SRAITH FAISNÉISE BACK FROM THE BRINK AR AIS DÉ DOMHNAIGH 4 MEITHEAMH
Tá caomhantóirí dúlra ar fud na hEorpa ag troid ar ais…
Filleann Back from the Brink don tríú sraith ar an 4 Meitheamh agus tugtar léargas ar an gcaoi a bhfuil caomhantóirí na hEorpa ag obair chun rabharta na géarchéime bithéagsúlachta agus an athraithe aeráide a chosc céim ar chéim. Is é Derek Mooney a chuirfidh an clár faisnéise i láthair, agus léireofar, idir fhilleadh an mhic tíre go dtí an Róimh agus iompú an Mhúis Shualannach ina réalta teilifíse, mar atá caomhantóirí dúlra ar fud na hEorpa ag troid ar ais, agus na torthaí suntasacha atá le feiceáil sa troid chun fiadhúlra agus bithéagsúlacht na hEorpa a chosaint.
Sa tsraith seo, téann Derek ar turas ar fud na hEorpa chun a fháil amach conas is féidir le hidirghabháil chliste dhaonna fiadhúlra na hEorpa a thabhairt ar ais ón gcruachás. In Éirinn, d’oibrigh Derek le John Lusby ó Chairde Éanlaith Éireann (le feiceáil sa phictiúr thuas le sicíní scréachóige reilige) chun an scéal iontach a insint faoin gcaoi a bhfuil cara an fheirmeora – an scréachóg reilige – ag teacht ar ais den chéad uair le blianta fada.
Sa Chaladh i gCiarraí Theas, d’aimsigh Lucy Hunt ó Eagraíocht Neamhrialtasach Shineirge Mara agus iascaire áitiúil beirtreach dhúchasach chaillte a d’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith aici ar bhithéagsúlacht sa cheantar. In eipeasóid a haon, féachann an tsraith ar thalmhaíocht agus ar thionchar na feirmeoireachta tionsclaíche agus ar an gcaoi a bhfuil feirmeoirí ar fud na hEorpa ag glacadh le seanteicnící chun todhchaí sheasmhach a chinntiú agus a gcion féin a dhéanamh chun an ghéarchéim aeráide a aisiompú. Scrúdaíonn Cuid 2 conas is féidir leis an dúlra teacht ar ais chuige féin le beagán cabhrach ó dhaoine.
Sa Ghearmáin, tá caomhantóirí ag teagasc speiceas atá beagnach imithe in éag eitilt go dtí na tailte imirce traidisiúnta. Agus é sa Róimh, faigheann Derek amach an fáth a bhfuil an Torc ar ais i mbruachbhailte na cathrach. In Albain, tá eolaithe ag tógáil suíomh idéalach chun Fia-Chat na hAlban atá i mbaol a scaoileadh saor arís. In Berghausen i nDeisceart na Baváire ar theorainn na hOstaire, buaileann Derek le Corinna Esterer, bean atá freagrach as an Íbis Mhaol Thuaisceartach a athbhunú. Téann Derek go Granada sa Spáinn freisin chun iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil díoga uisciúcháin a thóg na hArabaigh os cionn míle bliain ó shin á n-úsáid ag feirmeoirí chun dul i ngleic leis an triomach.
Dúirt Derek Mooney: “Go minic cloisimid nuacht atá diúltach faoin bhfiadhúlra, agus dírítear ar an meath atá tagtha ar dhaonraí nó ar an speiceas atá ar tí dul in éag, Is ceart go mbeadh sé sin ar eolas againn ach ba cheart freisin díriú ar an gcaidreamh dearfach idir daoine agus ainmhithe. Sin atá i gceist le Back from the Brink. Sa dá chlár seo buailfimid le daoine atá buartha faoi chruachás na n-ainmhithe fiáine agus le cúnamh Dé, spreagfaidh a gcuid scéalta daoine eile.”
Craolfar eipeasóid 1 Back from The Brink ar RTÉ One ag 6.30pm ar an 4 Meitheamh agus ar an RTÉ Player.
Fotheideal grianghraif : Derek Mooney agus John Lusby, Cairde Éanlaith Éireann agus na sicíní scréachóige reilige.