FÁILTE CURTHA AG BORD RTÉ ROIMH THIONSCNAIMH ÓN bPRÍOMH-STIÚRTHÓIR NUA KEVIN BAKHURST
Is éard a dúirt Cathaoirleach Bhord RTÉ, Siún Ní Raghallaigh, i ráiteas inniu:
“Cuireann Kevin Bakhurst tús lena phost ina Phríomh-Stiúrthóir go hoifigiúil inniu. Mar Bhord, táimid ag súil le dul i mbun oibre leis féin agus lena fhoireann ceannaireachta chun todhchaí nua a bhunú don eagraíocht seo.
Chas Bord RTÉ leis an Uasal Bakhurst inné agus thug sé le fios go bhfuil sé tugtha do mhuinín an phobail, na foirne agus na n-ionadaithe poiblí in RTÉ a atógáil.
Thug sé mionsonraí go háirithe faoi na chéad cheithre athrú a bheidh á ndeanamh aige ar dtús aige:
- Foireann ceannaireachta eatramhach a chur in áit an Bhoird Feidhmiúcháin;
- Athruithe faoin gcaoi a ndéanfaidh an fhoireann ceannaireachta cinntí suntasacha agus faoin gcaoi a dtabharfaidh siad míniú orthu – le maoirseacht chuí ó Bhord RTÉ;
- Clár Leasanna nua; agus
- Gealltanas maidir le hathrú cultúir a chur chun cinn san eagraíocht.
Cuirfimid fáilte roimh na hathruithe sin. Is iad sin na chéad chéimeanna i bpróiseas leanúnach don athrú a mhairfidh roinnt míonna.
Tugaimid ar aird an gealltanas foriomlán go háirithe i leith fhreagracht agus thrédhearcacht an lucht bainistíochta atá mar bhonn agus mar thaca ag na gníomhartha sin agus amach anseo.
Tá bealach fada roimh RTÉ ó thaobh gealltanas muiníne a atógáil leis na daoine.
Mar sin féin, creidim gur féidir sin a dhéanamh trí bheith ag obair le chéile ar fud gach gné den eagraíocht.
Tá ceann scríbe coiteann againn agus is é sin RTÉ atá leasaithe, láidir agus athchóirithe.
Creidim go bhfuil ré nua i ndán do RTÉ i ndiaidh scrúdú fírinneach a dhéanamh ar an méid atá tagtha chun cinn le cúpla seachtain anuas. Déanfaimid athchóiriú ar RTÉ trí struchtúir agus nósanna imeachta nua a chur i bhfeidhm lena gcinnteofar nach ndéanfar na botúin a rinneadh san am atá caite arís go brách. Agus trí sin a dhéanamh, is féidir linn a chinntiú go mbeidh RTÉ ann a bheidh láidir ina ghealltanas daingean i leith craolacháin seirbhíse poiblí agus a bheidh bunaithe ar mhúnla inbhuanaithe maoinithe.
Dar ndóigh, ní féidir linn an méid sin a dhéanamh ach amháin i gcomhar le foireann dhíograiseach agus thiomanta RTÉ a ligeadh síos go dona leis na nithe a tháinig chun solais le déanaí. Creidim, trí obair a dhéanamh le chéile chun aidhm choiteann a bhaint amach, gur féidir linn RTÉ a bheidh níos fearr agus níos láidre a thógáil arís. Táimid mar Bhord tugtha do pháirt iomlán a ghlacadh i bpróiseas na ré nua seo.”