DIY SOS: The Big Build Ireland ag filleadh leis an 4ú séasúr a bheidh ina ábhar inspioráide!
Casfaidh Baz Ashmawy agus a fhoireann le ceithre theaghlach a bhfuil an t-athchóiriú tuillte go maith acu i gCorcaigh, Baile Átha Luain, Inis agus Sligeach sa tsraith nua
Tá an clár DIY SOS: The Big Build Ireland ar ais don cheathrú sraith, clár a fheabhsaíonn saol daoine trína dtithe a atógáil. Cuirfear tús leis an tsraith nua Dé Domhnaigh an 26 Márta ag 6.30pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player. Casfaidh an Príomhspreagthóir Baz Ashmawy le ceithre theaghlach i gCorcaigh, i mBaile Átha Luain, in Inis agus i Sligeach sa tsraith seo a bhfuil athchóiriú tuillte go maith acu
Beidh foireann den scoth a chúnamh do Baz. Is iad na dearthóirí mór le rá Aoife Rhattigan a bheidh i mbun na tógála i gCorcaigh agus Kerry Hiddleston a bheidh ag dearadh na dtithe eile atá fanta i mBaile Átha Luain, Inis agus Sligeach. Is é Diarmuid Gavin a bheidh i mbun na ndearaí casta garraí i dtrí cinn de na tithe agus is í Leonie Cornelius a bheidh i gceannas ar dhearadh uaillmhianach garraí i mBaile Átha Luain. Tá cáil ar an gclár DIY SOS as barr cumais daoine a spreagadh agus éiríonn sé sin níos soiléire tar éis gach tógála.
Ba í 2022 an bhliain is gnóthaí ag foireann DIYSOS go dtí seo agus ceithre theach agus garraí curtha i gcrích acu. Mar gheall ar an bhflaithiúlacht agus tacaíocht a thug foireann thiomanta d’oibrithe deonacha agus soláthróirí, d’éirigh leo na tithe agus garraithe fíoráille seo a chríochnú, gach ceann acu deartha go cúramach chun freastal ar na riachtanais ar leith atá ag na ceithre theaghlach a bhfuil sé tuillte go maith acu.
Sa chéad chlár tabharfaidh Baz agus a fhoireann faoi athchóiriú dúshlánach i gcathair Chorcaí. Is as Corcaigh Adam Drummond atá 22 bliain d’aois agus bhíodh sé ag imirt cispheil d’Éirinn tráth. Tá sé ag dul in oiriúint dá shaol anois agus é i gcathaoir rothaí. Thit Adam, a bhíodh ag imirt cispheile leis an gcoláiste sna Stáit Aontaithe, ó airde i mBealtaine na bliana 2021 agus tá sé ráite leis nach bhfuil ach seans aon faoin gcéad ann go mbeidh sé in ann siúil arís.
Ó tharla go bhfuil teach Drummond go hiomlán mí-oiriúnach do chathaoir rothaí, thug foireann DIY SOS faoin atógáil dhúshlánach seo le go mbeidh Adam in ann bogadh ar ais sa teach lena mhuintir. Tá súil ag an bhfoireann go mbeidh siad in ann Adam agus a theaghlach a threorú ar bhealach dearfach agus é ag dul i dtaithí dá shaol sa i gcathaoir rothaí agus ag an am céanna go mbeidh an neamhspleáchas atá ag teastáil uaidh mar aosach óg aige.
Rinneadh an scannánú ar an dara clár i mBaile Átha Luain i gCo. na hIarmhí, áit ar athchóirigh foireann d’oibrithe deonacha teach an fhir dóiteáin Pa Berry a bhain gortuithe uafásacha dó agus é ar dualgas. Is mar gheall ar na gortuithe sin nach bhfuil sé in ann obair a dhéanamh agus a bhfuil bóthar fada dian téarnaimh amach roimhe.
Casfar le teaghlach Mulvey-Sydney in Inis i gCo. an Chláir sa tríú clár. Bhí neamhord neamhchoitianta ón mbroinn ar a dtugtar “Lumbar Sacral Agenesis” ag gabháil do Isabella Mulvey-Sydney, atá trí bliana déag d’aois anois, nuair a rugadh í agus mar gheall air sin baineadh an dá chos di nuair a bhí sí seacht mbliana d’aois.
I gclár 4, an clár deiridh, bhailigh an fhoireann a gcuid uirlisí ar fad agus thug siad a n-aghaidh ar Chúil Áine i Sligeach chun casadh le Claire Carpenter agus a páirtí Ross Mannion agus a dtriúr leanaí óga. Tháinig an fhoireann DIY SOS agus an pobal áitiúil le chéile ina sluaite chun oiriúnuithe ríthábhachtacha a dhéanamh ar an teach le go mbeadh Claire in ann teacht abhaile ón ospidéal i ndiaidh di stróc tromchúiseach a fháil.
Tá mórtas ar SSE Airtricity urraíocht a dhéanamh ar DIY SOS: The Big Build Ireland.
Bí ag féachaint ar an tsraith nua de DIY SOS: The Big Build Ireland Dé Domhnaigh an 26 Márta ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.
Nótaí: Ghlac tógálaithe áitiúla go díograiseach le ról an tsaoiste ar DIY SOS i ngach láthair ar leith: Is e Brandon Duarte ó MMD Construction a rinne maoirseacht ar an tógáil i gCorcaigh, agus is iad Richie Doyle agus Nicky McMahon a bhí i mbun maoirseachta i mBaile Átha Luain. Is iad Custy Construction a bhainistigh an tionscadal mór aisfheistithe in Inis agus is iad G&M Construction a rinne maoirseacht ar thógáil an-speisialta i Sligeach. Is é Stephen Brennan ó Kirby Group Engineering a rinne maoirseacht ar an obair athshreangaithe ar fad le linn na tógála agus bhí Helena Ryan ann i gcónaí ag coinneáil súil ghéar ar chúrsaí sláinte agus sábháilteachta sna timpeallachtaí fiáine oibre seo.