Tá deimhnithe ag Kevin Bakhurst go bhfuil deireadh curtha ag RTÉ leis an gcaibidlíocht le Ryan Tubridy.
Ag labhairt dó tráthnóna, dúirt Kevin: “Tugadh le dea-mhéin faoin idirbheartaíocht le Ryan agus bhíothas ag tnúth le teacht ar réiteach trína bhfeicfí Ryan ar ais i mbun a chlár raidió ar RTÉ Radio 1. Tá socraithe agam gan leanúint leis na cainteanna agus, dá réir sin, níl beartaithe faoi láthair go mbeidh Ryan ar ais i mbun láithreoireachta le RTÉ.
Ainneoin go raibh tagtha ar aontú maidir le roinnt de na buncheisteanna, ar a n-áirítear táille, téarma agus uaireanta, táim den tuairim, faraor, go bhfuil an comhthrust tráite idir na páirtithe. Bheadh le tuiscint ó ráitis phoiblí a rinneadh gan chead gan chomhairle go bhfuil amhras á chaitheamh ar an mbunús le hathlua riachtanach ar na táillí a íocadh maidir le seirbhísí sna blianta 2020 agus 2021.
Ag tosú amach dom ar chlár téarnaimh chun teacht ón ngéarchéim seo, is den bhunriachtanas go mbeadh na páirtithe go léir ar aon mheon maidir le gné príomhthábhachta amháin den chás: níor cheart go dtarlódh mílua ar tháillí; agus aontaíonn an uile dhuine leis na táillí sin a athlua go cruinn.
Tá curtha in iúl go soiléir neamhbhalbh agamsa ó thosaigh mé i mbun chúram Phríomhstiúrthóir RTÉ go bhfuil mé tugtha go hiomlán don mhuinín san eagraíocht seo a athchothú tar éis tréimhse náireach i stair RTÉ. D’fhonn sin a bhaint amach, agus idirdhealú iomlán a léiriú idir an t-am a caitheadh agus an t-am i láthair, ní mór gach a dtáinig i gceist a admháil.
Ní fios d’aon duine a bhfuil i ndán go fóill, ach táim, faoi láthair, ag cur deireadh leis an gcaibidlíocht le Ryan, agus ag díriú ar réimse athruithe tábhachtacha a thabhairt i gcrích maidir le hoibriú agus le cultúr na heagraíochta mar chuid den obair bhunriachtanach i ndáil leis an muinín in RTÉ a chothú in athuair.”