Kevin Bakhurst le ceapadh ag RTÉ ar an gcéad Phríomh-Stiúrthóir eile
***Ráiteas arna eisiúint ag RTÉ thar ceann Bhord RTÉ***
Kevin Bakhurst le ceapadh ag RTÉ ar an gcéad Phríomh-Stiúrthóir eile
Tá fógartha inniu ag RTÉ go mbeidh Kevin Bakhurst á cheapadh ar an gcéad Phríomh-Stiúrthóir eile ar RTÉ tar éis do Bhord RTÉ próiseas earcaíochta leitheadach iomaíochta a bhainistiú. Tiocfaidh Kevin Bakhurst i gcomharbacht ar Dee Forbes mar Phríomh-Stiúrthóir ar RTÉ nuair a thagann deireadh lena téarma ar an 11 Iúil 2023.
Bhí Kevin Bakhurst roimhe seo ina Bhainisteoir Stiúrtha, Nuacht & Cúrsaí Reatha, in RTÉ agus ina Leas-Phríomhstiúrthóir idir Meán Fómhair 2012 – Deireadh Fómhair 2016. Bhí sé ar dhuine d’Fheidhmeannacht RTÉ freisin ar feadh na tréimhse sin agus rinne sé fónamh ina Phríomh-Stiúrthóir gníomhach ar feadh sé mhí lena linn.
Ag trácht dó ar an gceapachán, dúirt Kevin Bakhurst: “Is onóir agus ábhar ríméid dom dul i mbun ról an Phríomh-Stiúrthóra. Tá ról lárnach le RTÉ i saol na hÉireann agus daoine ardéirimiúla ann atá tugtha d’ábhar iontaofa sármhaith a chur ar fáil don lucht féachana. Tá dúshláin mhóra agus iomaíocht ar leibhéal domhanda le sárú ag RTÉ agus táim cinnte gur féidir linn an t-athrú ardaidhme atá de dhíth a thabhairt i gcrích ionas go mbraitheann an lucht féachana fiúntas agus tábhacht linn i gcónaí. Táim ag tnúth go mór le dul i mbun oibre.”
Sular fhill sé ar RTÉ, bhí Kevin Bakhurst ina Stiúrthóir Grúpa, Craoladh agus Ar Líne, ag Ofcom agus é ina chomhalta de bhord Ofcom. I measc na gcúraimí a bhí ar Kevin, bhí an Straitéis agus an Beartas Craolacháin a cheapadh maidir le rialáil craolacháin sa Ríocht Aontaithe, an creat rialála maidir leis an BBC a leagan amach agus a chur i bhfeidhm, caighdeáin eagarthóireachta do chraoltóirí na Ríochta Aontaithe a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, agus ceannródaíocht a dhéanamh maidir leis an obair faoi Chraoladh Seirbhíse Poiblí na Ríochta Aontaithe sa todhchaí, obair ar tháinig reachtaíocht nua de chuid an rialtais de thoradh díreach air. Rinne sé ceannródaíocht freisin maidir le hobair Ofcom ar Bheartas Sábháilteachta Ar Líne nua na Ríochta Aontaithe agus chuir sé foireann 350 duine le chéile chun sin a thabhairt i bhfeidhm, foireann nua sonraí agus teicneolaíochta san áireamh, agus múnlaíodh le linn an phróisis sin claochlú ginearálta ar Ofcom d’fhonn na dualgais nua a chomhlíonadh.
Idir na blianta 2006 agus 2012, rinne Kevin Bakhurst fónamh i réimse de phostanna sinsearacha eagarthóireacht leis an BBC, ina measc Ceannasaí, BBC News Channel agus Leas-Cheannasaí ar Sheomra Nuachta an BBC ón mbliain 2005. Bhí sé ina chomhalta freisin de Choiste Stiúrtha an BBC maidir le Cluichí Oilimpeacha na bliana i Londain.
Ina Phríomh-Stiúrthóir dó ar RTÉ, beidh á éileamh ar Kevin Bakhurst an eagraíocht a thabhairt chun cinn i dtimpeallacht meán cumarsáide atá faoi athrú tréan, an tráth céanna a gcinntítear ionad tábhachtach RTÉ sa saol poiblí in Éirinn.
Deimhneoidh RTÉ in am tráth dáta oifigiúil tosach feidhme Kevin Bakhurst ina Phríomh-Stiúrthóir ar RTÉ.
Ag trácht di ar cheapachán Kevin Bakhurst, dúirt Siún Ní Raghallaigh, Cathaoirleach RTÉ: “Cúis mhór áthais dom fáiltiú roimh fhógra an lae inniu maidir le ceapachán Kevin Bakhurst ar an gcéad Phríomh-Stiúrthóir eile ar RTÉ. Tagann an ceapachán de thoradh ar phróiseas comórtais earcaíochta agus roghnaigh Bord RTÉ Kevin d’aon ghuth. Tá raon iomadúil taithí ag Kevin ar réimsí éagsúla den tionscal, scileanna ceannródaíocht den scoth agus dúthracht díograise maidir le gach gné den chraoladh seirbhíse poiblí agus a thabhairt chun cinn. Tá Kevin á cheapadh tráth a bhfuil deiseanna agus athruithe i gceist do RTÉ. Táimse agus mo chuid comhghleacaithe ar an mBord ag tnúth le hoibriú in éineacht le Kevin agus sinn ar fad tugtha d’eagraíocht bhláfar atá inmharthana ó thaobh cúrsaí airgeadais a bheith i bhfeidhm in RTÉ.”
Maidir le Bord RTÉ
Ceaptar Bord RTÉ go neamhspleách chun maoirseacht a dhéanamh ar ghnóthaí oibriúcháin RTÉ.
12 Comhalta a bhíonn ar Bhord RTÉ:
- Ceaptar seisear de chomhaltaí an Bhoird arna n-ainmniú ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Spóirt, Gaeltachta agus Meán.
- Molann Comhchoiste an Oireachtais maidir le Turasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt, an Ghaeltacht agus na Meáin ceathrar comhaltaí don Aire.
- Is comhalta ex officio Príomh-Stiúrthóir RTÉ.
- Ceaptar ball foirne amháin de chud RTÉ tar éis toghchán a eagrú.
Tá liosta de Chomhaltaí Boird RTÉ agus dátaí a gcuid téarmaí ar fáil ar https://about.rte.ie/inside-rte-2/rte-board/