BUAILIMÍS BÁIRE! SEOLANN RTÉ CLÚDACH Ó THOSACH GO DEIREADH BÁIRE AR CHRAOBHCHOMÓRTAIS CLG
Cláracha nua, gnéithe nua agus daoine nua ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne, ionas go gcuirtear clúdach ó thosach go deireadh báire ar fáil do lucht leanta CLG ar an uile ardán suite nó ar na bonnacha · 31 Cluiche beo ar theilifís RTÉ agus ar RTÉ Player agus tráchtaireacht i nGaeilge ar chluichí áirithe · Clár nua buaicphointí ar an Satharn, The Saturday Game, ar RTÉ2 · Cluichí beo go heisiach ar GAAGO · Trácht ar gach uile chluiche ar RTÉ Radio 1 · Buaicphointí ar líne nua go heisiach
Sheol RTÉ inniu (Dé Céadaoin, an 5 Aibreán 2023) clúdach Chluichí Craoibhe CLG 2023 ag ócáid i Stiúideo 5, RTÉ – bunáit The Sunday Game. Bhí na láithreoirí Joanne Cantwell, Jacqui Hurley agus Damian Lawlor i dteannta anailísithe CLG RTÉ Peter Canavan, Joe Canning, Lee Keegan, Ursula Jacob, David Tubridy, Jackie Tyrrell agus Cora Staunton agus mionsonraí faoi chlúdach RTÉ ar na Comórtais Craoibhe ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne á bhfógairt.
Beidh clúdach beo níos mó sa bhliain 2023 ar Chraobhchomórtais CLG ar RTÉ agus GAAGO i mBéarla agus i nGaeilge le 31 cluiche beo ar theilifís RTÉ agus RTÉ Player chomh maith le cluiche ceannais Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha agus an dá chluiche leathcheannais chomh maith leis an gcluiche ceannais i gCorn Tailteann.
Den chéad uair riamh an séasúr seo, beidh buaicphointí cluichí faoi leith ar fáil ar láithreán gréasáin RTÉ agus ar na meáin shóisialta.
Beidh an t-aicsean beo ar The Sunday Game Live á chur i láthair arís ag Joanne Cantwell. Chomh maith leis an gclár seasmhach seanbhunaithe ar gnáthchuid den saol é tráthnóna Domhnaigh, The Sunday Game leis an láithreoir nua Jacqui Hurley, beidh clár nua buaicphointí tráthnóna Sathairn, The Saturday Game, á chur i láthair
ag Damian Lawlor. Tá tiomantas RTÉ don chlúdach camógaíochta ag dul ó neart go neart agus feicfear 11 cluiche beo á gcraoladh ar an teilifís i mbliana.
Beidh tráchtaireacht i nGaeilge ar fáil ar chainéal RTÉ News agus ar an RTÉ Player i gcás cluichí áirithe (a fhógrófar in am trátha) agus beidh cur i láthair iomlán i nGaeilge le painéal anailísithe á chur fáil den chéad uair riamh don chluiche ceannais i gCraobh Uile-Éireann na hiománaíochta agus na peile.
Chomh maith leis an gclúdach ar theilifís RTÉ, tá cearta eisiacha ag GAAGO ar 38 cluiche sna Craobhacha Uile-Éireann 2023: 22 cluiche sa Chraobh Peile, naoi gcinn sa Chraobh Iomána agus seacht gcinn de na cluichí do Chorn Tailteann. Beidh seach-chraoladh ar leibhéal craoladh teilifíse á dhéanamh ar níos mó ná 30 cluiche le hábhar grafaice, tráchtaireacht agus anailís bheo, córas ilcheamaraí agus deis athfhéachana. Beidh meithle nua anailíse faoi stiúir Ghráinne McElwain don dá chluiche agus beidh Michael Murphy, Marc Ó Sé agus Paddy Andrews (peil), Seamus Hickey, Tommy Walsh agus Eoin Cadogan (iománaíocht) ar na hanailísithe, chomh maith le tuilleadh a fhógrófar tráth is faide anonn.
Le clúdach cuimsitheach RTÉ ar Chraobhchomórtais CLG ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne, cinntítear clúdach ardchaighdeáin saor ó tháille ar an aer ag an lucht féachana in Éirinn 12 mí na bliana nuair a thugtar clúdach ar Shraithchomórtais Allianz agus Craobhchomórtais AIB na gClub san áireamh.
Deir Jim Jennings, Stiúrthóir Ábhair RTÉ; “Ábhar ríméid ag RTÉ an clúdach is cuimsithí go dtí seo ar na hardáin go léir ar chomórtais Craoibhe CLG a sheoladh. Tá ionad lárnach ag CLG i saol na ndaoine ar fud na hÉireann agus is ábhar mórtais againn níos mó cluichí, cláracha nua agus anailís saineolaithe a chur ar fáil ó thús go deireadh an tséasúir.”
I mbliana, beidh clúdach cuimsitheach ar na craobhchomórtais iománaíochta agus peile á chur ar fáil ar RTÉ Radio 1 don lucht éisteachta in Éirinn agus thar lear. Cuirfear síneadh ama le Saturday Sport, á chraoladh gach deireadh seachtaine ón 2 i.n., do na cluichí móra tráthnóna agus, mar a bhí riamh, beidh tráchtaireacht agus anailís ar Sunday Sport gach deireadh seachtaine go n-imrítear na cluichí ceannais iomána agus peile. Craolfar The Championship, á chur i láthair ag Damian Lawlor, gach tráthnóna Aoine ar RTÉ Radio 1 ag a 10 i.n. agus beidh sin ar fáil mar phodchraoladh ó am lóin ar an Aoine.
Áirítear ar na tráchtairí do na cluichí Pauric Lodge, Darragh Maloney, Marty Morrissey, Ger Canning, Adrian Eames agus John Kenny chomh maith leis an bpainéal de na hanailísithe is fearr, a bheidh le feiceáil ar ardáin uile RTÉ ar feadh an tsamhraidh. Leanann Game On ar RTÉ 2FM ón 6 i.n. laethanta na seachtaine ar feadh an tsamhraidh leis an ábhar tuairimíochta agus anailíse is deireanaí faoi na cluichí Craoibhe.
Ag RTÉ Raidió na Gaeltachta atá na cearta Gaeilge do chluichí uile Chraobhchomórtais CLG agus tá samhradh spleodrach spóirt i ndán don lucht éisteachta le tráchtaireacht bheo, tuairiscíocht, agallaimh agus anailís tar éis na gcluichí ar na cláracha spóirt ar an deireadh seachtaine Spórt an tSathairn, Spórt an Tráthnóna agus Spórt an Lae. Áirítear ar na hanailísithe peile Dara Ó Cinnéide, Lorcán Ó Máirtín, Coman Goggins, Máire Ní Bhraonáin, Tomás Ó Flatharta, Gary
Brennan, Stephen Joyce agus Charlie Vernon, agus beidh Michael Rice, Joe Connolly, Cathal Moore, Pat Fleury agus Claire O’Connor ar an láthair ina n-anailísithe iománaíochta ag RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Beidh nuacht ar an toirt, blaganna beo, tuairiscí ar chluichí agus tuairimí ina leith á gcur ar fáil ag RTÉ ar www.rte.ie/sport agus ar aip RTÉ News le hanailís saineolais, gnémhíreanna agus agallaimh le Lee Keegan, Enda McGinley agus Shane McGrath, iar-shárimreoirí na bliana, ina gcolúnaithe chomh maith le podchraoladh faoi dhó sa tseachtain le roinnt dár gcuid anailísithe iomráiteacha. Den chéad uair riamh, beidh buaicphointí cluichí faoi leith ar fáil ar RTÉ.ie/sport agus ar chuntais RTÉ Sport ar na meáin shóisialta. Coinnigh ar an eolas le The Sunday Game ar Twitter, Instagram agus Facebook go bhfeictear togha agus rogha na mbuaicphointí, na hanailíse agus na díospóireachta.