An caidreamh uathúil atá ag muintir na hÉireann leis an bhfarraige le léiriú i sraith nua Mealladh na Mara
Sa tsraith úrnua seo ó Chláracha Gaeilge RTÉ, tugtar léargas don lucht féachana ar shaol triúr an-éagsúil atá faoi dhraíocht ag an bhfarraige ó bhí siad ina leanaí. Tá farraige thart timpeall na hÉireann ar fad agus tá caidreamh casta ag go leor againn leis an bhfórsa míshocair dúlra seo. Ba fhoinse í an fharraige chun slí bheatha a shaothrú, foinse a bhfuil finscéalaíocht ag baint léi agus a bhfuil ábhar iontais inti leis na glúnta ach d’fhéadfadh contúirt ollmhór a bheith i gceist léi freisin.
I Maigh Eo, rachaimid ag taiscéalaíocht sa domhan faoi thoinn leis an tumadóir cuardaigh agus tarrthála Conall Ó Domhnaill. Labhróidh an Dochtúir Ginearálta Eoin McCarthy Deering, duine de na surfálaithe is cumasaí in Éirinn, faoi chothromaíocht a bhaint amach idir a ghairm ghairmiúil agus na maidhmeanna móra a bhíonn á mhealladh i gcónaí. Ar Chléire in Iarthar Chorcaí casfaidh muid leis an múinteoir meánscoile Niamh Ní Dhrisceoil a fuair oiliúint mar scipéir agus arb í an chéad bhean in Éirinn í le bheith ina scipéir ar bhád farantóireachta.
Is éard a dúirt léiritheoir na sraithe Birthe Tonseth: “Bhí muid ag iarraidh neart agus iontas na farraige a chur in iúl leis an tsraith seo, agus bhí an t-ádh orainn go raibh deis againn obair a dhéanamh le roinnt daoine dochreidte ar an scáileán agus ar shiúl ón scáileán. Ba mhór an pléisiúr a scéalta agus radhairc na hÉireann, a bhainfeadh an anáil díot, a chur leis an gceol álainn.”
Is múinteoir atá ar scor agus tumadóir cuardaigh agus tarrthála é Conall Ó Domhnaill atá faoi dhraíocht ag an bhfarraige ó bhí sé óg. Cé gur tógadh i gCo. na Mí é, chaith Conall an chuid is mó den samhradh gach bliain ar an trá i nDún na nGall mar gur as sin a athair. Ó shin i leith, tá sé ag brionglóidí faoi thumadóireacht scúba agus nuair a bhí sé luath sna fichidí bhí sé in ann an bhrionglóid sin a bhí aige le linn a óige a thabhairt chun fíre ar
deireadh. Tá Conall ag tumadóireacht anois le 40 bliain. Cé go bhfuil tumadóireacht déanta aige ar an gcuid is mó d’imeallbhord na hÉireann ina chuid ama féin, is eispéireas draíochtúil fós dó é. Is tumadóir cuardaigh agus tarrthála atá an-cháilithe agus a bhfuil taithí aige é Conall le Club Fo-Uisce Ghráinne Uaile i Maigh Eo.
Tógadh an múinteoir meánscoile Niamh Ní Dhrisceoil ar Chléire in Iarthar Chorcaí, an t-oileán is faide ó dheas in Éirinn. Tá sé suite 8 míle amach ó Dhún na Séad agus bíonn 147 duine ina gcónaí ann ó cheann ceann na bliana. Tá Niamh ina cónaí i mBaile an Chollaigh ar imeall Chathair Chorcaí le roinnt blianta anuas agus is ansin atá sí ag obair ina múinteoir meánscoile ach mealltar ar ais í chuig an oileán baile sin beagnach gach deireadh seachtaine agus saoire. Bhí baint ag an bhfarraige i gcónaí lena saol ó baisteadh an leasainm the Lifeboat Baby uirthi nuair a rugadh í ach cosúil le gach teaghlach a chónaíonn agus a oibríonn feadh an chósta, bhásaigh daoine muinteartha le muintir Uí Dhrisceoil freisin ar muir…
Oibríonn an Dr. Eoin McCarthy Deering ina Dhochtúir Ginearálta Ionaid ar fud na hÉireann ach is sa surfáil atá a chroí agus a anam. Tá sé ar dhuine de na surfálaithe is mó taithí in Éirinn agus tá aghaidh tugtha aige ar roinnt de na maidhmeanna is mó ar domhan. Rinne sé ionadaíocht ar son na hÉireann ag comórtais idirnáisiúnta agus tá maidhmeanna móra surfáilte aige in áiteanna amhail an Indinéis, an Íoslainn, California, Barbadós agus na hAsóir. Is minic a airíonn Eoin fórsa géar an aigéin agus tá a fhios aige féin an dainséar a bhaineann leis an bhfarraige. Bhí sé ag surfáil i Sligeach in éineacht lena chuid cairde cúpla bliain ó shin nuair a thit sé de mhaidhm chumhachtach. Bhí an t-ádh air gur tháinig sé slán.
Tugtar cuireadh sa tsraith nua thábhachtach seo do RTÉ One don lucht féachana iad féin a thumadh san áilleacht agus sa chumhacht a bhaineann leis an bhfarraige trí fhianaise phearsanta a fháil ó thriúr. Tá níos mó i gceist leis an bhfarraige don triúr seo seachas gairm, is gnáthchuid den saol atá inti.
Cuirfear tús le Mealladh na Mara ag 7pm Dé Máirt an 11 Iúil ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.