Sa scannán, The Seven Ages of Noel Browne, a stiúir an scannánóir mór le rá as Éirinn, Alan Gilsenan, baintear leas as píosaí scannánaíochta nach bhfacthas cheana agus a fuarthas le déanaí ó cheithre agallamh a taifeadadh sa bhliain 1997.
Rinne an Dr Noel Browne agallamh paiseanta fairsing sa bhliain 1997, tamall beag sula bhfuair sé bás, leis an léiritheoir agus scríbhneoir scripte James Black. Is taighde a bhí sa phíosa scannánaíochta ar dtús, a rinneadh ag a theach i gConamara, le haghaidh script scannáin a raibh súil ag James Black a léiriú. 25 bliain níos déanaí, chuir Nula Suchet, baintreach James Black, an píosa scannánaíochta nach raibh eagarthóireacht déanta air ar fáil do Yellow Asylum Films don scannán faisnéise seo a léiríodh le rannpháirtíocht agus tacaíocht bheirt iníonacha le Noel Browne, Ruth agus Susan.
Iniúchadh atá sa scannán faisnéise pearsanta 80 nóiméad seo ar shaol drámatúil an Dr Noel Browne – sóisialaí a bhí san iomaíocht do chomhaontú, Aire radacach Sláinte, údar na Scéime Máthar agus Linbh, agus sean-namhaid an Ardeaspaig John Charles McQuaid.
Is éard a dúirt Alan Gilsenan, stiúrthóir The Seven Ages of Noel Brown ná: “Duine as an ngnáth ab ea Noel Browne – polaiteoir réabhlóideach agus i ndáiríre radacach ab ea é a mhair de réir a thuisceana féin agus fear a bhí ann, ar go leor bealaí, a bhí chun cinn ar a linn féin. Rinne dreamanna éagsúla cur síos air mar dhuine a bhí beagán cantalach, a bhí ró-achrannach agus go ndeachaigh sin ina aghaidh, ach ceapaimse go dtabharfaidh an stair léargas níos fearr ar an méid suntasach a bhain sé amach agus a chuir sé le saol na hÉireann. Blianta fada ó shin nuair a léirigh muid scannán conspóideach faoi Éirinn ar tugadh The Road to God Knows Where air, scríobh Noel Browne litir fhlaithiúil inspioráideach chugam. Freagra mall ar an litir sin atá sa scannán nua seo ar roinnt bealaí.”
Is léiriú le Yellow Asylum Films é The Seven Ages of Noel Browne i gcomhar le Oireachtas TV agus Údarás Craolacháin na hÉireann.
Féach ar The Seven Ages of Noel Browne ag 9:35pm Dé Luain an 31 Iúil ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.