Clúdach speisialta chun comóradh a dhéanamh ar 25 bliain Chomhaontú Aoine an Chéasta fógartha ag RTÉ
Déanfaidh RTÉ comóradh 25 bliain Chomhaontú Aoine an Chéasta a cheiliúradh sna seachtainí beaga atá amach romhainn le roinnt cláracha faisnéise suntasacha, craoltaí speisialta nuachta agus cúrsaí reatha beo, chomh maith le podchraoltaí, ábhar digiteach agus ábhar ón gcartlann agus iniúchadh á dhéanamh ar thábhacht agus ar ábharthacht an Chomhaontaithe sa lá atá inniu ann. I measc na gclár a chraolfar ar RTÉ beidh mórshraith faisnéise ina dhá chuid, The Agreement, arna chur i láthair ag Miriam O’Callaghan, fadscannán faisnéise faoi ról an Athar Alec Reid, agallaimh eisiacha le Bill agus Hilary Clinton ar Prime Time, cláracha agus craoltaí speisialta ag teacht chugainn ó Thuaisceart Éireann le Morning Ireland, Drivetime, The Week in Politics, Adhmhaidin agus An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra; tuairiscí cuimsitheacha nuachta ar gach ardán, sraith de phodchraoltaí i dtrí chuid dar teideal Your Politics, clúdach tarraingteach ar chúrsaí ealaíon le filíocht agus aistí ar RTÉ Radio 1 agus ócáid náisiúnta in Amharclann na Mainistreach á chraoladh beo ar an teilifís, seirbhís reiligiúnach ilchreidmheach, chomh maith le hábhar uathúil cartlainne agus digiteach ar RTE.ie.
Craolfar The Agreement, clár faisnéise suntasach ina dhá chuid á chur i láthair ag Miriam O’Callaghan, dhá oíche as a chéile ar RTÉ One agus ar RTÉ Player, ag tosú Dé Luain an 3 Aibreán ag 9.35pm. Déanann an clár seo scrúdú ar an idirbheartaíocht ghéar as ar eascair socrú cuimsitheach polaitiúil an Tuaiscirt in Aibreán na bliana 1998 agus ar an bhfeachtas reifrinn cinniúnach a bhí ar siúl sna seachtainí ina dhiaidh sin. Agus é á léiriú do RTÉ ag Fine Point Films, i gcomhar le hOllscoil na Banríona, Béal Feirste, is é Trevor Birney a stiúir an tsraith. Tá agallaimh ann le hiarPhríomh-Aire na Ríochta Aontaithe Tony Blair, leis an Seanadóir George Mitchell agus le daoine eile a raibh róil thábhachtacha acu san idirbheartaíocht.
Déanfar staidéar grinn sa tsraith faisnéise seo ar an idirbheartaíocht stairiúil as ar eascair an chéad reifreann a bhí ar bun ar oileán iomlán na hÉireann ó bhí 1918 ann agus a raibh 94% de na toghthóirí in Éirinn agus os cionn 70% de thoghthóirí an Tuaiscirt páirteach ann. Cuireann na cláir béim ar na himeachtaí ba chúis le John Hume agus David Trimble Duais Nobel na Síochána a roinnt de bharr na hoibre a bhí déanta acu ag cur réitigh chun cinn a chuirfeadh deireadh leis an gcoimhlint. Fiú sa lá atá inniu ann tá gnéithe áirithe de Chomhaontú Aoine an Chéasta, amhail pobalbhreith a d’fhéadfadh a bheith ann faoin teorainn, á scrúdú athuair ag na polaiteoirí agus ag an bpobal araon.
Taispeánfar an fadscannán faisnéise, The Secret Peacemaker, den chéad uair ar RTÉ One ag 10.30pm ar Dhomhnach Cásca. Insíonn an scannán faisnéise seo fíorscéal neamhghnách faoin mhisean rúnda a bhí ag sagart Éireannach, an tAthair Alec Reid, chun stop a chur leis an marú i dTuaisceart Éireann. Sa chlár faisnéise nua seo déantar cur síos ar an scéal spreagúil a bhaineann leis an Athair Alec Reid, an sagart d’Ord an tSlánaitheora a tógadh i dTiobraid Árann agus a bhí ar dhuine de na hidirbheartaithe bhí ag obair ar an gcomhaontú i dtús ama, rud a chuir iontas ar dhaoine. I 1988, bhí an tAthair Reid le feiceáil ag an domhan mór den chéad uair nuair a tógadh grianghraf de agus é ag iarraidh beatha cheannaire airm de chuid na Breataine a bhí ag fáil bháis a shábháil, i ndiaidh uafás a tharla ag sochraid de chuid an IRA. Bhí aghaidh chráite an Athar Reid agus an ola dheireanach á cur aige ar an bhfear a bhí ag fáil bháis ina siombal den choimhlint a mhair tríocha bliain. Ach, rud nár thuig mórán, thaispeáin an grianghraf céanna sin an síochánaí rúnda i mbun a chuid oibre. I bpóca a sheaicéid ag an Athar Reid bhí na chéad cháipéisí de phlean a chabhródh le deireadh a chur leis na Trioblóidí.
Cuirfidh cláir agus iriseoirí Nuacht RTÉ clúdach cuimsitheach ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge, ar an gcomóradh agus tuairiscí leathana agus cuntais phearsanta ag tabhairt léargais dúinn i rith sheachtain na Páise. Tabharfaidh Vincent Kearney, Eagarthóir an Tuaiscirt Nuacht RTÉ agus Conor Macauley, Comhfhreagraí an Tuaiscirt léargas dúinn ar na scéalta polaitiúla, déanfaidh siad anailís shaineolach chomh maith le tuairisc a thabhairt ar nuacht an lae. Féachfaidh news2day, clár nuachta RTÉ do leanaí, leis na himeachtaí a thit amach 25 bliain ó shin a dhéanamh intuigthe do lucht féachana de gach aois le físeán mínithe speisialta, chomh maith le tuairiscí faoi shaol na ndaoine óga atá ina gcónaí ar dhá thaobh na teorann sa lá atá inniu ann. Déanfaidh RTE.ie/news agus aip RTÉ News tuairisciú cuimsitheach ar an gcomóradh agus an chaoi a bhfuil tionchar i gcónaí ag an gcomhaontú ar Thuaisceart Éireann. Is féidir le leantóirí Nuacht RTÉ a bheith ag súil le hábhar saincheaptha ar fud ardáin na meán sóisialta, lena n-áirítear éisteacht leis an ábhar dóchais agus na smaointe atá ag na daoine óga a d’fhás aníos i ré na síochána agus na sábháilteachta. Déanfaidh físeáin mhíniúcháin, a bheidh gearr agus inroinnte, castachtaí an chomhaontaithe a bhriseadh síos agus cuirfidh siad i gcuimhne don lucht féachana cérbh iad na príomhghníomhaithe a thug chun críche é.
Déanfaidh Prime Time an comóradh a cheiliúradh trí dhíriú ar an am atá thart, ar an saol faoi láthair agus ar an todhchaí mar a bhaineann le Tuaisceart Éireann, lena n-áirítear díospóireacht bheo sa stiúideo, tuairiscí ar na daoine is mó a d’fhulaing de bharr na dTrioblóidí agus an méid atá bainte amach idir an dá linn. Dé Máirt an 4 Aibreán beidh agallaimh eisiacha ar an gclár le hiar-Uachtarán na Stát Aontaithe Bill Clinton, agus lena Bhean, Hilary Clinton, a bhí ina dhiaidh sin ina Státrúnaí sna Stát Aontaithe.
Déardaoin an 6 Aibreán, cuirfidh Miriam O’Callaghan eagrán fada, speisialta de Prime Time i láthair ó Bhéal Feirste. Beidh sí ag tuairisciú ón dá thaobh de na ballaí ollmhóra síochána a scarann na pobail ó chéile i mBéal Feirste. Beidh sí ag labhairt le hAontachtaithe agus le Náisiúnaithe a mhaireann faoi scáth na mballaí, d’fhonn a fháil amach cén fáth, agus é 25 bliain ó aontaíodh Comhaontú Aoine an Chéasta, gur beag suim atá ag daoine iad a leagan. Buaileann an t-iriseoir de chuid Prime Time, Louise Byrne, leis an gcéad leanbh a rugadh i dTuaisceart Éireann tar éis do Chomhaontú Aoine an Chéasta a bheith sínithe, agus í féin agus a tuismitheoirí i mbun machnaimh ar an tionchar a bhí ag an gcomhaontú ar a saol. Agus i gceantar Ardoyne i dTuaisceart Bhéal Feirste, roinneann tuismitheoirí na bpáistí a scríobhfaidh an chéad chaibidil eile de stair Thuaisceart Éireann a gcuid smaointe ar an díbhinn síochána mar a thugtar air. Tuairiscíonn an Comhfhreagraí Slándála Barry Cummins faoin gcaoi a bhfuil íospartaigh na coimhlinte fágtha i ngalar na gcás mar thoradh ar bhille de chuid rialtas na Ríochta Aontaithe a chuirfeadh deireadh le himscrúduithe, agus ar an tráma leanúnach a choinníonn siar na daoine a gortaíodh agus iad siúd a bhfuair daoine muinteartha leo bás.
Le ceiliúradh a dhéanamh ar an gcomóradh tiocfaidh ó go leor taobhanna éagsúla den scoilt pholaitiúil i dTuaisceart Éireann le chéile i gclár speisialta de The Week in Politics a chraolfar beo ó Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, Dé Domhnaigh an 2 Aibreán agus é á chur i láthair ag Áine Lawlor.
Cuirfidh an podchraoladh móréilimh de chuid RTÉ, Your Politics, sraith de phodchraoltaí speisialta i dtrí pháirt i láthair chun ceiliúradh a dhéanamh ar an gcomóradh agus léargas á thabhairt ar na cainteanna a bhí ar bun sular síníodh an Comhaontú. Díreofar ar na mná a raibh ról ríthábhachtach acu mar a bhain le Comhaontú Aoine an Chéasta agus breathnófar chun cinn.
Beifear in ann féachaint ar an gclúdach ar ócáid chultúrtha náisiúnta ag ceiliúradh 25 bliain Chomhaontú Aoine an Chéasta in Amharclann na Mainistreach, Dé Domhnaigh an 2 Aibreán ag 6pm ar chainéal RTÉ News agus déanfar é a shruthú ar fud an domhain ar RTÉ Player. Beidh léirithe filíochta ó bhéal agus léirithe ceoil i gceist, chomh maith le roinnt ábhar polaitiúil.
Craolfaidh RTÉ seirbhís ilchreidmheach Déardaoin Mandála, ag comóradh 25 bliain an chomhaontaithe, agus grúpa ilghnéitheach de cheannairí reiligiúnacha agus ceannairí pobail, lucht síochána, gníomhaithe, marthanóirí agus baill de theaghlaigh na ndaoine a d’fhulaing sna Trioblóidí ag teacht le chéile. Is féidir breathnú ar an tseirbhís a thosóidh Déardaoin an 6 Aibreán ar RTÉ One ó 4.40pm agus is féidir éisteacht léi ó 7.00pm ar RTÉ Radio 1 Extra.
Déanfaidh RTÉ Radio 1 an comóradh a cheiliúradh le roinnt cláracha agus tuarascálacha speisialta ar fud an sceidil. Ar an Aoine 31 Márta, cuirfidh Drivetime eagrán speisialta den chlár i láthair chun comóradh a dhéanamh, agus Sarah McInerney ag craoladh ó Stiúideonna RTÉ i mBaile Átha Cliath agus Cormac Ó hEadhra ag comhláithriú ón Guildhall i nDoire.
Ar Aoine an Chéasta, 7 Aibreán, cuirfidh Morning Ireland clár speisialta i láthair beo as Béal Feirste agus Rachael English agus Áine Lawlor ag féachaint siar ar na himeachtaí staire, chomh maith le hagallaimh thábhachtacha agus tuairiscí speisialta.
Ar Aoine an Chéasta chomh maith, ag 1.45pm, craolfaidh RTÉ Radio 1 Field of Peace, gné ghairid filíochta don raidió ina ndéanfar machnamh ar ábhair na coimhlinte, an réitigh agus na síochána. Beidh focail agus ceol le cloisteáil ar an gclár ó scríbhneoirí agus ó chainteoirí clúiteacha as Éirinn chomh maith le scríbhneoirí agus cainteoirí idirnáisiúnta.
Ar Sunday with Miriam O’Callaghan ar RTÉ Radio 1 cloisfear agallamh le David Kerr agus Tim Attwood, an bheirt fhear a d’eagraigh an cheolchoirm cháiliúil Concert for Yes, tráth ar ardaigh Bono lámha David Trimble agus John Hume san aer ar an stáitse.
Oíche Dé Domhnaigh ag 7.30pm, beidh sraith d’aistí le scríbhneoirí as Tuaisceart Éireann nó scríbhneoirí atá ina gcónaí i dTuaisceart Éireann, dar teideal Impermanence, ar siúl ar RTÉ Radio 1. Ba é an Centre Culturel Irlandais i bPáras a choimisiúnaigh é seo agus gabhann sé guthanna éagsúla Thuaisceart Éireann an oíche roimh chomóradh 25 bliain Chomhaontú Aoine an Chéasta. Tá an scríbhneoireacht bunaithe ar an taithí poiblí agus pearsanta a bhí ag na rannpháirtithe. Sna haistí seo cuirtear ceisteanna agus freagraítear ceisteanna atá poiblí, oifigiúil agus príobháideach faoina bhfuil i gceist le bheith i do chuid d’áit a bhfuil an oiread sin grinnscrúdú poiblí agus cainte déanta air le blianta fada agus a bheith i do chónaí ann. I measc na rannpháirtithe tá Jan Carson, Kerri Ní Dhochartaigh, Neil Hegarty, Carlo Gebler, Susan McKay, Paul McVeigh, Maria McManus, Gail McConnell agus Henrietta McKervey.
Beidh cláracha nuachta agus cúrsaí reatha RTÉ Raidió na Gaeltachta ag comóradh síniú Chomhaontú Aoine an Chéasta le dhá chlár beo ó Bhéal Feirste le linn dheireadh seachtaine na Cásca.
Dé Sathairn 8 Aibreán ag 11.00am, beidh An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra i mbun plé painéil le Póilín Ní Chiaráin, Fergus Ó hÍr, Máirín Hurndall, Ciarán Mac Giolla Bhéin agus Gráinne Ní Ghréacháin faoi na hathruithe is mó atá tarlaithe sa tuaisceart ó síníodh an Comhaontú cúig bliana fichead ó shin, agus faoi na dúshláin atá fós le sárú.
Maidin Dé Luain ag 8.00am, craolfaidh RnaG eagrán speisialta dhá uair an chloig den chlár cúrsaí reatha Adhmhaidin ó stiúideonna Raidió Fáilte i mBéal Feirste. Breathnóidh an clár siar ar an tréimhse cinniúnach sin i stair Thuaisceart Éireann a thug síocháin chuig an réigiún ar deireadh thiar. Pléifidh painéal na gnéithe dearfacha agus diúltacha a bhaineann leis an gComhaontú, mar a fheictear iad don dá phríomhphobal ó thuaidh. Cloisfimid ón nglúin óg faoin gcineál todhchaí ba mhaith leo a fheiceáil, agus an bhfuil nó nach bhfuil Comhaontú Aoine an Chéasta in ann na rudaí a bhfuil siad ag dúil leo a bhaint amach.
Sna seachtainí amach romhainn beidh fáil ar RTÉ.ie/goodfriday ar rogha d’ailt scríofa ar líne chomh maith le hábhar cartlainne uathúil a thugann léargas ar na himeachtaí 25 bliain ó shin.