Na hiomaitheoirí is éirimiúla in Éirinn á dtástáil ag Claire Byrne i gclár nua tráth na gceist “Ireland’s Smartest” ar RTÉ One
Fillfidh Claire Byrne ar scáileáin teilifíse na hÉireann chun an chéad chlár úrnua tráth na gceist a chur i láthair, clár ina mbeidh na daoine is éirimiúla in Éirinn agus a bhfuil suim mhór acu i dtráth na gceist á dtástáil ag Claire. Chuaigh na léiritheoirí ó cheann ceann na hÉireann chun iomaitheoirí a aimsiú, iomaitheoirí a bhfuil an-eolas acu agus a mbeidh an t-ardmholadh deiridh… Ireland’s Smartest (An duine is Éirimiúla in Éirinn tuillte acu).
Dé Domhnaigh an 2 Aibreán ag 7:30pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player a chuirfear tús leis an tsraith nua deich gclár.
Is éard a dúirt Claire Byrne, “Tá na daoine is éirimiúla in Éirinn aimsithe ag an gclár ‘Ireland’s Smartest’ le dul san iomaíocht i dtráth na gceist a scrúdaíonn an t-eolas uile atá acu agus a chuireann brú mór orthu. Is clár go hiomlán difriúil é seo dom agus bhí mé faoi dhraíocht ag na hiomaitheoirí ó ar fud na hÉireann atá in ann na freagraí cearta ar roinnt ceisteanna fíorchasta a chur ar fáil os comhair na soilse, dhéine an stiúideo, lucht féachana agus iad faoi bhrú ag an gclog. Is iontach an píosa spraoi é, beidh go leor teannais ann agus beidh tú in ann tú féin a thástáil in aghaidh na ndaoine is éirimiúla agus tú ar do chompord ar do tholg féin ag fanacht go bhfaighidh tú amach cé a thabharfaidh leis an teideal don Duine is Éirimiúla in Éirinn!
Ní faoin méid eolais atá agat amháin an clár seo – is faoi do mhisneach a choinneáil freisin é! Tá idir luas agus straitéis i gceist. Sa chlár Ireland’s Smartest cuirfear ábhar spraoi ar fáil do dhaoine ina seomraí suí ar fud na hÉireann ar oícheanta Domhnaigh an tEarrach seo.
Beidh triúr iomaitheoirí san iomaíocht i ngach clár os comhair lucht féachana díograiseach sa stiúideo agus rachaidh siadsan chun cinn trí struchtúr an chomórtais – ó na babhtaí cáilithe go dtí na Babhtaí Leathcheannais go dtí an Babhta Ceannais – ach ní féidir ach duine amháin an tsraith a thabhairt leo.
Cuirfear tús le Ireland’s Smartest le babhta eolais ghinearálta agus ina dhiaidh sin beidh babhta na gcatagóirí ina mbeidh deis ann pointe breise a bhuachan gach uair a bhrúnn iomaitheoir an cnaipe go luath le freagra. Beidh orthu na ceisteanna a fhreagairt go sciobtha nó fanacht chun na roghanna a fheiceáil rud a fhágann gur cluiche é seo a chuireann luas agus straitéis ag obair i gcoinne a chéile.
Díbrítear an t-iomaitheoir a bhfuil an scór is lú aige roimh an mbabhta deiridh sciobtha agus tabharfaidh an bheirt iomaitheoirí dheireanacha a bheidh fanta aghaidh ansin ar a chéile. Úsáidtear triail ama ar leith sa bhabhta seo ina leagann an chéad iomaitheoir am ar leith amach don iomaitheoir eile agus caitheann an t-iomaitheoir eile an t-am sin a shárú ansin. An mbeidh an céile comhraic in ann an clog a stopadh sula rithfidh an t-am amach – agus an lámh in uachtar a fháil?
Cé a bhuafaidh an teideal Ireland’s Smartest (An Duine is Éirimiúla in Éirinn)?
Bí ag féachaint ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player Dé Domhnaigh an 2 Aibreán ag 7:30pm. Beidh an tsraith seo ar siúl feadh 10 seachtaine.