AITHEANTAS IRELAND’S SMARTEST BRONNTA AR PATRICK CARTHY, INNEALTÓIR ÓN LONGFORT
Tugadh aitheantas Ireland’s Smartest d’innealtóir leictreach Patrick Carthy, atá 31 bliain d’aois, tar éis scrúdú a dhéanamh ar na daoine is cliste sa tír a thug faoi thráth na gceist le 10 seachtaine anuas.
Craoladh babhta ceannais na sraithe, a chuir máistir thráth na gceist, Claire Byrne i láthair Dé Domhnaigh an 4 Meitheamh ar RTÉ One.
Ba iad Brian Craythorne, 56 bliain d’aois, státseirbhíseach as Béal Feirste agus Niall Duddy, 44 bliain d’aois, múinteoir matamaitice as Gaillimh, an bheirt eile a bhí san iomaíocht.
Seo thíos an méid a bhí le rá ag an láithreoir Claire Byrne: “A leithéid de d’aistear go dtí an babhta ceannais! Is cinnte go raibh a n-áit tuillte ag gach iomaitheoir sa triúr is fearr! D’éirigh na ceisteanna níos deacra i ngach babhta agus bhí an comórtas dian agus muid ag bogadh ó na réamhbhabhtaí go dtí an babhta ceannais. Bhí Pádraig ar a shuaimhneas an bealach ar fad tríd agus chruthaigh sé gurb é buaiteoir Ireland’s Smartest é. Ba mhór an phribhléid é bualadh leis na hiomaitheoirí ar fad a bhí cróga go leor chun aghaidh a thabhairt ar an muintir is fearr agus is intleachtaí sa tír chun an chraobh a bhuachan, ach is buaiteoir fiúntach é Patrick Carthy a bhí socair agus dírithe go dtí an deireadh. Comhghairdeas le Pádraig – Ireland’s Smartest!
Seo a leanas an méid a bhí le rá ag an mbuaiteoir Patrick Carthy: “Bhí an-áthas orm an tsraith a bhuachan, go háirithe i gcoinne dream den scoth. Dála an chéad bhabhta, bhí an babhta deireanach in aghaidh Brian thar a bheith cóngarach agus d’fhéadfadh ceachtar againn é a bhuachan. Bhí sé go hiontach an deis a fháil páirt a ghlacadh in Ireland’s Smartest mar bhain mé taitneamh i gcónaí as a bheith ag breathnú ar thráthanna na gceist ar an teilifís. Bhí sé spraíúil páirt a ghlacadh fiú leis an mbrú breise leis na soilse stiúideo agus ceamaraí. Fuair mé an-tacaíocht i rith na sraithe ó chairde, comharsana, comhghleacaithe oibre agus ón teaghlach, go háirithe ó mo mháthair Máire.” Anseo thíos tá cuid de na ceisteanna agus na freagraí a chabhraigh le Pádraig an bua a bheith aige.
CEIST + FREAGRA
C: Fuair Donald Trump an ceann is fearr ar cén ainmní Daonlathach chun toghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe a bhuachan in 2016?
F: Hillary Clinton
C: Cén t-iasc, picilte i bhfínéagar agus fillte timpeall ar líonadh, a úsáidtear go traidisiúnta chun an mhias ar a dtugtar ‘Rollmops’ a dhéanamh?
F: Scadán
C: Cén t-úrscéal le Aldous Huxley atá suite in After Ford 632?
F: Brave New World
C: Cén fhéile scannán ag a mbronntar Palme d’Or?
F: Féile Scannán Cannes
C: Is fíon treisithe é Marsala as cén oileán Iodálach?
F: An tSicil
C: Cén t-údar a chruthaigh an dís bhleachtaireachta fear céile agus bean chéile, Tommy agus Tuppence Beresford?
A: Agatha Christie
C: Ainmnithe i ndiaidh Herman Frasch, is modh é an ‘Próiseas Frasch’ chun cén dúil cheimiceach a bhaint as fosú faoi thalamh?
F: Sulfar
C: Is é KLM aerlíne náisiúnta cén tír?
F: An Ísiltír
C: Cé a bhuaigh an chéad Duais Nobel don Fhisic as a fhionnachtain ar X-ghathanna?
F: Wilhelm Roentgen
C: Bunaithe ar dhráma le Alexander Pushkin, cé hé cumadóir Rúiseach cheoldráma 1874 ‘Boris Godunov’?
F: Mussorgsky
C: Ar siúl den chéad uair in 1970, ceiliúrtar ‘Lá na Cruinne’ cén mhí den bhliain?
F: Aibreán
C: Cén feimineach agus eisí Francach a scríobh tráchtas 1949, ‘The Second Sex’?
F: Simone de Beauvoir
C: San astralaíocht, cén ainmhí a sheasann do chomhartha stoidiaca Cancer?
F: Portán
Cuireadh tús leis an tsraith deich gclár Dé Domhnaigh, 2 Aibreán agus craoladh an babhta ceannais Dé Domhnaigh an 4 Meitheamh ar RTÉ One agus RTÉ Player.
Tá 10 gclár ar fad na sraithe ar fáil ar RTÉ Player.