Stair an Cheoil Sól á Scrúdú ag Ceolfhoireann Coirme RTÉ
Bain taitneamh as na clasaicí ón gceol sól a bhain cáil amach leis na hamhránaithe Aretha Franklin, James Brown, Ray Charles, Al Green, Jackie Wilson, Curtis Mayfield, Bessie Smith agus neart eile.
History of Soul: Aistear trí cheann de na stíleanna ceoil is dúisithí san 20ú haois ina mbeidh páirt ag Tommy Blaize, an réalta amhránaíochta ó Strictly Come Dancing.
Bí i dteannta Guy Barker, Ceoltóir Comhlach Cheolfhoireann Coirme RTÉ agus máistir ar an snagcheol, de réir mar a dhéanann sé scrúdú ar leith ar stair an cheoil sól sa Cheoláras Náisiúnta ar an 18 Bealtaine in éineacht le Ceolfhoireann Coirme RTÉ agus an t-amhránaí mór le rá Vanessa Haynes, an réalta amhránaíochta ó Strictly Come Dancing Tommy Blaize agus an stiúrthóir clúiteach David Brophy.
I measc chóiriú ceoil Guy atá fíorálainn ó thaobh na fuaime, beidh ceol le cloisteáil ó dhaoine mór le rá sa cheol sól, leithéidí Aretha Franklin, James Brown, Ray Charles agus Bessie Smith, agus beidh amhráin mhóra ann ar nós Respect, Chain of Fools, Reet Petite, Take me to the River agus go leor leor eile.
Trumpadóir, máistir banna agus cumadóir ab ea Guy Barker agus tá sé ar dhuine de na cóiritheoirí is mó a lorgaítear sa lá atá ann inniu: “Beidh muid ag déanamh iniúchadh ar stair an cheoil sól chomh fada siar chuig fréamhacha an cheoil gaspal agus blues. Tosóidh muid le saothar Bessie Smith sna 1920idí lena n-áirítear ceol Jackie Wilson agus Curtis Mayfield ó na 1950idí ar an mbealach, suas chomh fada leis na 1970idí ina bpléifidh muid saothar Al Green, the Godfather of Soul James Brown agus go leor eile. Déanfar cóiriú agus ceolfhoirniú ar an obair uile chun fórsaí iomlána Cheolfhoireann Coirme RTÉ agus Big Band a chuimsiú agus beidh beirt de na hamhránaithe ceoil sól mór le rá dár gcuid féin, Vanessa Haynes agus Tommy Blaize páirteach freisin.”
Beidh Ceolfhoireann Coirme RTÉ ag dul i gcomhar freisin le David Brophy, stiúrthóir cóir agus stiúrthóir ceolfhoirne coirme as Éirinn a bhfuil clú agus cáil air ar fud an domhain.
Beidh ‘History of Soul’ ar siúl Déardaoin an 18 Bealtaine sa Cheoláras Náisiúnta. Tá ticéid ar fáil ag Ceolfhoirne RTÉ | Home (rte.ie).