GLAO AR EALAÍONTÓIRÍ ÓGA DE GACH CUMAS DON CHOMÓRTAS THIS IS ART
RTÉ & Clár Éire Ildánach
Le Duaischiste os cionn €10,000, tá an Comórtas This Is Art! ar ais!
Tá an comórtas ealaíne náisiúnta uile-oileáin bliantúil This is Art! ar ais don tríú bliain as a chéile. Tá RTÉ agus Clár Éire Ildánach ag iarraidh ar ealaíontóirí óga a gcuid oibre a chur ar aghaidh arís. Déantar ceiliúradh ar amharc-ealaín leanaí agus daoine óga ar fud oileán na hÉireann le This is Art! agus tugtar cuireadh d’ealaíontóirí de gach cumas, atá 18 mbliana d’aois nó níos óige, ina n-aonar nó i ngrúpaí, píosa ealaíne nua a chruthú a thaispeánfar i mbailiúchán digiteach TIA! ar líne.
Le linn di a bheith ag labhairt ag seoladh This is Art ag Dánlann Phort Láirge, dúirt an tAire Catherine Martin;
“Is iontach an rud é go bhfuil borradh ag teacht faoi This is Art! agus go bhfuil sé á fhorbairt. Is léiriú ceart é ar an gcumas agus an chruthaitheacht atá ag na daoine óga agus tá an-áthas orm é a sheoladh go hoifigiúil i mbliana i bPort Láirge. Mholfainn do leanaí ar fud oileán na hÉireann a bheith cruthaitheach, píosa spraoi a bheith acu agus páirt a ghlacadh i gcomórtas na bliana seo. Fógrófar na buaiteoirí ádhúla Dé Sathairn an 10 Meitheamh 2023 do Chruinniú na nÓg – Lá náisiúnta na hÉireann do chruthaitheacht saor in aisce do dhaoine óga!”
Dúirt Príomh-Stiúrthóir RTÉ Dee Forbes:
“Le dhá bhliain anuas tarraingníodh aird sa chomórtas This is Art! ar an leibhéal cruthaitheachta atá ann i measc ealaíontóirí óga de gach aois agus cumas ar fud na tíre. Bhí muid an-tógtha le caighdeán na n-iontrálacha a fuair muid. Tá muid ag tnúth le freagra a fháil ón oiread daoine óga agus is féidir maidir lenár gcuireadh chun a gcuid samhlaíochta a chur ag obair, a bheith cruthaitheach agus páirt a ghlacadh sa tríú heagrán seo den chomórtas This is Art! Más aon chomhartha iad an dá bhliain anuas, beidh obair chrua roimh na moltóirí arís i mbliana. Go n-éirí le gach duine.”
Mar a oibríonn sé
Tá an comórtas oscailte do dhaoine óga de gach cumas, atá 18 mbliana d’aois nó níos óige, a bhfuil cónaí orthu ar oileán na hÉireann agus cuimsítear gach disciplín amharc-ealaíon ann.
Tá 5 catagóir ann:
- 7 mbliana d’aois agus níos óige
- 8 – 11 bhliain d’aois
- 12 – 15 bliana d’aois
- 16 – 18 mbliana d’aois
- Catagóir do ghrúpaí
Chun iarratas a dhéanamh
- Píosa ealaíne físiúla úrnua a CHRUTHÚ!
- TÓG grianghraf de leagan digiteach dó nó déan é a scanadh.
- Déan d’iontráil a UASLÓDÁIL, in éineacht le ráiteas gearr ealaíontóra, ar rte.ie/thisisart.
Déanfaidh painéal neamhspleách moltóirí athbhreithniú ar gach saothar ealaíne incháilithe ansin, agus cuirfear ar taispeáint iad inár ndánlann This Is Art! ar líne. Beidh saothair a roghnófar le feiceáil ar chláir fógraí na n-údarás áitiúil ar fud na tíre agus ar na meáin shóisialta.
An téama
Is é ‘Is Inspioráid é Seo’ téama chomórtas na bliana seo.
Is éard a deir an moltóir Amanda Coogan: “Is éard atá i gceist le hinspioráid a thabhairt ná ‘borradh a chur faoi rud’ agus tá mé ag tnúth go mór le fáil amach céard é féin a thugann inspioráid duit. Céard iad na smaointe atá roghnaithe agat chun borradh a chur fúthu? Agus cén chaoi ar shocraigh tú é sin a dhéanamh? Tá an treoir thar a bheith oscailte agus tá muid ag súil go mór d’fhreagraí ina leith a fheiceáil!”
Beidh na buaiteoirí grúpa ó TIA!2022 Lottie agus Rosie Billington (deirfiúracha) as Cathair na Mart i gContae Mhaigh Eo (Grúpa) le feiceáil sa tsraith theilifíse atá le teacht This Is Art Club! agus molann siad do gach duine cruthaitheach a n-iontrálacha a chur isteach.
“B’iontach an rud é duais This is Art! sa chatagóir do ghrúpaí a bhuachan, bhí an-ionadh orainn. Thaitin sé go mór linn an iontráil a bhí againn ‘Surf On Turf’ a chruthú toisc go dtaitníonn sé linn ár gcuid samhlaíochta a chur ag obair agus nithe a dhéanamh as an nua. Is breá agus is daite a bhí an corn a bhuaigh muid. Bhuaigh muid ceardlann freisin i ndéanamh priontaí don rang ar fad ar scoil agus beidh muid ag tabhairt faoi níos deireanaí i mbliana, tá ríméad orainn go mbeidh muid in ann ár nduais a roinnt lenár gcairde go léir. Mholfadh muid go mór do gach duine cur isteach ar chomórtas TIA! toisc gur féidir leat a bheith an-chruthaitheach agus píosa ealaíne a dhéanamh as aon rud. Is iontach an rud é nach gcaithfidh tú cloí le tomhas amháin nó aon chineál amháin ealaíne ar leith. Is í an sceitseáil an ní ealaíne is fearr linn faoi láthair (Lottie) agus is maith linn nithe a chruthú leis an inneall fuála a fuair mé ó Dhaidí na Nollag (Rosie)”
Na Duaiseanna
Bronnfar duaischiste d’os cionn €10,000 sna catagóirí éagsúla do bhreisoideachas agus dearbháin bainteach le healaín.
Na dátaí
- Is é an 13 Márta an dáta oscailte d’iarratais
- Is é meán oíche an 8 Bealtaine an dáta deireanach le haghaidh iarratas
- Fógrófar na buaiteoirí ar Chruinniú na nÓg ar an 10 Meitheamh 2023
Tá tuilleadh eolais, sonraí agus téarmaí agus coinníollacha uile an chomórtais le fáil ar www.rte.ie./thisisart.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Éire Ildánach, téigh chuig https://www.creativeireland.gov.ie/en/about/.