DRÁMAÍOCHT ÉIREANNACH AR RTÉ IS EA BUN AGUS BARR NA BLIANA 2023
RTÉ fós ag tabhairt tús áite do dhrámaíocht as Éirinn agus níos mó ná 63 uair an chloig d’ábhar bunaidh Éireannach sceidealaithe
Is cosúil gur bliain ghnóthach a bheidh sa bhliain 2023 do dhrámaíocht bhunaidh as Éirinn ar RTÉ agus beidh níos mó ná 63 uair an chloig de dhrámaíocht bhunaidh as Éirinn á craoladh ar fud RTÉ One, RTÉ2, RTÉ Player agus RTÉ Radio 1. Craoladh Smother agus The Dry ar RTÉ One le déanaí agus tá siad fós ar an RTÉ Player agus is léir go bhfuil an-tóir orthu leis an lucht féachana in Éirinn. Tá na séasúir nua de KIN agus SisterS á gcraoladh faoi láthair. Is ábhar bunaidh as Éirinn iad Clean Sweep, The Gone, Obituary, Hidden Assets 2 agus Storyland atá á léiriú faoi láthair agus beidh siad le feiceáil ar an scáileán níos deireanaí i mbliana. Raidió RTÉ: Craolfaidh Drama On One ar RTÉ Radio 1 na drámaí buaiteacha ó Ghradaim PJ O’Connor agus séasúr Samuel Beckett agus ag an am céanna beidh bailiúcháin nua ar líne ar fáil amhail Drámaí Gaeilge agus bailiúchán John Boorman.
Is cuid é seo de straitéis leanúnach RTÉ cur leis an bhforbairt atá á déanamh aige i leith ábhar drámaíochta trí infheistíocht a dhéanamh i dtionscal cruthaitheachta na hÉireann agus an scoth d’Éirinn a thaispeáint trí scannánaíocht a dhéanamh ar fud na tíre. Tacaíonn an straitéis seo freisin le fostú na gcéadta ar fud an tionscail d’fhonn níos mó sraitheanna drámaíochta as Éirinn a chur ar fáil ar an teilifís agus ar an RTÉ Player, rud atá tábhachtach, áit a bhfuil tóir níos mó ag an lucht féachana ar sraitheanna a bhfuil script leo. Leanann comhpháirtíochtaí in Éirinn agus thar lear araon ag cumasú léiriú na ndrámaí iontacha bunaidh seo as Éirinn.
Is éard a dúirt Jim Jennings, Stiúrthóir Ábhair RTÉ: “Tugtar le fios leis an taighde ar fad atá déanta againn go bhfuil lucht féachana na hÉireann ag iarraidh breathnú ar dhrámaíocht atá déanta in Éirinn, atá lonnaithe in Éirinn agus atá scríofa ag scríbhneoirí as Éirinn. Tá siad ag iarraidh breathnú orthu beo ar an teilifís nó ar éileamh ar an RTÉ Player. Leis an méadú atá tagtha ar an rogha drámaíochta atá ann, a d’fhorbair RTÉ agus a fuair tacaíocht ó RTÉ, le cuidiú ó na comhpháirtithe sa bhaile agus thar lear, tá ag éirí linn an riachtanas sin a chomhlíonadh agus an drámaíocht is fearr as Éirinn a thaispeáint ar an ardán idirnáisiúnta freisin.”
DRÁMAÍOCHT BHUNAIDH AS ÉIRINN Ó RTÉ – AR FÁIL ANOIS AGUS AG TEACHT GO LUATH
Smother
Is í an tsraith dheireanach de Smother, a tosaíodh á craoladh Dé Domhnaigh an 5 Feabhra i mbliana, an chéad cheann den iliomad sraith dhrámaíochta atá le craoladh ar RTÉ i mbliana. Is é Dathaí Keane a stiúir an tsraith agus is iad Kate O’Riordan, Ursula Rani Sarma, Tom Farrelly agus Sonya Kelly a scríobh í agus arís eile tá sí bunaithe ar theaghlach Ahern. Rinneadh an scannánú ar Smother sa Leacht i gCo. an Chláir agus is iad Treasure Entertainment a léirigh é. Bhí an-tóir air mar a bhí riamh agus 400,000 ar an meán agus sciar 29% de lucht féachana líneach ag breathnú ar an tríú sraith ar RTÉ One (+1) agus rinneadh 587,000 sruth ar an iomlán ar an RTÉ Player idir na trí shraith. Tá an tsraith díolta cheana féin le Peacock sna Stáit Aontaithe agus le Alibi sa Ríocht Aontaithe.
The Dry
Cuireadh The Dry, an dráma-choiméide atá ainmnithe do ghradam BAFTA agus a bhfuil an-súil leis, i láthair den chéad uair ar RTÉ One an 1 Márta agus cuireadh eipeasóidí uile na sraithe sin ar fáil ar an RTÉ Player ag an am céanna. Ní dhearnadh sin riamh cheana agus d’éirigh go hiontach leis mar gur breathnaíodh air 538,000 uair ar an RTÉ Player taobh istigh de cheithre seachtaine. Insíonn an scríbhneoir Nancy Davis scéal Shiv Sheridan a fhilleann ar Bhaile Átha Cliath i ndiaidh di blianta a chaitheamh ar an ragairne i Londain agus atá ag iarraidh a bealach a dhéanamh sa ré nua seo dá saol. Ach níl sé chomh héasca sin fanacht den ól agus í ar ais i gcomhluadar a teaghlaigh.
KIN
Is in Éirinn agus sa Spáinn a rinneadh an scannánú ar an dara sraith de KIN le Peter McKenna le linn an tsamhraidh agus an fhómhair anuraidh ó tharla gur éirigh go hiontach leis an gcéad séasúr. D’fhill KIN ar RTÉ ar an 19 Márta, agus is iad Clare Dunne, Charlie Cox, Emmett J Scanlan, Aidan Gillen, Mary Doyle Kennedy agus Sam Keeley príomhaisteoirí na sraithe. Beidh orthu aghaidh a thabhairt ar chéilí comhraic nua spéisiúla ina dteaghlach, ina bpobal féin agus ó thar lear freisin. Tá Felix Thompson, Kate Dolan, Christine Molloy agus Joe Lawlor i measc stiúrthóirí Nua KIN. I ndiaidh na chéad eipeasóide i sraith a dó, bhreathnaigh 524,000 duine ar an meán ar an eipeasóid ar RTÉ 1 (+1) agus rinneadh 305,000 sruthú, líon éachtach ar fad, ar an dá shraith ar an RTÉ Player.
SisterS
Is comhléiriú de chuid na hÉireann agus Cheanada arna léiriú ag Peer Pressure agus Shaftesbury, i gComhar le Mermade agus Gaze Pictures é SisterS agus is é Declan Lowney, buaiteoir BAFTA, a stiúir é (Fr Ted agus Ted Lasso). Craolfar SisterS ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player ón oíche anocht, an 30 Márta, ar clár grinn-drámaíochta dorcha é faoi bheirt bhan, ar rugadh iad ar mhór-ranna éagsúla, i gCeanada agus in Éirinn, a fhaigheann amach gur leathdheirfiúracha iad agus a thugann faoi thuras
bóthair chun a n-athair a aimsiú, ar alcólach é. Is é seo an chéad tsraith atá scríofa ag Sarag Goldberg agus Susan Stanley, ar dlúthchairde cearta iad, agus is iad príomhaisteoirí na sraithe freisin iad.
Clean Sweep
Is scéinséir sé chlár é Clean Sweep a léirigh ShinAwiL agus a taifeadadh i gCill Mhantáin agus i mBaile Átha Cliath. Is faoi bhean atá fanta sa bhaile ag tabhairt aire dá triúr páistí an tsraith seo agus í ag iarraidh déileáil le sceidil chasta na leanaí fad agus a cúlra dorcha féin a cheilt ag an am céanna. Nil a fhios ag a fear céile dada faoin saol a bhí aici roimhe seo, a oibríonn ina bhleachtaire leis na Gardaí mar a tharlaíonn sé. Ach cá fhad a bheidh sí in ann an méid sin a cheilt air? Is iad Charlene McKenna, Rhys Mannion agus Barry Ward príomhaisteoirí na sraithe. Craolfar Clean Sweep an samhradh seo ar RTÉ.
Hidden Assets 2
Rinneadh sraith eile de Hidden Assets, an scéinséir idirnáisiúnta coireachta, a fhorbairt ó tharla gur éirigh go maith leis an gcéad sraith. Is i Luimneach agus in Antuairp a rinneadh an scannánú ar Hidden Assets agus is iad Siobhán Bourke agus Kathryn Lennon ó Saffron Moon a bhí i mbun léirithe leis na comhpháirtithe infheistíochta Acorn, Fís Éireann, Screen Flanders, Streamz agus Mediafonds sa Bheilg agus Facet 4 i gCeanada agus is é DCD Rights an comhpháirtí dáilte idirnáisiúnta. Craolfar sraith 2 atá scríofa ag Peter McKenna, Sinead Collopy, Susan Connolly, Marty Fox agus Mary Thornton ar RTÉ an fómhar seo agus is iad Thaddeus O Sullivan agus Kadir Balci a bhí i mbun stiúrtha arís ar an tsraith. Beidh Noora-Jane Noone le feiceáil sa dara sraith i dteannta Simone Kirby, Wouter Hendricks, Cathy Belton agus Aaron Monaghan atá ar ais arís.
The Gone
Is scéinséir nua sé chlár é The Gone atá suite sa Nua-Shéalainn atá scríofa ag Anne McPartlin agus Michael Bennett. Tá an tsraith i mbun iarléirithe faoi láthair agus tá sé le craoladh an fómhar seo. Sraith é seo faoi bheirt as Éirinn atá sna fichidí a théann ar iarraidh agus a bhfuil seans ann go raibh baint ag teaghlach coireachta as Éirinn leis an mbeirt a bheith imithe as radharc. Cuirtear tús le comh-fhiosrúchán coireachta idir an Nua-Shéalainn agus Éire. Is é Richard Flood, a bhí ag aisteoireacht in Grey’s Anatomy le déanaí, atá i ról an phromhbhleachtaire as Éirinn. Is iad Blinder Films agus Kingfisher Films a chomhléirigh The Gone i gcomhar le Southern Light Films (an Nua-Shéalainn) do RTÉ agus TV New Sealand agus is iad Red Arrow Studios a bhí i mbun dáileadh idirnáisiúnta.
Obituary
Craolfar Obituary chomh maith an fómhar seo. Scéal dorcha grinn é seo faoi iriseoir óg áitiúil a bhíodh ag scríobh scéalta báis agus atá anois ina dúnmharfóir srathach ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Is í Siobhán Cullen as The Dry príomhaisteoir na sraithe. Sraith sé chlár é seo a léirigh comhlacht
léiriúcháin atá lonnaithe i nGaillimh, Magamedia i gcomhar le comhlacht as an bhFrainc About Premium Content do RTÉ agus do Hulu sna Stáit Aontaithe. Chríochnaigh siad an scannánaíocht le déanaí i mBéal Átha Seanaidh i nDún na nGall.
Blackshore
Is iad an dream céanna a chruthaigh Smother a bhí i mbun an scéinséara nua mistéire Blackshore. Bíonn ar bhleachtaire filleadh ar a baile dúchais nuair a théann bean as an gceantar ar iarraidh. Cé gur cás faoi dhuine a bheith ar iarraidh a bhíonn ann ar dtús, ní fada go mbíonn an scéal i mbéal an phobail agus rúin uafásacha ag teacht chun solais faoina cúlra tubaisteach féin. Is í an scríbhneoir Kate O’Riordan (Smother, The Bay) a chruthaigh an tsraith agus is é Daithí Keane (Smother) a bhí i mbun stiúrtha. Treasure Entertainment a léirigh an tsraith agus is í Lisa Dwan (Top Boy, Bloodlands) príomhaisteoir na sraithe.
Storyland
Anuraidh a craoladh Storyland den chéad uair ar RTÉ2 le trí dhráma aonair bunaidh iontacha ar leith. Tá scripteanna nua coimisiúnaithe arís ag Storyland RTÉ, i gcomhar le Fís Éireann, lena gcur ar fáil ar scáileáin teilifíse na hÉireann agus is é mar chuspóir leis an bealach a réiteach do scríbhneoirí, stiúrthóirí agus léiritheoirí an lae amárach. Léiríonn na scéalta éagsúla agus barántúla seo an cheird agus an bhunúlacht a choinneoidh earnáil drámaí teilifíse na hÉireann, atá ag fás go tapa, ag imeacht. Leanann RTÉ, i gcomhar le Fís Éireann, de dhaoine cumasacha nua éagsúla agus smaointe úra a aimsiú, a chur chun cinn agus dua a chaitheamh leo trí Storyland chun gairmeacha nua a chur chun cinn agus borradh a chur faoin tionscal iomlán.
Raidió RTÉ: Drama on One
Cuirfidh podchraoladh RTÉ Drama On One (rte.ie/dramaonone) 20 uair an chloig de dhrámaíocht nua leis an gcartlann ar líne atá acu agus cuirfidh siad fáilte roimh Clare Dunne, Angeline Ball, John Connors agus Pat Kinevane a bhfuil gradam Olivier buaite aige. Sna seachtainí atá amach romhainn, craolfaidh RTÉ Drama On One drámaí buaiteacha ó Ghradaim PJ O’Connor (8pm gach Domhnach ar RTÉ Radio 1), agus séasúr Samuel Beckett agus beidh bailiúcháin nua ar líne amhail drámaí Gaeilge agus bailiúchán John Boorman le fáil ar leathanach baile RTÉ Drama On One (rte.ie/dramaonone) agus gach ardán podchraolta.
Áirítear AMC, Sundance, Acorn, ITV Studios, Bron, A&E agus Viaplay ar na comhpháirtithe idirnáisiúnta. Chuidigh na comhpháirtithe sin, le tacaíocht ó Fhís Éireann agus ó chiste WRAP, na sraitheanna sin a thabhairt do lucht féachana thar lear agus tá Smother anois ar fáil in 160 áit agus tá Hidden Assets díolta cheana féin le príomhchraoltóirí lena n-áirítear BBC, France TV agus SBS Australia.