An Dara Tuarascáil de chuid Grant Thornton Foilsithe ag Bord RTÉ
An Dara Tuarascáil de chuid Grant Thornton Foilsithe ag Bord RTÉ
Tarraingítear Aird sa Tuarascáil ar Lochtanna maidir le Gnáis Oibre agus ar Easnamh ó thaobh Cúrsaí Rialachais
D’fhoilsigh Bord RTÉ inniu an dara céim den dara tuarascáil de chuid Grant Thornton, arna choimisiúnú ag an gCoiste Iniúchta agus Riosca, maidir le scrúdú a dhéanamh ar cheisteanna a bhaineann le hioncam Ryan Tubridy a fhoilsiú go poiblí.
Tá an tuarascáil iomlán á fhoilsiú ag Bord RTÉ faoi réir ag míreanna beaga a cheilt ar mhaithe le baill níos sóisearaí den fhoireann a choinneáil ó aithne.
Deimhnítear sa Tuarascáil go ndearna rannóg airgeadais RTÉ ganntuairisciú poiblí ar fhigiúirí ioncaim na mblianta 2017-2019 maidir leis an Uasal Tubridy.
Dearbhaítear sa Tuarascáil go ndearna Bord RTÉ mar is ceart agus athlua a dhéanamh ar ioncam an Uasal Tubridy idir na blianta 2017 agus 2019 faoi mar a rinneadh sin a fhoilsiú go poiblí.
Soiléirítear sa Tuarascáil nach raibh aon bhaint ag an Uasal Tubridy ná ag NK Management le haon choigeartú i ndáil leis na blianta 2017 – 2019.
Deimhnítear sa Tuarascáil nár tharla, ainneoin ganntuairisciú poiblí ar an ioncam, aon chur isteach ar ráitis airgeadais RTÉ mar gheall ar na bearta coigeartaithe sin.
Cuirtear i gcás sa Tuarascáil gurb é is dóiche gur oibríodh coigeartú maidir leis na blianta 2017, 2018 agus 2019 d’fhonn a theacht ar ‘ioncam leasaithe’ faoi bhun €500,000 maidir le gach bliain faoi seach.
Dírítear aird sa Tuarascáil ar ghnéithe lochtacha maidir le cúrsaí rialachais, easnamh suntasach san áireamh maidir le bearta rialála inmheánacha an lucht bainistíochta, lochtanna maidir leis an bhfeidhm airgeadais, agus easpa maidir le cumarsáid an lucht Feidhmiúcháin leis an mBord.
Dúirt Siún Ní Raghallaigh, Cathaoirleach RTÉ, “Deimhnítear sa Tuarascáil seo, ní is ábhar trua, an tuairim ar ar thángamar de chultúr scoiteachta a bheith i réim maidir le cultúr bainistíochta in RTÉ agus aontaítear le cinneadh an Bhoird tús a chur le clár oibre leanúnach maidir le bearta coigeartaithe.
Tugtar léargas sa Tuarascáil ar laige sa chumarsáid inmheánach agus ar phróisis easnamhacha.
Luaitear go sonrach sa Tuarascáil dátaí faoi leith faoina bhféadfaí earráidí a bheith curtha ina gceart, ach nár tharla sin, agus cáipéisí buntábhachtacha a bhféadfaí iniúchadh a dhéanamh go héifeachtúil orthu, ach nár tharla sin.
Is léir freisin sa Tuarascáil nach ndearna an lucht Feidhmiúcháin ag an am teagmháil mar ba cheart leis an mBord faoi na cúrsaí seo agus nár chuir an lucht Feidhmiúcháin ná na hiniúchóirí faisnéis a bhain le hábhar ar fáil don Bhord.
Beidh na ceisteanna a tharraingítear anuas sa Tuarascáil á dtabhairt faoi mheas againn agus beidh muid i mbun teagmhála le Deloitte, iniúchóirí RTÉ, chun ábhar na Tuarascála a phlé.
Tá bearta déanta cheana féin lena chinntiú nach féidir le maineachtain de na cineálacha seo tarlú in athuair. Tá Bord RTÉ tugtha i gcónaí, ag oibriú le Kevin Bakhurst, Príomhstiúrthóir RTÉ, do chlár leanúnach athchóiriúcháin agus téarnaimh don eagraíocht. Tá súil agam gur céim thábhachtach rialaithe maidir le hathchruthú mhuinín an phobail agus na ngeallsealbhóirí in RTÉ a bheidh i bhfoilsiú na Tuarascála seo.”