RTÉ ar ais ag Bord Bia Bloom 202
Tá Marty Whelan ó RTÉ lyric fm réidh chun an chóisir gairdín is fearr riamh a eagrú, agus tabharfaidh Celine Byrne a céad seó ar lyric fm chuig an bpríomhstáitse ag Bloom.
Tá Marty Morrissey agus Áine Lawlor ar ais le Bloom ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player
Beidh Countrywide á chraoladh beo ar RTÉ Radio 1.
Tabharfaidh RTÉjr aghaidh ar Stáitse na bPáistí, Budding Bloomers
RTÉ lyric fm ag Bord Bia Bloom 2023
Tá ríméad ar RTÉ lyric fm a bheith ar ais i bPáirc an Fhionnuisce le Bord Bia Bloom. Le ceol iontach, rogha an cheoil ó lyric fm agus imeachtaí eisiacha do chuairteoirí a thagann chuig Bord Bia Bloom, tá an chosulacht ar an scéal go mbeidh láithreacht RTÉ lyric fm i mbliana ar an gceann is fearr go dtí seo agus é ag bogadh chuig an bpríomhstáitse.
Cuirfidh Marty Whelan tús le Bord Bia Bloom 2023 ar an bpríomhstáitse le ceol beo den scoth, comhrá agus aíonna speisialta ó 10-12 meán lae Déardaoin an 1 Meitheamh. Agus í ar an gcóisir gairdín is fearr riamh, bí i gcuideachta Marty le haghaidh caife na maidine, corr scéal grinn faoi aithreacha agus b’fhéidir go n-éireodh leat Marty Moustache a phiocadh suas! Éist le Marty in the Morning i rith na seachtaine idir 7:00 agus 10:00 ar RTÉ lyric fm, sula dtosóidh Bord Bia Bloom le heolas nua a fháil faoi na himeachtaí agus an deis pas chuig Bord Bia Bloom a bhuachan.
Ar Movies and Musicals Dé Sathairn, thug an láithreoir Aedín Gormley le fios dá héisteoirí go mbeidh an soprán liricí agus réalta ceoldrámaíochta, Celine Byrne, a bhfuil cáil dhomhanda uirthi, ag teacht isteach mar aoi-láithreoir nuair a bheidh sí féin ar a laethanta saoire. Agus tá RTÉ lyric fm agus Bord Bia Bloom ar bís faoi a bheith ag láithriú Movies and Musicals Live le Celine Byrne Dé Sathairn 3 Meitheamh 2023. Mar chuid den chlár speisialta seo, a chraolfar lasmuigh, beidh ceol beo agus comhrá le Celine Byrne agus a haíonna, chomh maith le cúpla rud a chuirfidh iontas orainn ón bpríomhstáitse ag Bord Bia Bloom. Beidh rud éigin speisialta ann dóibh siúd a thagann chuig Bloom agus d’éisteoirí lyric fm a bheidh ag tiúnáil isteach ar fud na tíre idir 13:00 agus 15:00. Tá tuilleadh sonraí fós le fógairt, bí ag éisteacht le RTÉ lyric fm agus coinnigh súil ar na cuntais shóisialta le haghaidh nuashonruithe. Craoltar Movies and Musicals, a bhfuil gradaim buaite aige, ó 1:00- 4:00pm gach Satharn ar RTÉ lyric agus tá léirmheasanna iontacha faighte le déanaí ag ceolchoirmeacha Movies and Musicals le Ceolfhoireann Choirme RTÉ, a bhí díolta amach.
Idir an dá linn, craolfaidh George Hamilton a chlár, The Hamilton Scores, beo ó Ródaí RTÉ ag an nGairdín Múrtha, Dé Domhnaigh 4 Meitheamh idir 10:00 agus 13:00. Ní hamháin go mbeidh cuid den cheol is fearr agus scéalta óna chuid taistil ag George, ach beidh roinnt spotdhuaiseanna aige freisin. Bí cinnte mar sin agus bualadh isteach le heileo a rá.
RTÉjr, RTÉ Radio 1, RTÉ One agus RTÉ Player
Beidh RTÉjr agus RTÉ Kids le feiceáil freisin i sceideal an deiridh seachtaine sa Chrios nua do Pháistí Budding Bloomers, áit a gcuirfidh RTÉjr Storybud i láthair ar an scáileán mór. Beir ar do phluid picnice agus éist le Storybud ag cur casadh spórtúil Éireannach ar scéalta sí clasaiceach, agus iad á n-insint ag daoine aitheanta, lena n-áirítear Jason Byrne, Baz Ashmawy, Doireann Garrihy, Deirdre O’Kane agus go leor eile nach iad.
Beidh RTÉjr ina óstach freisin ar an Dioscó do pháistí DJ for a Day. Is iad na páistí a roghnóidh an ceol, beidh páistí i mbun sealaíochta mar dhioscmharcaigh, beidh damhsóirí agus ábhar iontais ann ag an dioscó spraíúil seo inar féidir le páistí de gach aois a bheith páirteach. Féadfaidh tuismitheoirí atá ina bpáistí móra a gcuid bróga damhsa a thabhairt leo freisin! Bí ag éisteacht le RTÉjr Radio agus coinnigh súil ar na cuntais shóisialta le deis a fháil a bheith i do DJ ar feadh Lae ag Bord Bia Bloom.
In áiteanna eile, beidh an draoi gairmiúil aitheanta a bhfuil an-chion air Joe Daly (ar a dtugtar an “Magical Delivery Man” sa chlár teilifíse do pháistí ar RTÉjr, Dizzy Deliveries) ag cur seó draíochta beo i láthair. Beidh an slua páirteach agus an draíocht an-ghar duit, rud a chinnteoidh go bhfágfaidh an lucht féachana Bloom ag iad ag creidiúint sa draíocht. Agus tabharfaidh Mark Langtry (Let’s Find Out) a sheó eolaíochta beo chugainn, chun fiosracht a spreagadh i bpáistí de gach aois, agus neart iontais a chur orainn.
Craolfar Countrywide, a bhíonn á chur i láthair ag Philip Boucher-Hayes ar RTÉ Raidió 1, beo ó Bhord Bia Bloom Dé Sathairn 3 Meitheamh idir 08:10 agus 09:00, agus beidh Marty Morrissey agus Áine Lawlor ar ais ar RTÉ a hAon agus ar RTÉ Player le Bloom, agus léargas á thabhairt acu ar an spraoi agus ar an dath le linn dheireadh seachtaine saoire bainc mhí an Mheithimh ag Bord Bia Bloom.