ROGHA NUA DE BHOSCRAÍ LE FÁIL AR AN RTÉ PLAYER AN SAMHRADH SEO
An samhradh seo, tá boscraí nua agus cláir dhrámaíochta agus ghrinn a bhfuil an-tóir ag an lucht féachana orthu le cur leis an RTÉ Player le taitneamh a bhaint astu i rith shaoire an tsamhraidh ag tosú leis na drámaí nua The Reunion agus Billy the Kid. Beidh sraith iomlán den dá chlár sin le fáil ar an RTÉ Player ón tseachtain seo.
Boscraí Nua a mbeidh tóir orthu curtha leis an RTÉ Player don Samhradh
The Reunion:
Is í Dervla Kirwan príomhaisteoir na sraithe seo ina bhfeictear an nasc atá idir triúr cairde mar gheall ar rún tragóideach – fuadach cailín óig nach mór 25 bliana roimhe sin.
Billy the Kid
Óna dhúchas Éireannach go dtí an ról ríthábhachtach a bhí aige i gCogadh Lincoln County, insítear scéal Billy the Kid sa tsraith eachtraíochta rómánsúil iontach seo. Arna cruthú ag Michael Hirst (Vikings).
Clean Sweep
Máthair den scoth í Shelly Mohan a bhfuil rún mór faoi dhúnmharú aici agus a bhfuil beagnach scór bliain caite aici á chur faoi cheilt amach ar aghaidh na ndaoine. Coirdhráma le Charlene McKenne agus Barry Ward.
The Responder
Féachann le póilín a bhfuil fadhbanna móra pearsanta aige, agus a bhfuil brú morálta air aghaidh a thabhairt ar a chuid oibre i Learpholl agus é féin a choinneáil i mbarr uisce go pearsanta agus go proifisiúnta.
A Spy Among Friends
Sceinséir spiaireachta suite i lár an Chogaidh Fhuair, ina insítear an scéal fíor faoi bheirt spiairí ar cairde le fada an lá iad agus a raibh duine acu ag déanamh feall ar an duine eile an t-am ar fad.
Happy Valley
Coirdhráma ón mBreatain a raibh ardmheas ag léirmheastóirí air faoi shaol pearsanta agus gairmiúil Catherine Cawood, Sáirsint Póilíní atá dian agus nach mbíonn sásta géilleadh agus í ag dul i ngleic le rudaí gránna a tharla di san am atá caite.
Ag teacht go luath ar an RTÉ Player…
Unforgotten
Fiosraíonn bleachtairí Londan coireanna ón am atá caite agus nochtann rúin atá faoi cheilt le blianta fada. Nicola Walker príomhaisteoir na sraithe.
Boscraí a bhfuil tóir mhór ag an lucht féachana orthu agus a mbeidh fonn orthu féachaint orthu in aon iarraidh amháin atá ar fáil ar an RTÉ Player
The Big C
Dráma Grinn a bhfuil ardmheas ag léirmeastóirí air faoi mháthair atá ag cónaí ar bhruach cathrach sna Stáit Aontaithe a bhfuil ailse uirthi – agus gan aici ach bliain le maireachtáil, tosaíonn Cathy ag caitheamh a saoil ar an gcaoi a bhí sí ag iarraidh é a chaitheamh riamh. Laura Linney príomhaisteoir na sraithe seo.
Killing Eve
Dráma é seo a mbeidh tú gafa leis na carachtair atá mar a bheadh cat agus luch ann. Is iad Sandra Oh agus Jodie Comer príomhaisteoirí na sraithe.
The Night Manager
Earcaíonn an MI-6 an t-iarshaighdiúir ón mBreatain Jonathan Pine chun eolas a chur ar an dream atá i gcroílár trádáil idirnáisiúnta airm agus deireadh a chur leo. Bunaithe ar úrscéal John le Carre agus is iad Tom Hiddleson, Hugh Laurie agus Olivia Coleman na príomhaisteoirí.
Gossip Girl
Tá sé ag cinneadh ar na déagóirí mór le rá seo i gceantar rachmasach Nua-Eabhrac tada a chur amú ar an mblagálaí nach gcuireann fiacail ann a bhíonn ag faire go síoraí orthu. Dráma clasaiceach déagóirí agus iad Blake Lively, Penn Badgely agus Leighton Meester príomhaisteoirí na sraithe. XOXO
One Tree Hill
Leasdeartháireacha iad Nathan agus Lucas agus bíonn idir cairdeas agus naimhdeas eatarthu ar an gcúirt chispheile agus i gcroíthe a gcairde i mbaile beag Tree Hill i dtuaisceart Carolina.
The Tudors
Is é Jonathan Rhys Meyers príomhaisteoir na sraithe seo agus i bpáirt Rí Anraí VIII nuair a bhí sé óg sa tsraith dhrámaíochta seo bunaithe ar an stair. Tá Henry Cavill, Sarah Bolger, Natalie Dormer, Maria Doyle Kennedy, Joely Richardson agus Annabelle Wallis ag aisteoireacht sa tsraith seo freisin.
The Young Offenders
Sraith ghrinn teacht in aois ina ndéantar cur síos ar eachtraí barrúla rógairí geanúla Chorcaí, Conor agus Jock.
The Big Bang Theory
Dráma grinn suímh as Meiriceá a bhfuil an-tóir air agus is iad Kaley Cuoco, Johnny Galecki agus Jim Parsons na príomhaisteoirí ann. Tá go leor ar eolas ag Leonard agus Sheldon, a bhíonn ag roinnt seomra, faoi fhisic, ach diabhal mórán ar eolas acu faoi mhná. Tosaíonn sin ag athrú áfach nuair a bhogann spéirbhean isteach béal dorais dóibh.
Pen15
Déanann na fuirseoirí Maya Erskine agus Anna Konkle aithris orthu féin ina ndéagóirí ar an imeall sa bhliain 2000, tráth ar féidir leis an lá is fearr i do shaol athrú go dtí an lá is measa de do shaol in aon soicind amháin. Sraith ghrinn ó Mheiriceá a bhfuil duais Emmy buaite aici.
RFDS: Royal Flying Doctors Service
Dráma ón Astráil ina leantar dochtúirí, altraí, píolótaí agus foireann tacaíochta na ndochtúirí eitilte agus iad ag dul i ngleic le dúshláin ar leith a bpoist mar aon le dúshláin ina saol pearsanta.