Lucht éisteachta in 100 tír ag éisteacht le clár RTÉ Documentary on One, Finding Samantha agus an chéad áit bainte amach ag an gclár sin ar Spotify agus Apple Podcasts
Nochtar sa phodchraoladh seacht gclár an saol fiáin atá ag ‘Cailín an GPO’, Samantha Azzopardi
Tá an lucht éisteachta ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain faoi gheasa ag an scéal faoin saol a chaith bean óg a bhfuil níos mó ná 100 féiniúlacht aici atá doiciméadaithe i bpodchraoladh nua RTÉ Documentary on One, Finding Samantha.
Cailín óg a fuarthas ar strae ar shráideanna Bhaile Átha Cliath, déagóir a díbríodh ó Cheanada agus bean a bhfuil scéalta aici faoi mhí-úsáid ghnéis a ndearna go leor daoine uirthi chomh maith le líomhaintí fuadaigh, am príosúin agus calaois. An bhféadfaí na scéalta seo ar fad agus níos mó ná 100 féiniúlacht a rianú siar go dtí aon duine amháin? Tá dhá bhliain caite ag foireann RTÉ Documentary on One ag fiosrú shaol Samantha Azzopardi.
Glaodh ar na Gardaí sa bhliain 2013 teacht chuig Sráid Uí Chonaill i lár chathair Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuair siad cailín trí chéile agus tréigthe is cosúil agus í imithe ar strae os comhair Ard-Oifig an Phoist. De réir mar a bhí amhras ag méadú i measc daoine gur íospartach coireachta tromchúisí a bhí inti, chuaigh gach duine chuici chun cuidiú léi ach mar sin féin is beag a fuarthas amach fúithi san fhiosrúchán a bhí ar bun ag údaráis na hÉireann ar feadh míosa. Le himeacht ama tá sé soiléir go bhfuil stair fhada chorrach ag Samantha leis an Astráil de réir cosúlachta chomh maith leis na ceangail atá aici le hÉirinn.
Le linn na sraithe faisnéise 7 gclár, labhraíonn foireann RTÉ Documentary on One, atá faoi stiúir Nicoline Greer agus Sharon Davis, le dream forfheidhmithe an dlí ó ar fud an domhain, breithiúna, oibrithe cúraim sláinte, cairde agus íospartaigh chun an scéal fíorspéisiúil a bhaineann le caimiléireacht Samantha a insint.
Tá eipeasóidí 1 – 5 de Finding Samantha ar fáil anois ar láithreán gréasáin RTÉ, Spotify agus Apple Podcasts agus beidh eipeasóid a sé agus a seacht ar fáil Dé Máirt an 30 Bealtaine agus Dé Máirt an 6 Meitheamh.
Bhain an podchraoladh an chéad áit amach ar Apple Podcasts agus an chéad áit amach ar Spotify in Éirinn, an chéad uair riamh do phodchraoladh de chuid RTÉ. D’éist lucht éisteachta i níos mó ná 100 tír go dtí seo leis an bpodchraoladh agus bhain sé an cheathrú háit amach ar Apple san Astráil agus an tríu háit amach ar Apple sa Nua-Shéalainn. Ba é sin an chéad uair riamh a tharla a leithéid sa dá thír sin do phodchraoladh ó RTÉ.
Is éard a dúirt an láithreoir agus déantóir cláracha, Nicoline Greer, le linn di a bheith ag labhairt faoi phodchraoladh RTÉ Documentary on One: “Nuair a d’fhág Samantha Azzopardi Éire i ndiaidh di cáil a bhaint amach mar ‘Cailín an GPO’, cheapfadh go leor daoine gurbh é sin deireadh an scéil. Ach fuair muid amach go ndeachaigh Samantha Azzopardi i bhfeidhm ar na céadta daoine – lena n-áirítear leanaí óga – fágadh tráma ar go leor acu agus rinneadh feall mór ar go leor acu. Tá muid ag fiosrú an méid a d’fhéadfadh a bheith ar bun ina saol – agus an méid a d’fhéadfaí a dhéanamh chun cuidiú léi.”
Nuair a bhí an tsraith seo á léiriú, tharraing Samantha an fhoireann léirithe isteach ina saol freisin.
Is éard a dúirt an láithreoir agus an saor-léiritheoir podchraoltaí Sharon Davis: “Ní minic a bhíonn deis agat aghaidh a thabhairt ar mhistéir mar sin. Chuirfeadh sé soir thú a bheith ag cuardach bean a bhfuil níos mó ná 100 ainm bréige uirthi. Ba dhúshlán mór é tuiscint a fháil ar an bhfáth a ndéanann sí na nithe a dhéanann sí. Do dhuine a chaith a saol ag déanamh iarracht na meáin chumarsáide a sheachaint, agus le bheith cruinn faoi, duine a bhíonn ag brath ar gan a féiniúlacht féin a nochtadh, bhí ionadh orm nuair a thosaigh Samantha ag déanamh teagmháil liom ar líne, ní carachtar bréige a bhí inti ach Samantha í féin a bhí ann.”
Is í Sharon Davis san Astráil agus Tim Desmond agus Nicoline Greer in Éirinn a scríobh, a thaifead agus a léirigh Finding Samantha. Is é Liam O’Brien léiritheoir feidhmiúcháin na sraithe.