An Gradam Mór Buaite ag Dalkey Players ag Féile Drámaíochta Uile-Éireann RTÉ don bhliain 2023
Bronnadh Seaimpíní Drámaíochta Uile-Éireann RTÉ ar na Dalkey Players, leis an leagan den dráma By the Bog of Cats le Marina Carr a rinne siad agus arb í Emma Jane Nulty an stiúrthóir, ag Searmanas Bronnta Ceiliúrtha Dé Sathairn in Óstán an Radisson Blu i mBaile Átha Luain. Tháinig Grúpa Drámaíochta an Bhaile Dhuibh, a chuir The Welkin i láthair faoi stiúir Ger Canning, sa dara háit agus tháinig Grúpa Drámaíochta Dhurlais, a chuir The Seafarer i láthair faoi stiúir Margaret McCormack sa tríú háit.
Bhuaigh an stiúrthóir Emma Jane Nulty gradam don Stiúrthóir is Fearr freisin agus bhuaigh Sarah Coughlan, ó Dalkey Players freisin, gradam don aisteoir mná is fearr.
I measc na mbuaiteoirí gradam eile, bhí:
- Andy Doyle, Grúpa Drámaíochta Loch Garman, a bhuaigh gradam don Aisteoir is Fearr sa pháirt Andre a bhí aige in The Father
- Rachel O’Connor, Cumann Drámaíochta Bhéal Átha Seanaidh, a bhuaigh gradam don aisteoir mná is fearr i ról tánaisteach do pháirt Claire A Delicate Balance
- Matt Tracey, Grúpa Drámaíochta Dhurlais, a raibh an pháirt Ivan Curry aige in The Seafarer agus a bhuaigh gradam don aisteoir is fearr i ról tánaisteach
- Grúpa Drámaíochta an Bhaile Dhuibh a bhuaigh an gradam don láithreán stáitse is fearr
- Treasa Davey, a bhuaigh Gradam an Mholtóra do pháirt Winnie in Happy Days
- Bronnadh Scoláireacht Scoile Samhraidh Chomhlachas Drámaíochta na hÉireann/ADCI ar Fiona Ahern, Grúpa Drámaíochta an Bhaile Dhuibh, as bheith i bpáirt Mary Middleton in Welkin.
Tráthnóna galánta a bhí ann le linn seachtain ar bhailigh na mílte i mBaile Átha Luain agus a raibh go leor seónna díolta amach ann. Le linn do Stiúrthóir na Féile Regina Bushell a bheith ag labhairt roimh bhronnadh na ngradam, rinne sí comhghairdeas leis na naoi ngrúpa sa bhabhta ceannais agus ghabh sí buíochas leo as a dtiomantas, obair dhíograiseach agus dúthracht. Ghabh sí buíochas ó chroí le príomh-urraitheoirí na féile, RTÉ, as an gcúnamh leanúnach a thugann siad don fhéile agus as an gclúdach fairsing a fuair an fhéile don 70ú bliain den ADCI. Ghabh Coman Keaveny, Cathaoirleach ADCI, buíochas le RTÉ as an gclúdach a rinne siad ar an bhféile agus bhí ríméad air a chur in iúl don lucht féachana gur measadh go raibh an líon daoine a d’fhreastail ar chamchuairt na bhféilte drámaíochta i mbliana ar an líon ba mhó le 20 bliain anuas.
Ghabh Regina buíochas le hAmharclann na Mainistreach as a dtacaíocht agus as an gcuireadh flaithiúil a thug siad do bhuaiteoirí Ghradam na Mainistreach 2023 le dul ar stáitse Peacock an mhí seo chugainn. Dúirt Mark O’Brien, Stiúrthóir Feidhmiúcháin Amharclann na Mainistreach go raibh cinneadh thar a bheith deacair le déanamh acu i mbliana sular fhógair siad gurb iad Grúpa Drámaíochta Loch Garman a chuir The Father i láthair bhuaiteoirí Ghradam na Mainistreach.
Is í Paula Dempsey uasal a bhí ina moltóir ag féile na bliana seo. Is Aisteoir mná, Stiúrthóir agus Moltóir Drámaíochta í. D’oibrigh Paula ina Traenálaí Aisteora agus ina hÁisitheoir freisin. Tá moltóireacht á déanamh aici ó bhí an bhliain 2007 ann agus is ball í de Chumann na Moltóirí Amharclannaíochta. Tá céim onóracha BA agus MA aici sa Léann Drámaíochta Nua-Aimseartha ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
Catagóirí na nGradam:
- Buanchorn RTÉ don Bhuaiteoir Foriomlán – Dalkey Players, By the Bog of Cats
- An Stiúrthóir is Fearr – Emma Jane Nulty, Dalkey Players, By the Bog of Cats
- An tAisteoir is Fearr – Andy Doyle, Grúpa Drámaíochta Loch Garman, don pháirt Andre in The Father
- An tAisteoir Mná is Fearr – Sarah Coughlan, Dalkey Players, don pháirt Hester Swaine in By the Bog of Cats
- An tAisteoir is Fearr i Ról Tánaisteach – Matt Tracey, Grúpa Drámaíochta Dhurlais, don pháirt Ivan Curry in The Seafarer
- An tAisteoir Mná is Fearr i Ról Tánaisteach – Rachel O’Connor, Cumann Drámaíochta Bhéal Átha Seanaidh, don pháirt Claire in A Delicate Balance
- Bainistiú Stáitse is Fearr – Dalkey Players, By the Bog of Cats
- An Soilsiú Stáitse is Fearr – Dalkey Players, By the Bog of Cats
- An Láithreán Stáitse is Fearr – Grúpa Drámaíochta an Bhaile Dhuibh, The Welkin
- Gradam an Mholtóra – Treasa Davey, don pháirt Winnie in Happy Days,
- Bronnadh Scoláireacht Scoile Samhraidh Chomhlachas Drámaíochta na hÉireann/ADCI ar Fiona Ahern, Grúpa Drámaíochta an Bhaile Dhuibh, as an bpáirt Mary Middleton a bhí aici in The Welkin.
- Bhuaigh Anna Kilcoyne scoláireacht John Butler as an bpáirt ‘Black Wing’ a bhí aici in By the Bog of Cats
- Gradam Amharclann na Mainistreach – Grúpa Drámaíochta Loch Garman, The Father