Beidh ceol Robert Johnson, John Lee Hooker, BB King, Ray Charles agus Eric Clapton faoi chaibidil ann
Dé Domhnaigh an 11 Meitheamh i Halla Uí Raghallaigh, UCD, Baile Átha Cliath |
The Delta Blues Project (rte.ie)
Tá Ceolfhoireann Coirme RTÉ fós ag comóradh 75 bliain a bunaithe trí na fuaimeanna greanacha ó chroí a bhaineann le Mississippi Delta Blues a thabhairt chuig Féile UCD i mí an Mheithimh.
Is comhoibriú é an Delta Blues Project idir Ceolfhoireann Coirme RTÉ agus an t-impreasóir snagcheoil agus ceoil blues David O’Rourke atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe agus áirítear sa tionscadal ceol ó cheoltóirí blues mór le rá, Robert Johnson, John Lee Hooker agus BB King ina measc chomh maith le ceol ó na daoine sin atá spreagtha ag ceol blues agus a bhfuil tionchar ag ceol blues orthu, daoine ar nós Ray Charles agus Eric Clapton.
Is é an tAisteoir Morgan Freeman a bhfuil Gradam Academy buaite aige a bheidh ina fhear tí oinigh chun an comharcheol iontach seo a chur i láthair. Tá Morgan Freeman ina chomhbhunaitheoir agus ina chomhúinéir ar an Ground Zero Blues Club atá measta a bheith ar an #1 Club Ceoil Blues ar domhan agus atá suite in Clarksdale, Mississippi agus a bhfuil cáil bainte amach ag an áit mar ‘Chliabhán an Cheoil Blues’.
Sa chéad chuid den cheolchoirm beidh ceol ón trumpadóir iontach Jeremy Pelt, a vótáil Jazz Journalists Association le gairid ar a shon mar ‘Thrumpadóir na Bliana’ agus ar éirigh lena albam is déanaí The Art of Intimacy Volume 2: His Muse, Uimhir 1 a bhaint amach sna cairteacha snagcheoil i mbliana.
Taispeánfar ceol ó Mississippi Delta sa dara leath den cheolchoirm agus beidh an t-amhránaí blues agus an giotáraí Anthony ‘Big A’ Sherrod páirteach ann. Bíonn seisean ar stáitse go minic sa Ground Zero Blues Club, chomh maith leis an drumadóir mór le rá Lewis Nash agus an pianódóir Caili O’Doherty a bhfuil duaiseanna buaite aici.
Leis an Delta Blues Project, cuirfear roinnt de na ceoltóirí Meiriceánacha snagcheoil agus blues is fearr sa lá atá ann inniu i láthair do lucht féachana as Éirinn agus cuirfear deis ar leith ar fáil chun éisteacht le ceoltóirí snagcheoil agus blues mór le rá i gceolfhoirniú nua fíorálainn le David O’Rourke.
Beidh The Delta Blues Project ar siúl Dé Domhnaigh an 11 Meitheamh i Halla Uí Raghallaigh, UCD, Baile Átha Cliath. Tá sonraí an imeachta agus ticéid (€35 chomh maith le táille sheirbhíse €1.90) le fáil ar RTÉ Orchestra | Home (rte.ie).