Tá sé fógartha ag RTÉ inniu go bhfuil David Doran ceaptha ina Eagarthóir nua ar Aonad Fiosrúcháin RTÉ. Is léiritheoir /stiúrthóir agus iriseoir scannán é David a bhfuil taithí os cionn 15 bliana aige.
Chuir sé cláracha ceannródaíocha ar fáil do RTÉ Investigates maidir le seirbhís Náisiúnta Otharcharranna na hÉireann, mí-úsáid leanaí faoi chúram an stáit, sceithirí, drochíde sa teaghlach, sceitheadh ola BSL agus cairéil mhídhleathacha. Bhuaigh sé an Gradam Royal Television faoi dhó as cláracha faisnéise cumhachtacha a dhéanamh le linn na paindéime taobh istigh d’aonaid dianchúraim Covid na hÉireann agus tá go leor gradaim idirnáisiúnta faighte aige as fiosrúcháin choscracha a rinne sé faoi gháinneáil ar ghnéas in Éirinn.
Thosaigh sé ag obair san Aonad sa bhliain 2012 nuair a bunaíodh an t-aonad ar dtús. Roimhe sin d’oibrigh sé ina léiritheoir le RTÉ Prime Time agus léirigh sé roinnt cláracha faisnéise neamhspleácha.
Is céimí sa Pholaitíocht agus san Eacnamaíocht de chuid UCD é David agus chuir sé scoláireacht Ghnó in Ollscoil Tilburg san Ollainn i gcrích. Tá sé pósta agus tá beirt chlainne aige.
Is éard a dúirt Paul Maguire, Eagarthóir Bainistithe, Cúrsaí Reatha Teilifíse: “Tá an iriseoireacht iniúchta ar thús cadhnaíochta i sainchúram seirbhíse poiblí RTÉ. Beidh Eagarthóir Aonad Fiosrúcháin RTÉ i gceannas ar fhoireann dhíocasach dhíograiseach chun scéalta cumhachtacha ar mhaithe le leas an phobail a léiriú ina bhfuil cumas ag na scéalta sin athrú suntasach a dhéanamh. Tá cumas faoi leith dúthrachta agus ionracais léirithe ag David san iriseoireacht iniúchta agus tá muid ag tnúth leis an aonad leanúint ar aghaidh leis an obair seo faoina cheannaireacht.”