Foireann Cheannaireachta Eatramhach fógartha ag Kevin Bakhurst
Faoi mar a deimhníodh níos luaithe inniu, tá Ard Stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst tar éis an Bord Feidhmiúcháin a scor, agus tá foireann cheannaireachta eatramhach curtha ina háit chun an eagraíocht a reáchtáil.
Seo a leanas an Fhoireann Eatramhach:
- Kevin Bakhurst, Ard Stiúrthóir RTÉ
- Eimear Cusack, Stiúrthóir, Acmhainní Daonna RTÉ
- Vivienne Flood, Ceann Chúrsaí Poiblí RTÉ*
- Mike Fives, Grúp-Rialtóir Airgeadais, RTÉ*
- Adrian Lynch, Stiúrthóír, Lucht Féachana, Cainéil, Margaíocht agus Leas-Ardstiúrthóir Feidhmeach
- Paula Mullooly, Stiúthóir, Cúrsaí Dlí RTÉ
- Deirdre McCarthy, Stiúrthóir, Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
- Niamh O’Connor, Leas-Stiúthóír Ábhair*
- Conor Mullen, Ceann Staitéise agus Comhlíonta Tráchtála, Díolacháin Meáin RTÉ*
- Richard Waghorn, Stiúrthóir, Oibríochtaí agus Teicneolaíocht RTÉ
* not a member of former Executive Board / ní iar-bhall den mBord Feidhmeannacht
Lena chos sin, earcófar Saineolaí Rialachais Chorporáidigh.
Ag labhairt inniu, dúirt Kevin Bakhurst: “In am trátha fógrófar foireann cheannaireachta bhuan. Is mian liom béim a leagan ar an bpointe go mbeidh RTÉ, faoi mo stiúir agus faoin bhfoireann cheannaireachta atheagraithe shealadach, ina eagraíocht a bheidh tiomnaithe chun obair go dlúth libh, chun éisteacht, chun a bheith oscailte agus trédhearcach, chun cloí go daingean le próiséas agus nósanna rialachais athchóirithe, chun a bheith freagrach agus chun seirbhís phoiblí a mbeidh muid bródúil aisti a sheachadadh. Glacfaidh seo am, ach tarlóidh sé, agus is gá go dtarlóidh. Tá an iomarca ag brath air seo.”
Lean sé ar aghaidh: “Dearbhaím go bhfoilseoidh RTÉ tuarastail na foirne ceannaireachta, chomh maith le tuarastail an deichniúr láithreoir is airde gach bliain mar chuid den Tuarascáil Bhliantúil, ag tosú le 2023.”
KEVIN BAKURST
Thosaigh Kevin a shaol oibre leis an BBC, áit gur thug sé faoi roinnt ról, lena n-áirítear, eagarthóireacht ar Nuacht BBC ag a 10 a chlog. Bhí sé mar Cheannasaí ar chainéal Nuachta BBC agus mar Leas-Cheannasaí ar sheomra Nuachta BBC ó 2010 – 2012. D’oibrigh Bakhurst mar Bhainisteoir Stiúrtha ar Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ idir 2012 agus 2016. Chomh maith leis sin, bhí sé ina Leas-Ardstiúrthóir. D’fhill sé chuig an Ríocht Aontaithe ansin, agus ceapadh é mar Stiúrthóir Grúpa, Craolacháin agus Ar Líne ag an rialaitheoir cumarsáide Ofcom. Sa phost sin bhí sé freagrach as ábhar craolacháin agus ar líne a rialú. Threoraigh sé foireann shábáltachta ar líne Ofcom chomh maith.
EIMEAR CUSACK
Thosaigh Eimear Cusack ag obair le RTÉ in Aibreán 2017. Bhí taithí ag Eimear ag leibhéal sinsearach i réimse leathan eagraíochtaí, áit gur threoraigh sí an iliomad tógraí claochluithe. Tá taithí shuntasach ag Eimear sa réimse Achmhainní Daonna. Sular tháinig sí go RTÉ, bhí Eimear ina Ceannasaí ar Achmhainní Daonna don Ríocht Aontaithe agus Éirinn ag Ericsson.
ADRIAN LYNCH
Bhí Adrian Lynch ina Cheannaire Cainéalacha do RTÉ a hAon agus RTÉ2 agus sa ról sin, sheol sé sceidil nua uaillmhianacha do na seirbhísí. Tá Adrian ag obair le RTÉ ó 2014. Roimhe sin, bhí sé ina Bhainiseoir Stiúrtha ar Animo Television, ceann de na comhlachtaí teilifíse neamhspleácha is rathúla in Éirinn. Mar Cheannaire Cainéalacha do RTÉ a hAon agus RTÉ2, rinne Adrian réimse leathan de chlársceidealú seirbhís phoiblí a sheachadadh.
DEIRDRE MCCARTHY
Ceapadh Deirdre McCarthy mar Bhainiseoir Stiúrtha ar RTÉ News & Current Affairs i mí na Nollag 2022, tar éis comórtas poiblí don phost seo. Is í an chéad bhean a ceapadh sa phost seo. Roimhe sin, bhí Deirdre ina hEagarthóir Bainistíochta ar Regions and Radio News, chomh maith le clúdach a dhéanamh ar chúrsaí polaitíochta agus gnó, áit ar mhúnlaigh sí agus ar leathnaigh sí clúdach agus straitéis nuachta polaitiúil agus réigiúnach na heagraíochta, lena n-áirítear aschur digiteach. Rinne sí forbairt suntasach ar na príomhchláir nuachta raidió (Morning Ireland, News at One agus This Week) a bhuaigh duaiseanna mar gheall ar a n-ardchaigdeán.
CONOR MULLEN
Tá breis agus tríocha bliain caite ag Conor Mullen ag plé le díolacháin agus margaíocht; le déanaí is leis na hearnálacha meán agus soghluaiste atá sé ag plé. Thosaigh sé in RTÉ in 2005 agus d’oibrigh sé i bpoist éagsúla san earnáil gnó san eagraíocht. Céimí de chuid Choláiste na Trionóide, d’oibrigh sé roimhe sin do Nuachtáin Independent, Vodafone agus Xerox.
PAULA MULLOOLY
Ceapadh Paula ina Stiúrthóir Dlí in 2019. Is dlíodóir le speisialtacht sna meáin í a bhfuil 25 bliain de thaithí aici i ngnéithe den dlí a bhaineann leis na meáin, craolachán agus príobháideachas. Tá comhairle curtha aici agus ionadaíocht déanta aici ina gairm ar réimse leathan cliant sa tír seo agus go hidirnáisiúnta agus tá léachtaí tugtha aici ar dhlí na meán. Cheap an Rialtas í mar bhall den Ghrúpa Oibre ar Athchóiriú Aithisithe a thuairiscigh in 2003 agus a mhol leasuithe agus dréacht reachtaíocht. Bhí sí ar an gcoiste Géilliúlachta d’Údarás Craolacháin na hÉireann ó 2010 go 2018 agus bhí sí ina Cathaoirleach ar an mBord Achomhairc um Chinsireacht Foilseachán ó 2004 go 2012.
NIAMH O’CONNOR
Mar iar-bhall de Bhord Chaighdeán Eagarthóireachta RTÉ, bhí ról lárnach ag Niamh i bpleanáil agus seachadadh cuid de na tionscnaimh ba shuntasaí a bhí ag RTÉ, lena n-áirítear clársceidealú comórtha 1916 agus Keeping Ireland Alive. Tá an-taithí aici ar dhéanamh cláracha sa réimse iniúchta. Mar Cheannasaí Seánra, rinne sí bainistiú ar réimse leathan cláracha fáisnéise a bhí casta agus íogair.
VIVIENNE FLOOD
Mar Cheannasaí ar Ghnóthaí Poiblí, tá ról cennasach glactha ag Vivienne Flood i ndearadh agus cur i bhfeidhm straitéis gnóthaí poiblí na heagraíochta, lena n-áirítear abhchóideacht, polasaí poiblí, caidreamh le geallshealbhóirí agus tionscnaimh shóisialta chorparáideacha agus creidiniú RTÉ.
MIKE FIVES
Tá Mike ag obair mar Ghrúp-Rialtóir Airgeadais le RTÉ ó mhí na Bealtaine 2022. Roimhe sin, bhí sé ina Cheannasaí Airgadais le Virgin Media Television. Thosaigh sé a shaol oibre le PWC, áit ar thraenáil sé mar chuntasóir cairte. Bhí rólanna sinsearacha aige sna hearnálacha teileachumarsáide agus FMCG chomh maith.
RICHARD WAGHORN
Thosaigh Richard Waghorn ag obair le RTÉ i mí Feabhra 2012 mar Phríomhoifigeach Teicneolaíochta. Roimh an ról seo, bhí sé mar CTO le Corparáid Craolacháin na hAfraice Theas. Bhain Richard MBA amach i gColáiste Henley Management i Reading, Sasana agus tá céim céadonóracha aige sna meáin phoiblí agus tíreolaíocht ó Ollscoil Leeds. Chaith sé 10 mbliana le BBC mar Cheannaire Dáileacháin sular bhog sé go SABC. Sa phost seo, thiomáin sé na réamhullmhúcáin do mhalartú digiteach sa Ríocht Aontaithe agus bhí sé ina bhainisteoir tógraí do sheoladh Freeview. Bhí sé ina stiúrthóir boird de Freesat, ardán saorchraolta teilifíse satailíte óna bhunú ni 2008.