Tús á chur ag RTÉ le Clúdach Sé Náisiún Tik Tok
Beifear ábalta féachaint ar gach cluiche beo ar an aer ar RTÉ agus Virgin Media Television ó Dé Sathairn an 25 Márta
PROMO ANSEO: https://youtu.be/np-FPszQAUA
Cuirfear tús le clúdach Sé Náisiún Tik Tok 2023 Dé Sathairn an 25 Márta ina ndéanfar gach cluiche a chraoladh go cothrom idir RTÉ2, an RTÉ Player, RTÉ Radio 1 agus Virgin Media agus tá an chuma air gur craobhchomórtas den chéad scoth a bheidh ann.
Tá RTÉ ag cur rugbaí na mban chun tosaigh le níos mó ná 15 bliana anuas agus i mbliana tá siad ag ceiliúradh 10 mbliana ó craoladh foireann rugbaí ban na hÉireann beo ar an aer den chéad uair ar theilifís RTÉ – an Chaithréim Mhór stairiúil a bhuaigh siad in aghaidh na hIodáile sa bhliain 2013.
Is é Daire O’Brien a chuirfidh clúdach Sé Náisiún Tik Tok i láthair ar RTÉ agus beidh na hanailísithe seo a leanas ina theannta; Fiona Coughlan a bhí ina captaen ar fhoireann rugbaí ban na hÉireann a bhuaigh na Sé Náisiún, an Chaithréim Mhór agus an Choróin Thriarach den chéad uair riamh sa bhliain 2013, iarbhuaiteoirí na Sé Náisiún Paula Fitzpatrick agus Hannah Tyrrell chomh maith le hiar-imreoir rugbaí idirnáisiúnta agus réalta spóirt as Éirinn Lindsay Peat.
Cuirfear tús le Sé Náisiún Tik Tok Dé Sathairn an 25 Márta leis an gcluiche idir an Bhreatain Bheag agus Éire ag 2.15pm ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player agus ina dhiaidh sin beidh Sasana agus Albain ar Virgin Media Two ag 4.45pm. Craolfar an cluiche idir an Iodáil agus an Fhrainc Dé Domhnaigh an 26 Márta ar an RTÉ Player ó 3pm.
Beidh an craobhchomórtas ar siúl ar feadh thréimhse chorraitheach 6 seachtaine go dtí an 29 Aibreán. I mbabhta 2 tabharfaidh Éire aghaidh ar an bhFrainc Dé Sathairn an 1 Aibreán ag 3.15pm ar Virgin Media One agus tabharfaidh Albain aghaidh ar an mBreatain Bheag ag 5.30pm ar an RTÉ Player. Cuirfear tús leis an gcluiche idir Sasana agus an Iodáil Dé Domhnaigh an 2 Aibreán ag 3pm ar Virgin Media Two.
Is éard a dúirt Declan McBennett, Ceannasaí Spórt RTÉ: “Ó tharla go bhfuil rugbaí na hÉireann ag dul ó neart go neart, tá sé ríthábhachtach go leanfar d’fhorbairt a dhéanamh ar chluichí na mban agus go dtiocfaidh feabhas ar an gcaighdeán. Gné amháin de seo ná na deiseanna níos mó a bheidh ag RTÉ agus ag Virgin Media na cluichí a thaispeáint de réir mar a chraolann muid cluichí saor go haer agus mar a tharraingíonn muid aird ar ghaiscí na bhfoirne náisiúnta uile.”
Lean an t-aicsean go léir i Sé Náisiún Tik Tok 2023 ó Dé Sathairn an 26 Márta ag 2.15pm beo ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player.