RTÉ & ITV ag coimisiúnú an Dara Sraith den Dráma Grinn a fuair ainmniúchán BAFTA The Dry do Theilifís RTÉ, RTÉ Player agus ITVX
Lucht féachana in hÉirinn ag breathnú ar The Dry ina sluaite agus beagnach 600,000 sruth déanta ar an RTÉ Player go dtí seo.
D’fhógair RTÉ, i gcomhpháirtíocht le ITV inniu, go bhfuil an dara séasúr den dráma grinn The Dry, a bhfuil ardmholadh faighte aige, á choimisiúnú do RTÉ agus ITVX. Beidh sé á léiriú ag Element Pictures, i gcomhar le Fís Éireann/Screen Ireland agus ITV Studios.
Fillfidh an drámadóir agus an scríbhneoir scáileáin a fuair ainmniúchán BAFTA Nancy Harris (Dates) agus an stiúrthóir aitheanta Paddy Breathnach (Viva, Rosie) le haghaidh an dara séasúr, a bheidh á shruthú go heisiach ar RTÉ agus ar ITVX an bhliain seo chugainn. Cuireadh an chéad séasúr ar fáil saor in aisce ar ITVX agus ar Theilifís RTÉ an mhí seo caite agus is féidir é fheiceáil ar an RTÉ Player freisin.
Beidh Róisín Gallagher ar ais linn i bpáirt an alcólaigh atá ag teacht chuici féin, Shiv Sheridan, mar aon leis na haisteoirí rialta ón gcéad sraith. Tabharfar tuilleadh sonraí faoin bhfoireann aisteoirí in am trátha.
Tosaíonn an dara sraith seacht mí ar aghaidh ó imeachtaí na chéad sraithe, agus buailimid anois leis na Sheridans ina ngnáthshaol nua. Shílfeadh duine ar bith go bhfuil an teaghlach réasúnta sásta: Tá Shiv éirithe as an ól, í geanmnaí agus sócmhainneach anois le sé mí, d’éirigh le Ant a jab ag an ngníomhaire eastáit a choinneáil chomh maith lena chaidreamh le Max, agus tá Caroline ag déanamh suas don am a chaill sí agus í ag bualadh craicinn le gach duine a chastar uirthi ar Tinder. Go dtí seo, tá rudaí mar a bhíonn de ghnáth… Nó an bhfuil? Tar éis an tsaoil, cé chomh normálta is atá sé go mbeadh triúr daoine fásta fós ina gcónaí sa bhaile lena dtuismitheoirí? Agus an bhfuil na Sheridans sásta i ndáiríre leis an status quo nua seo, nó an amhlaidh go bhfuil siad tar éis a gcuid mífheidhmiúlachta a athrú agus deis eile féindiúltú a aimsiú a oireann dóibh?
Tá rún ag Shiv go bhfanfaidh sí ón ól i ndáiríre an uair seo, agus go gcoinneoidh sí na rudaí gangaideach a mbíonn tionchar acu uirthi amach as a saol go deo. Ach an bhféadfadh sé go bhfuil an bhagairt is mó do sheasmhacht Shiv níos gaire do bhaile? Rud amháin é an t-alcól a fhágáil i do dhiaidh … Ach do theaghlach a fhágáil i do dhiaidh?
Dúirt Nana Hughes, Ceann an Ghrinn Scripte le ITV: “Tá an-áthas orainn a bheith ag comhoibriú arís le Nancy Harris, atá thar a bheith cumasach agus ainmniúchán BAFTA faighte aici, le Element Pictures, le Paddy agus an fhoireann agus a bheith ag filleadh ar theaghlach Sheridan le haghaidh an dara séasúr de The Dry, a bheidh ar ITVX in 2024.”
Chuir Emma Norton, Léiritheoir Feidhmiúcháin Element Pictures, leis an méid sin agus dúirt sí: “Thit muid ar fad i ngrá le muintir Sheridan i séasúr a haon agus is iontach an rud é a bheith in ann deis eile a fháil tuilleadh ama a chaitheamh ina gcomhluadar agus gach rud ina chíor thuathail. Tá snáithe scéil iontach ag Nancy don séasúr seo agus Paddy ag filleadh, lenár bhfoireann aisteoireachta agus an criú iontach seo as Éirinn, chun an chéad chuid eile den scéal a thabhairt chun beatha.”
Dúirt an scríbhneoir scáileáin Nancy Harris: “Tá ríméad an domhain orm faoin dara séasúr seo de The Dry agus deis a fháil tuilleadh faoi na Sheridans a thabhairt ar ais go dtí an scáileán. Cuireann sé lúcháir orm a bheith ar ais ag obair leis an bhfoireann ensemble dochreidte seo, agus leis an stiúrthóir Paddy Breathnach agus tá mé ar bís faoin treo ina rachaidh an seó an séasúr seo. Tá na carachtair ar fad ag éirí níos doimhne agus ag forbairt agus tá dúshláin acu go léir – beidh siad thuas seal thíos seal, agus ní hamháin iad sin a bhfuil dúil san ól acu…”
Dúirt Dermot Horan, Stiúrthóir Éadálacha & Comhléirithe RTÉ: “Bhain ár lucht féachana an-taitneamh as an gcéad séasúr de The Dry. Bhraitheamar i gcónaí go raibh go leor scéalta eile le hinsint faoi na daoine éagsúla de theaghlach Sheridan. Dá bhrí sin, tá ríméad orainn go bhfuil Nancy, Paddy agus foireann Element ar ais chun sraith eile a chur in ár láthair. Cúis áthais dúinn freisin a bheith ag obair lenár gcomhpháirtithe áitiúla, Fís Éireann agus Scéim Fuaim agus Fís an BAI, agus lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta, ITVX agus ITV Studios, atá ag tabhairt an scéil áitiúil seo as Éirinn chuig lucht féachana sa Ríocht Aontaithe agus ar fud an domhain. Tá beagnach 600,000 amharc faighte ag The Dry ar an RTÉ Player go dtí seo, is iontach an t-éacht é sin do dhrámaíocht áitiúil na hÉireann.”
Beidh Emma Norton, Ed Guiney agus Andrew Lowe ag obair ina léiritheoirí feidhmiúcháin do Element Pictures, in éineacht le Nancy Harris agus Paddy Breathnach. Tá ITV Studios ag láimhseáil an dáilte dhomhanda do THE DRY.