltaí chomh maith le réimse ábhair atá bunaithe ar an gcuraclam do dhaltaí sa tSraith Shóisearach agus sa tSraith Shinsearach. Beidh dea-chomhairle ar fáil freisin faoin úsáid is féidir a bhaint as Fia’s Fairies sa seomra ranga le físeáin achoimre ar chainéal YouTube RTÉjr.
Má tá fonn ort feabhas a chur ar do chuid Gaeilge i rith na míosa seo romhainn, tá neart ábhair a chuideoidh leat ar fáil ar Learning Irish (rte.ie).
Iriseoirí an Lae Amárach: Idir Dé Máirt an 7 Márta agus Déardaoin an 9 Márta, don tríú bliain as a chéile, beidh toradh ar pháirtnéireacht idir RTÉ, TG4, OG, COGG agus an Roinn Oideachais maidir le léargas speisialta ar an iriseoireacht a thabhairt do dhaltaí na hidirbhliana trí chúrsa ar líne a chur ar siúl le roinnt de na hiriseoirí agus de na craoltóirí is fearr ar an teilifís, ar an raidió agus ar na seirbhísí digiteacha in Éirinn.
Chláraigh níos mó ná 400 dalta ar an gcéad chúrsa sa bhliain 2021. Beidh dhá cheann déag de mháistir-ranganna á gcur i láthair i mbliana ag iriseoirí agus lucht déanta clár de chuid RTÉ, TG4 agus earnáil na léiritheoirí neamhspleácha
Beidh an scéal is deireanaí maidir le Seachtain na Gaeilge ar RTÉ ar fáil ar rte.ie/gaeilge agus rte.ie/culture, agus ar chuntais RTÉ ar Facebook, Twitter agus Instagram ach leas a bhaint as #snag23.
Tá níos mó eolais faoi Sheachtain na Gaeilge ar fáil ar www.snag.ie.