The Secret Peacemaker le taispeáint den chéad uair ar RTÉ One Domhnach Cásca
Clár dráma faisnéise le craoladh faoi fhíorscéal iontach mhisean rúnda an Athar Alec Reic i dTuaisceart Éireann
Chun comóradh a dhéanamh ar 25 bliain ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta Bhéal Feirste ar an 10 Aibreán 1998, déantar cur síos sa chlár dráma faisnéise ceannródaíoch seo, a bheidh le craoladh ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player, ar scéal inspioráideach an Athar Alec Reid, an sagart radacach d’Ord an tSlánaitheora a d’fhás aníos i dTiobraid Árann, ar chuir a fhís, a dhúthracht agus a thaidhleoireacht rúnda deireadh le coimhlint armtha i Tuaisceart Éireann.
In 1988, tar éis dó blianta a chaitheamh ag seachaint an phreasa agus aird phoiblí d’aon turas, a tarraingíodh aird an domhain ar an Athair Reid ar dtús nuair a glacadh grianghraf de agus é ag iarraidh beatha cheannaire de chuid na Breataine, a bualadh agus a caitheadh le linn an méid a tharla tar éis sochraide de chuid an IRA, a shábháil. Léirigh éadan cráite an Athar Reid agus é ag cur na hola déanaí ar an gceannaire an chuid is fearr agus an chuid is measa den tionchar daonna a bhí ag na Trioblóidí.
I ngan fhios áfach don chuid is mó de dhaoine, bhí fear sa phictiúr freisin a bhí i mbun oibre ag iarraidh síocháin a bhaint amach. Bhí na chéad cáipéisí a bhain le plean nuabhunaithe chun deireadh a chur leis an gcoimhlint i bpóca sheaicéad an Athar Reid an lá sin.
Bunaithe ar agallaimh a taifeadadh leis an Athair Reid sular bhásaigh sé deich mbliana ó shin, déantar cur síos sa scannán seo ar a mhisean síochána uaillmhianach agus contúirteach chun deireadh a chur leis an marú. Casfaimid le roinnt de phríomhpháirtithe an dráma sin, go leor de a tháinig chun solais faoi rún. Áirítear ar rannpháirtithe an chláir iar-Phoblachtánaigh agus paraimíleataigh Dhílseacha, Jake Mac Siacais agus David “Packie” Hamilton; cinn réitigh, Monica McWilliams, an tUrramach Harold Good agus an tUrramach Ken Newell; iar-Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams; iarLeas-Cheannaire SDLP, Bríd Rodgers; iar-Cheannaire UUP, Mike Nesbitt; an Coimisinéir d’Íospartaigh agus do Mharthanóirí, Ian Jeffers; agus na hiriseoirí, Tim Pat Coogan, Brendan O’Brien agus Mark Devenport.
Ag trácht dó faoin Athair Alec:
“Bhí sé ag iarraidh teacht ar réiteach sa chúlra. Ba é sin mian a chroí. An grá agus comhbhá” – David “Packie” Hamilton”, iar-pharaimíleatach Dílseach.
“Tá mé ag ceapadh gur rud cruógach a bhí ann “I represent the next victim” a rá mar gur chuir sé éadan leis an íospartach. Ba dhuine a bhí ann. D’fhéadfadh sé gur duine ó do theaghlach féin a bheadh ann.” – Ian Jeffers, an Coimisinéir d’Íospartaigh agus do Mharthanóirí.
“Thuig an tAthair Reid an tábhacht a bhí le síceolaíocht chothú na síochána, agus is é sin nuair a shuíonn tú síos chun síocháin a dhéanamh, ní le do chuid cairde a dhéanann tú í.” – Monica McWilliams, Gníomhaí um Chearta an Duine agus Comhbhunaitheoir Chomhghuaillíocht Ban Thuaisceart Éireann.
“Tá mé ag ceapadh go mbeadh sé mícheart cuimhneamh ar Alec Reid mar dhuine soineanta nó naofa. B’fhear phraiticiúil a bhí ann. Bhí a fhios aige an bealach le daoine a raibh sé in ann muinín a bheith aige astu a aithint agus daoine a aithint a raibh muinín acusan ann féin.” – Brendan O’Brien, Údar agus Iriseoir.
Áirítear sa scannán chomh maith míreanna drámatúla athchruthaithe d’imeachtaí tábhachtacha ina bhfuil Marty Rea, an t-aisteoir Éireannach mór le rá, i bpáirt an Athar Alec.