Sraith nua North Atlantic – The Dark Ocean fógartha ag RTÉ
Nochtar in North Atlantic iompraíochtaí créatúir aitheanta nár scannánaíodh riamh cheana, le híomhánna iontacha, agus fuaimrian bunaidh arna cheol ag Ceolfhoireann Coirme RTÉ.
RTÉ chun sraith nua iontach a chraoladh leis an gceamaradóir faoi thoinn Éireannach Ken O’Sullivan. Cuirfear tús le North Atlantic – The Dark Ocean Dé Domhnaigh an 14 Bealtaine, ag 6.30pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.
Áirítear sa tsraith créatúir agus beatha muirí aitheanta an Atlantaigh Thuaidh ó chóstaí na hÉireann agus nochtar iompraíochtaí agus dúshláin roinnt de na hainmhithe fiáine seo is fearr againn nach bhfacthas riamh cheana.
Agus sprid taiscéalaíocht luath-thaiscéalaithe amhail Naomh Breandán an Loingseoir ina spreagadh aige, téann Ken amach i bhfarraige mhór an Atlantaigh Thuaidh sa tóir ar na hollphéisteanna móra mara a luaitear ina luath-théacsanna. Tar éis breis is deich mbliana, tapaíonn Ken an deis ar deireadh dul ag snámh le míol mór eiteach agus éiríonn leis míreanna taifeadta den scoth a fháil a léiríonn a chuid pátrúin ar leith.
Trí úsáid a bhaint as fomhuireán gan foireann ar bord an Celtic Explorer, téann Ken ar aistear go dtí na codanna is doimhne i bhfarraigí Atlantaigh na hÉireann, áit a dtagann sé ar na mílte catsúileach i bplandlann domhainmhara. Labhraíonn Ken chomh maith faoi dhíothú na siorcanna in Éirinn agus ar fud an domhain. Bí faoi réir le dul ag tumadh san Atlantach Thuaidh ar bhealach nach ndearnadh riamh cheana é.
Tabharfaidh North Atlantic aghaidh freisin ar an ábhar imní atá ann maidir leis an gcaoi a gcaitear lenár n-aigéin agus a gcuid créatúr. Fiosraítear sa tsraith ábhair imní amhail tocsaineacht i míolta móra mar gheall ar ghníomhaíocht an duine san aigéin agus díothú na míolta móra eiteacha mar gheall ar sheilg míolta móra. Leagtar béim sa tsraith ar an obair mhór nár mhór don tsochaí a dhéanamh chun na héiceachórais luachmhara seo a chosaint.
I gClár 1, a chraolfar an Domhnach beag seo, an 14 Bealtaine, fiosraíonn Ken na huiscí dorcha aigéin amach ó chósta thuaidh na hÉireann. Anseo bíonn air aghaidh a thabhairt ar stoirmeacha gránna geimhridh agus faigheann sé amach gur fhoinse den scoth iad na stoirmeacha sin i ndáil le torthúlacht san aigéin. Castar grúpa de dhroimeiteacha beaga air agus iad ag beathú go foghach ar scoil de scadáin bheaga, agus téann sé chomh fada le hIorua Artach sa tóir ar scoileanna móra millteacha den scadán, iasc a mbíodh Éire lán leis tráth.
I gClár 2, téann Ken go dtí cósta ó dheas na hÉireann sa tóir ar mhíolta móra eiteacha. Is iad na créatúir thar a bheith diamhra seo an dara hainmhí is mó a bhí riamh ann, ach is beag atá ar eolas againn faoina mbealaí imirce, go háirithe i dtaobh póraithe, go dtí anois.
Téann Ken 1,500km amach go dtí droim an Atlantaigh Láir sa tóir ar thuilleadh míolta móra eiteacha. Tagann sé ar thuláin ghrinnill anseo, ósaisí de bheatha san aigéan oscailte, agus faigheann sé tuiscint níos doimhne ar éiceachóras an aigéin.
I gclár deiridh na sraithe, glacann Ken go fonnmhar le sprid na luath-thaiscéalaithe agus faigheann tuiscint ar roinnt de na hainmhithe is iontaí agus is éagsúla san aigéan, ó bharr an uisce go dtí na codanna is doimhne den Atlantach Thuaidh. Cláraíonn sé breis is tríocha liamhán gréine agus iad i mbun deasghnáth suirí – an grúpa is mó riamh seans de na siorcanna agus iad taifeadta ar ceamara.
Tá ceol clasaiceach bunaidh leis an gcumadóir óg Bradley Ayers, agus á cheol ag Ceolfhoireann Coirme RTÉ, le cloisteáil ar fhuaimrian an chláir freisin.
Craolfar North Atlantic ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player ó Dé Domhnaigh an 14 Bealtaine ag 6.30pm.