EISÍODH NA FIGIÚIRÍ IS DÉANAÍ MAIDIR LE LUCHT ÉISTEACHTA RAIDIÓ JNLR
Bíonn lear mór d’éisteoirí na hÉireann ag éisteacht le Stáisiúin Raidió RTÉ agus 1.93 milliún, sin 47% de dhaonra na nDaoine Fásta 15+ atá againn in Éirinn ag tiúnáil isteach gach seachtain*
Tá 17 den 20 clár raidió is fearr in Éirinn ag RTÉ Radio 1 agus na héisteoirí meallta ag réimse leathan ábhar i ngach seánra lena n-áirítear, Nuacht agus Cúrsaí Reatha, Ceol agus Siamsaíocht, Spórt agus Ealaíona agus Cultúr.
Feictear do RTÉ Radio 1 go bhfuil fás ann, atá ina ábhar misnigh, i gcás na n-éisteoirí 35-54 agus is é an t-aon stáisiún é a bhfuil sroicheadh seachtainiúil de níos mó ná +1 milliún aige (ag 1,347,000).
Is ionann sciar RTÉ Radio 1 i rith laethanta na seachtaine agus 19.8%, 5.8%, an sciar atá ag RTÉ 2FM agus 2.4%. atá ag RTÉ lyric fm.
RTÉ Raidió 1
- Is é Morning Ireland an clár raidió is mó a n-éisteann daoine leis in Éirinn, 437,000 éisteoir atá i gceist anseo. (+4,000 BoB)
- Craolann The Ryan Tubridy Show chuig 335,000 éisteoir gach lá den tseachtain. (+4,000 BoB)
- Éisteann 327,000 éisteoir le Today with Claire Byrne. (+6,000 BoB)
- Is leis na cláracha tráthnóna is mó a n-éisteann daoine- The Louise Duffy Show (213,000), News at One (299,000), Liveline with Joe Duffy (306,000) agus The Ray D’Arcy Show (181,000).
- Bíonn 214,000 éisteoir ag Drivetime le Sarah McInerney agus Cormac Ó hEadhra gach tráthnóna i rith na seachtaine. (+6,000 BoB)
- Ag an deireadh seachtaine bíonn 327,000 éisteoir ag Brendan O’ Connor ar an Satharn agus 319,000 éisteoir ar an Domhnach
- 292,000 éisteoir a éisteann le Miriam O’ Callaghan maidin Dé Domhnaigh.
- Agus d’éirigh leis an duine nua ar mhír an tSathairn Colm Ó Mongáin, a lucht éisteachta a ardú go dtí 195,000
- Tá ardú ollmhór tagtha, go dtí 15,000 agus 13,000 faoi seach, ar Saturday agus Sunday Sport.
Dúirt Peter Woods, Ceannasaí RTÉ Radio 1, “Tá an-fháilte roimh an méadú atá tagtha ar an lucht éisteachta ar maidin agus déanach san iarnóin. Is mór an teist é ar fhócas agus ar thiomantas ár bhfoirne agus leanfaimid orainn ag beachtú ár dtáirgeachta. Bhíodh na cláir ag an deireadh athraitheach riamh anall – ach léiríonn seastacht an oiread sin de na cláir, agus iad i measc na ndeich gclár is fearr, a thábhachtaí atá muid don lucht éisteachta agus an ceangal leanúnach atá againn leo. Toradh maith a bhí anseo.”
RTÉ 2FM
- I gcás 2FM Breakfast with Doireann, Donncha, and Carl ar 2FM bíonn 135,000 éisteoir tiúnáilte isteach maidineacha i rith laethanta na seachtaine (+6,000 BoB).
- Éisteann 133,000 éisteoir leis an seó maidine a bhíonn á láithriú ag Jennifer Zamparelli.
- Tá Drive it le the 2 Johnnies fós ag mealladh éisteoirí ó gach cearn den tír san iarnóin agus 130,000 éisteoir acu. (+11,000 BoB)
Dúirt Dan Healy, Ceannasaí Straitéis Raidió RTÉ agus RTÉ 2FM, “Tríd is tríd, d’éirigh go maith le 2FM. Seo an chéad uair a raibh 12 mhí iomlán againn le the 2 Johnnies ó thosaigh siad sa stáisiún i mí Feabhra na bliana seo caite. Tá an sroicheadh laethúil atá acu ar dhaoine fásta ardaithe 11,000 (IPSOS MRBI/JNLR 2023-1) ón suirbhé deireanach agus bíonn fás suntasach ann gach ceathrú uair an chloig ó 3pm ar aghaidh. Leanann Doireann, Donncha and Carl air ag fás ó shuirbhé go suirbhé. Tá méadú 21,000 tagtha ar líon na n-éisteoirí atá acu go laethúil ón tráth seo anuraidh, suas ó 114,000 go dtí 135,000. Tá sceideal nua an deiridh seachtaine curtha i bhfeidhm go tapa agus tabharfaidh an chéad suirbhé eile léargas níos fearr dúinn ar an gcaoi a bhfuil ag éirí leis sin.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine in 2FM, iad siúd a bhíonn ar an aer agus nach mbíonn, as a gcruthaitheacht agus as an obair chrua a dhéanann siad. Níos tábhachtaí fós ba mhaith liom buíochas a ghabháil lenár lucht éisteachta, a thuigeann nach bhfuil aon rud níos fearr ná an raidió beo, in ainneoin cúinsí fuaime a bheith ag athrú agus beag beann ar an ngaireas a úsáidtear le bheith ag éisteacht.”
RTÉ lyric fm
- Tá éisteoirí nua meallta ag RTÉ lyric fm sa ghrúpa A35 -54, ardú ó 3% go 4%.
- Bíonn 57,000 éisteoir ag éisteacht le Marty in the Morning maidineacha laethanta na seachtaine (+1,000 BoB)
- Éisteann 44,000 le Niall Carroll ag láithriú Classical Daytime i lár na maidine (+3,000 BoB)
- Tá 42,000 éisteoir ag The Hamilton Scores le George Hamilton, a bhíonn ar siúl Dé Sathairn (+6,000 BoB)
- Tá ardú 5,000 tagtha le bliain anuas ar líon na n-éisteoirí a bhíonn ag Vespertine le Ellen Cranitch.
- Tá 4,000 éisteoir breise faighte le bliain anuas ag The Mystery Train le John Kelly a bhíonn ar siúl ar an Domhnach.
Dúirt Sinéad Wylde, Ceannasaí RTÉ lyric fm, “Tá fás leanúnach tagtha go luath ar maidin agus i lár na maidine ar RTÉ lyric fm agus ardú i gceist do Marty in the Morning agus Marty Whelan araon, 7.00 – 10.00am, tráth a mbíonn 1,000 éisteoir nua ag tiúnáil isteach. Chomh maith leis sin tá 3,000 éisteoir nua anois ag éisteacht le clár Niall Carroll Classical Daytime ó 10.00am ar aghaidh. Rud spéisiúil amháin atá le tabhairt faoi deara anseo is ea an fás atá tagtha ar líon na n-éisteoirí fásta 35 – 54, a tháinig chugainn le bliain anuas, méadú ó 3% go 4%. Is ábhar misnigh é seo a thugann le fios go bhfuil na hathruithe a rinneadh ar chláir RTÉ lyric fm ag tarraingt lucht éisteachta níos leithne.”
Tá liosta de na 20 is fearr atá ar fáil anseo: http://bitly.ws/Eoif