TEACHTAIREACHT CHUIG FOIREANN RTÉ Ó KEVIN BAKHURST, ARD STIÚRTHÓIR RTÉ.
A chomhghleacaithe córa,
Is mór an onóir dom teacht ar bord mar Ard Stiúrthóir RTÉ inniu, bíodh is gur tréimhse thar a bheith dúshlánach í seo don eagraíocht i gcoitinne, agus do gach uile dhuine agaibhse ar bhonn aonair.
Ach an oiread libhse, tá uafás ormsa faoi na himeachtaí a bhfuil scéala faighte orthu le gairid, agus faoin tionchar atá acu ar íomhá phoiblí RTÉ, gan trácht ar an tionchar atá acu ar an iontaoibh a chuireann an pobal sa stáisiún, agus ar gach uile dhuine agaibhse chomh maith. Tá mé ag súil le dul i mbun oibre le Siún Ní Raghallaigh agus le Bord RTÉ, agus é mar phríomhsprioc againn muinín in RTÉ a atógáil, laistigh agus lasmuigh den stáisiún, ón lá inniu amach.
Tá a fhios agam go bhfuil sibh ar fad trína chéile agus feargach. Tá RTÉ lán le daoine cumasacha, díograiseacha atá fós tiománta le seirbhís phoiblí riachtanach a sholáthar d’ár lucht féachana, agus lig foireann bhainistíochta RTÉ síos sibh. Tá bhur n-imní cloiste agam, agus leanfaidh mé ar aghaidh ag éisteacht leis an méid atá le rá agaibh.
Tá rún agam a bheith feiceálach agus ar fáil mar Ard Stiúrthóir. Tá cruinnithe á sceidealú agam faoi láthair le foirne ar fud na heagraíochta ionas go mbeidh an deis agam casadh le oiread agaibh is féidir i rith na seachtaine seo, agus an tseachtain dar gcionn. Tá súil agam bualadh le comhghleacaithe i nGaillimh an tseachtain seo chugainn, foirne RTÉ Raidió na Gaeltachta, Nuacht RTÉ, agus TG4 san áireamh. Beidh mé i stáisiún RTÉ i gCorcaigh seachtain ón gCéadaoin, le bualadh le comhghleacaithe ansin. Beidh cuairteanna chuig ár stiúideonna i Luimneach, agus chuig ár n-oifigí réigiúnacha, á n-eagrú agam go luath. Tá sé fíorthábhachtach domsa caidreamh a bhunú le gach uile dhuine agaibh, cibé áit a bhfuil sibh lonnaithe, agus mé mar Ard Stiúrthóir.
Beidh géarghá le hathruithe chun an muinín i seirbhís chraolacháin phoiblí na hÉireann agus in RTÉ i gcoitinne a atógáil. Cé go mbeidh ana-chuid le roinnt libh sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn, seo a leanas ceithre athrú gur mian liom a roinnt libh inniu:
Foireann Cheannaireachta Eatramhach
Beidh an Bord Feidhmiúcháin á scor agam inniu. Cuirfear foireann cheannaireachta shealadach ina áit chun leanúint le reachtáil na heagraíochta. In am trátha, beidh foireann cheannaireachta bhuan ann. Is mian liom béim a leagan ar an bpointe go mbeidh RTÉ, faoi mo stiúir agus faoin bhfoireann cheannaireachta atheagraithe shealadach, ina eagraíocht a bheidh tiomnaithe chun obair go dlúth libh, chun éisteacht, chun a bheith oscailte agus trédhearcach, chun cloí go daingean le próiséas agus nósanna rialachais athchóirithe, chun a bheith freagrach agus chun seirbhís phoiblí a mbeidh muid bródúil aisti a sheachadadh. Glacfaidh seo am, ach tarlóidh sé, agus is gá go dtarlóidh. Tá in iomarca ag brath air seo. Roinnfidh mé tuilleadh eolais faoin bhfoireann cheannaireachta eatramhach níos déanaí inniu. Roimhe sin, dearbhaím go bhfoilseoidh RTÉ tuarastail na foirne ceannaireachta, chomh maith le tuarastail an deichniúr láithreoir is airde gach bliain mar chuid den Tuarascáil Bhliantúil, ag tosú le 2023.
Tá mé cinnte go bhfuil sé cloiste agaibh gur fhág Rory Coveney RTÉ inné. Is mian liom buíochas ó chroí a ghabháil le Rory don obair shuntasach a rinne sé do na meáin chumarsáide seirbhíse poiblí le linn a sheal le RTÉ. Guím gach rath air sa todhchaí.
Athbhreithniú Airgeadais
Bíodh is go bhfuil próisis láidre agus maoirseacht théagartha airgeadais i mórán codanna de RTÉ, tá bearnaí sna próisis agus sna gnásanna seo tagtha chun solais de bharr eolas a nochtaíodh le déanaí faoi na cuntais bhabhtála agus íocaíochtaí éagsúla a bhaineann leis na cuntais sin, táillí a íocadh le conraitheoirí áirithe, idirbheartaíocht le gníomhairí áirithe, agus próisis a bhaineann le cinnithe éagsúla a rinneadh laistigh den eagraíocht; ní beag an dochar atá déanta ag na bearnaí seo do RTÉ mar eagraíocht.
Ón lá inniu ar aghaidh, aontófar cinntí suntasacha leis an bhFoireann Cheannaireachta Eatramhach agus coinneofar taifead de na comhráite maidir leis na cinntí seo. Ní féidir glacadh le smaointeoireacht neamh-chomhtháite, nó rúnda mar a bhí in amanna, agus a tharraing droch-chlú orainn, tarlú arís. Mar chaomhnóirí ar airigead poiblí, ní mór go mbeidh ár n-iontaobhas airgeadais ar chomhcheim lenár n-iontaobhas eagarthóireachta.
Clár Leasanna
Mar chuid de mo thiomantas d’oscailteacht agus trédhearcacht níos leithne, tá dlús a chur le clár leasanna a bhunú don fhoireann agus do chonraitheoirí i gcomhar leis na ceardchumainn. Tá iarratha ar Oifigeach Saoráil Faisnéise RTÉ an próiséas tábhachtach seo a thiomáint, agus féachaint ar dhualgais dlíthiúla RTÉ, chomh maith le féachtaint ar a mhacasamhail de chláir leasanna sa státseirbhís agus i seirbhísí craolacháin idirnáisiúnta. Chomh maith leis sin, tá an tArdstiúthóir Eatramhach, Adrian Lynch, tar éis scríobh chuig gach bainisteoir líne cuí in RTÉ chun soiléiriú a fháil i gcás go raibh aon chliseadh maidir le treoirlínte ábhair nó iriseoireachta RTÉ agus tá cruinnithe ar siúl maidir leis seo. Tá sé thar am go ndéanfaí é seo agus tá mé cinnte go dtuigeann sibh an tábhacht agus an phráinn atá leis an phróiséas seo, go háirithe le cásanna nua a d’fhéadfadh teacht chun solais a dhéanfadh dochar do mhuinín in RTÉ.
Athrú Cultúrtha
Chun go dtarlóidh seo, caithfidh athrú ó bhun go barr teacht ar an gcultúr in RTÉ. Ní mór go dtarlóidh éabhlóidiú tapa agus fónta ar an eagraíocht a mbeidh an fócas dírithe ar a foireann agus an pobal ar a bhfreastalaíonn muid. Ón lá inniu, agus ag tógáil san áireamh próisis agus athbhreithnuithe atá fógartha ag an Aire Martin, oibreoidh mé le Eimear Cusack agus an Rannóg Achmhainní Daonna chun athbhreithniú a dhéanamh ar róil agus gráid, pá agus comhionannas inscne; breathnóidh mé ar na bealaí uilig chun feabhas a chur ar chumarsáid níos iomláine a dhéanamh libh, agus conas ionchur a thabhairt daoibh sna cinntí a dhéanann muid. San áireamh anseo, tionscnófar grúpa forbartha foirne chun casadh go rialta liomsa, agus le baill eile den Ghrúpa Ceannaireachta, chomh maith le suirbhé cuimsitheach foirne. Tuigim go n-eascróidh ceisteanna ón méid seo, mar sin, roinnfidh mé tuilleadh sonraí libh faoi seo agus nithe gaolmhara go luath.
Gan amhras, beidh mé ag roinnt an eolais seo agus smaointe eile sna comhráite a bheidh againn leis na meáin i rith na seachtaine, ag tosú ó inniu. Tá sé i gceist agam bheith oscailte agus ar fáil dár meáin, in RTÉ féin agus sna meáin eile. Tá sé tábhachtach go bhfeicfidh lucht féachana agus na híocáirí ceadúnas na hathruithe atá á dtiomáint againn agus a mbeidh muid freagrach astu. Beidh mé ag plé le réimse leathan geallshealbhóirí seachracha freisin; is cuid luachmhar d’aschur RTÉ ach go háirithe, an méid a dhéanann an earnáil neamhspleách agus bíonn tionchar níos leithne ag cinntí a dhéantar maidir le RTÉ ar earnáil na meáin i gcoitinne.
Go raibh maith agaibh
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil libh as an gclúdach cuimsitheach d’ardchaighdeán a chuir sibh ar fáil sna seachtainí deireanacha seo. Tuigim nach raibh sé éasca, ach arís, bhí bunchreidiúnacht RTÉ ag brath ar bhur saothar agus bhur ndúthracht. Seo iad na príomhfhreagraí don lá inniu. Beidh tuilleadh le teacht sna laethanta agus seachtainí romhainn agus coinneoidh mé ar an eolas sibh. Tá súil agam casadh le morán agaibh sna laethanta romhainn agus beidh áthas orm éisteacht le bhur smaointe agus tuairimí agus bhur gceisteanna a fhreagairt. Ar deireadh, ní leor focail leo féin. Anois an t-am do ghníomh agus athrú. Tá mé tiomnaithe go hiomlán chun na hathruithe agus an t-athchóiriú a chur i gcrích chun droim láimhe a thabhairt don tréimhse náireach seo i stair RTÉ agus chun muinín i seirbhís chraoltóireachta phoiblí a atógáil, ar bhonn céimithe lá indiaidh lae. Creidim go n-éireoidh linn. Is gá go n-éireoidh linn.
Ní neart go cur le chéile.
Go raibh maith agaibh,
Kevin Bakhurst
Ard Stiúrthóir