Tá réimse iléagsúil d’ábhar inspéise as Éirinn á chur ar fáil ag RTÉ i rith an tséasúir seo romhainn
BUAICPHOINTÍ AN tSÉASÚIR NUA
- Níos mó ná 30 uair a chloig d’ábhar nua drámaíochta as Éirinn
- Réimse leathan de chláracha faisnéise faoi cheisteanna cinniúnacha agus faoi thaithí saoil an duine dáiríre
- Mórócáid cultúir Ireland 100
- Réimse ábhair maidir leis an nGéarchéim Aeráide
- Réimse suntasach cláracha Gaeilge i rith na mbuaicthráthanna craolta
- Ábhar nua siamsaíochta agus grinn de chuid na hÉireann
- Níos mó ná 126 uair a chloig d’ábhar nualéirithe do leanaí na hÉireann
- An réimse is fairsinge d’ábhar Spóirt saor ar an aer FÉACH ar an réamhbhlaisín bolscaireachta anseo.
I rith an tséasúir seo romhainn, cuirfidh RTÉ, i gcomhar le hearnáil na léiritheoirí neamhspleácha, réimse forleathan d’ábhar inspéise as Éirinn ar fáil chun freastal ar réimse leathan den lucht féachana agus éisteachta, idir chláracha faisnéise agus imeachtaí náisiúnta cultúir, cláracha faoin aeráid agus sraitheanna faoin saol mar a chaitear in Éirinn dáiríre, cláracha i nGaeilge i rith na bpríomhthráthanna craolta, cláracha siamsaíochta nua as Éirinn, an rogha is fairsinge de dhrámaíocht agus de spórt na hÉireann agus réimse leathan ábhair do na saoránaigh is óige in Éirinn.
Fíorasach
Leanann RTÉ de chláracha faisnéise faoin tír seo agus de scéalta iontacha eile de chuid na hÉireann a chur ar fáil don séasúr seo romhainn, cláracha a rachaidh chomh mór céanna i gcion ar an lucht féachana leis na cláracha a bhfuil dea-chlú tarraingthe acu ar RTÉ leis na blianta anuas. Clár faisnéise lena mbaineann idir eachtraíocht agus ábhar machnaimh is ea 112 Days – Man Vs Ocean maidir le Damian Browne agus Fergus Farrell agus an turas a thug siad trasna an Atlantaigh i mbád iomraimh dhá sheas. Sraith thábhachtach trí cinn de chláracha faisnéise is ea Stardust ina dtabharfar léargas ó gach dearcadh is féidir ar thragóid an Stardust, agus dírítear aird in Patrick: A Young Traveller Lost ar an gceist phráinneach thruamhéileach maidir le rátaí féinmharaithe i measc an Lucht Siúil in Éirinn trí scéal cásmhar Patrick McDonagh, 12 bhliain d’aois, a chur i láthair. Ón mbliain 1996 i leith, tharla bás 261 bean in Éirinn i gcásanna foréigin faoi mar a chuireann Women’s Aid in iúl. Sa tsraith nua, Dr Cassidy’s Casebook – The Femicide Cases, cíorann an Dr Marie Cassidy, iar-Phaiteolaí an Stáit, an léargas atá ó roinnt de na cásanna a ndearna sí fiosrúchán ina leith i rith a ré gairme ar dhúnbhású ban in Éirinn. Ar an gclár Richie Sadlier – Let’s Talk About Sex, cíorann Richie Sadlier stair an ghnéasoideachais in Éirinn faoi mar a fheictear agus a chloistear do dhaltaí na hidirbhliana.
Beidh cúrsaí aeráide i lár an aonaigh le cláracha nua lán léargais, ina measc Climate Live 2050. Arna léiriú ag léiritheoirí Election ’18, samhlaítear sa chlár uaillmhianach speisialta seo na scéalta nuachta a d’fhéadfadh a bheith le tuairisciú sa bhliain 2050 leis na láithreoirí Mark Little agus Carla O’Brien ag coinneáil an lucht féachana ar an eolas an oíche chinniúnach a bhfágann cúrsaí aeráide an pláinéad ar thob a treascartha. Sa tsraith sé chlár Heated, ríomhtar ar bhonn fíorais a mbeadh i ndán mar gheall ar athrú aeráide don duine aonair, don teaghlach, do phobal comharsanachta agus do lucht tionsclaíochta in Éirinn. Ar A Climate of Change, téann Philip Boucher-Hayes ar thuras chun tionchar an athraithe aeráide ar fud ranna móra an domhain a scrúdú agus a bheidh i gceist aige sin d’Éirinn dá bharr sin a mheas. Mar ghné amháin de dhúthracht RTÉ i mbun ceannródaíocht a dhéanamh maidir le tuairisciú ar an Athrú Aeráide, beidh tuairisciú ar ghéarchéim na haeráide
ina shlánchuid ag Nuacht & Cúrsaí Reatha RTÉ ar fud na réimsí ábhair ar fad de réir mar a théann sé i bhfeidhm ar shaol mhuintir na hÉireann, leanúint de bhéim speisialta a chur ar an mbithéagsúlacht san áireamh.
I mí na Samhna, craolfaidh RTÉ an scannán faisnéise Face Down atá bunaithe ar shaothar sa tsraith iomráiteach RTÉ Documentary on One ar an raidió. Dírítear sa scannán ar fhuadach Thomas Niedermayer, fear gnó as an nGearmáin, ag an IRA sa bhliain 1973. Chuir RTÉ, ARTE, Fís Éireann agus BBC Thuaisceart Éireann cistí ar fáil don chlár, a raibh cabhair ar fáil lena aghaidh freisin le cistíocht faoi Alt 481. Tá an fadscannán faisnéise seo ar taispeáint i bpictiúrlanna na hÉireann faoi láthair. Tá borradh nirt agus treise i gcónaí faoi RTÉ Documentary on One ar RTÉ Radio 1 agus beidh séasúr nua ar fáil de scéalta maidir le ceol, eachtraíocht, stair Chogadh na gCarad agus Sliabh Everest. Sa tsraith iomráiteach Scannal faoin stair shóisialta, beidh súil siar ar scéalta a bhain stangadh agus croitheadh as an náisiún, dul ar iarraidh Mary Boyle sa bhliain 1977 nach raibh ach sé bliana d’aois san áireamh.
Drámaíocht
Tá curtha go mór ag RTÉ le líon na n-uaireanta a chloig d’ábhar drámaíochta le ceithre bliana anuas; ó 9 n-uaire a chloig sa bhliain 2019 go dtí 43.5 uair a chloig sa bhliain 2023. Leanann RTÉ de dhrámaíocht ar shárchaighdeán a chur ar fáil do lucht féachana na hÉireann. Beidh cuid mhór cláracha nua drámaíochta le feiceáil ar an scáileán i rith an tséasúir seo romhainn le cuid mhór aisteoirí Éireannacha, nua agus seanbhunaithe, le feiceáil iontu. Rinneadh an scannánaíocht orthu ar fud na tíre in ionaid éagsúla ó Dhún na nGall go Cill Dalua, Luimneach go Baile Átha Cliath, rud a chuidíonn le cúrsaí eacnamaíochta in áiteanna éagsúla ar fud na hÉireann. Shaothraigh RTÉ in éineacht le páirtnéirí in Éirinn, Fís Éireann ina measc, agus le páirtnéirí idirnáisiúnta d’fhonn níos mó scéalta de chuid na hÉireann a chur i láthair ar theilifíseáin na hÉireann agus saothar aisteoirí agus lucht léiriúcháin na hÉireann a chur i láthair go hidirnáisiúnta. Tá an tionscnamh Storyland ar bun i gcónaí ag RTÉ freisin atá dírithe ar chumas cruthaitheachta lucht aisteoireachta, scríbhneoireachta agus stiúrthóireachta a chothú agus daoine nua le dearcadh nua a thabhairt chun cinn i mbun cúrsaí drámaíochta in Éirinn. Rinne buaiteoirí Storyland roimhe seo dul chun cinn go ndearna siad obair scríbhneoireachta ar Hidden Assets agus Smother.
Ar na sraitheanna nua a bheidh á dtaispeáint den chéad uair riamh an séasúr seo, tá The Gone, Obituary agus Blackshore, agus beidh sraitheanna nua de Hidden Assets agus The Dry ar ais freisin, gach sraith acu le cúnamh ó Fís Éireann. Sa tsraith sé chlár scéinséara The Gone, inarb é Richard Flood (Grey’s Anatomy), an príomhaisteoir, tá lánúin óg as Éirinn imithe ar iarraidh agus amhras ar theaghlach coiriúlachta as an tír seo go raibh baint acu leis; téann bleachtairí as an Nua-Shéalainn agus as Éirinn i bpáirt i mbun fiosrúcháin. Tá Sraith 2 de Hidden Assets suite idir Luimneach agus Antuairp. Pearsa nua is ea Claire (Nora-Jane Noone), Bleachtaire Sáirsint i gceannas ar an mBiúró Sócmhainní Coiriúla in Éirinn. Tá Simone Kirby agus Cathy Belton i measc na n-aisteoirí eile.
Sa dráma dorcha grinn Obituary, tá Siobhán Cullen i bpríomhpháirt Elvira Clancy, scríbhneoir cholún na marbh a dtéann leadrán an tsaoil i gcion chomh mór uirthi go spreagtar chun gnímh í. I nDún na nGall a rinneadh scannánaíocht ar an tsraith sé chlár ina bhfuil Smiley agus Danielle Galligan le háireamh ar na príomhaisteoirí chomh maith. Sa scéinséir dhorcha Blackshore, feictear an Bleachtaire Cigire Fia Lucey (Lisa Dwan), bleachtaire géarchúiseach uaillmhianach a bhfuil gnéithe tragóideacha dá saol go dtí seo ag luí go trom uirthi. Tá Rory Keenan, Stanley Townsend, Andrew Bennett agus Amy De Bhrún i measc na bpríomhaisteoirí. Sa dara séasúr den tsraith grinn The Dry, arna scríobh ag Nancy Harris a ainmníodh do ghradam scriptscríbhneoireachta de chuid BAFTA, feictear Roisin Gallagher ar ais i bpáirt Shiv Sheridan atá ag teacht ó andúil san ól, in éineacht le complacht d’aisteoirí nua le háireamh ina measc Sam Keeley (Kin) agus Michael
McElhatton (Game of Thrones). Tá The Boy That Never Was bunaithe ar chéad úrscéal Karen Perry a bhí ar an leabhar ba mhó díolachán ar liostaí The Sunday Times. Jo Spain a rinne é a chóiriú don scáileán. Cuirtear daoine nua cumasacha de chuid na hÉireann i lár an aonaigh ar Storyland le drámaí nua iomlána aon chlár amháin ar a n-áirítear Wrapped, le Ella Lily Hyland sa phríomhpháirt, Falling for the Life of Alex Whelan le Chris Walley sa phríomhpháirt, agus The Cousin le Fionn Ó Loingsigh sa phríomhpháirt.
Tá séasúr iomlán den drámaíocht spleodrach i ndán ar Fair City i rith an fhómhair, nuair a théann iarracht ar fhuadach in aimhréidh go mór. Tá níos mó sraitheanna drámaíochta á gcur ar fáil ar RTÉ Player ná mar a bhí riamh go dtí seo agus is féidir boscra nua drámaíochta as Éirinn agus as tíortha thar lear a sheinm i rith an fhómhair, an dráma coireachta Luther ina measc a bhfuil ardmholadh ag an lucht critice air, chomh maith le Hidden Assets, Sherlock, The Split, Doctor Foster, Blue Lights agus cuid mhór eile.
Cúrsaí Cultúir – Cláracha Ealaíon agus Ceoil
Leanann RTÉ den infheistíocht i gcláracha agus in imeachtaí lena ndéantar oidhreacht shainiúil cultúir agus ealaíne na tíre seo a cheiliúradh agus a chur i láthair. Tá coimisiúnú déanta ag RTÉ, i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíne, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, ar cheolchoirm speisialta a chraolfar beo mar ócáid dheireanach i ndeich mbliana chomóradh an chéid. Craolfar Ireland 100: An Old Song Re-Sung, le roinnt de na ceoltóirí, na hoirfidigh agus na scríbhneoirí is iomráití de chuid na hÉireann, i mí Dheireadh Fómhair mar cheiliúradh ar chothrom 100 bliain ó chuaigh Éire isteach i gConradh na Náisiún.
Déanfaidh RTÉ ceiliúradh i nDún na nGall ar an Oíche Chultúir, Dé hAoine, an 22 Meán Fómhair ó ionad cois locha faoi bhun na hEaragaile nuair a bheidh aoi-oirfidigh éagsúla in éineacht le Ceolfhoireann Coirme RTÉ. Ar Aistear an Amhráin, scrúdaítear an bhunbhrí le roinnt de na hamhráin is fearr le muintir na hÉireann. Beidh Damien Dempsey, John Sheahan agus na Saw Doctors le feiceáil. Ar Seisiún, tabharfaidh an láithreoir Muireann Nic Amhlaoibh cuairt ar ionaid éagsúla a bhfuil clú orthu mar thithe ceoil. Déantar comóradh ar Dolores@70 ar an amhránaí cáiliúil Dolores Keane a bhfuil 70 bliain slán aici agus beidh cláracha faoi Sheán Keane agus faoi na Chieftains i measc chláracha na sraithe Cloch le Carn. I gclár aonair faisnéise faoi na Hothouse Flowers, scrúdaítear an bhliain chinniúnach a chuir athrú ar an saol ag lucht an bhanna. Ar Songlines, buaileann Thomas McCarthy le hamhránaithe éagsúla den Lucht Siúil ar fud na hÉireann. Sa tsraith The Meaning of Life with Joe Duffy feictear agallaimh le Johnny Logan, Adi Roche, Tony Holohan agus, ar chlár speisialta mar cheiliúradh ar 100 eagrán éagsúil sa tsraith, an tArd-Easpag Diarmuid Martin. Ar feadh coicíse i mí Dheireadh Fómhair ar RTÉ Radio 1, craolfar na deich ngearrscéal is fearr ó Chomórtas Gearrscéalaíochta RTÉ in onóir Francis MacManus. Ar Hidden Treasures, dírítear aird ar ghnéithe cultúir agus cruthaitheachta a ghabhann leis an obair dhúshlánach a dhéantar in iarsmalanna na hÉireann. Buaileann an scannánaí Cathal Ó Cuaig, ar Viva Mary (Banríon Sitges), le Mary Lambe, máthair agus seanmháthair as Conamara ó dhúchas, iníon leis an bpéintéir Charles Lambe.
Siamsaíocht
Tugtar muintir na tíre le chéile ag féachaint ar chláracha siamsaíochta agus ar chláracha grinn arna léiriú in Éirinn agus beidh flúirse de bhunábhar sainiúil na tíre á chur ar fáil i rith an tséasúir seo romhainn ar féidir breathnú air beo tráth a chraolta nó ar a éileamh ina dhiaidh sin.
Cuirfear tús le ré nua i scéal an Late Late Show Dé hAoine, an 15 Meán Fómhair nuair a chuirfidh an láithreoir nua Patrick Kielty an clár beo comhrá is faide ar an aer ar fud an domhain ar fad i láthair ar a shainstíl féin leis na hoirfidigh is fearr de lucht siamsaíochta, ceoil agus grinn na hÉireann (agus ar ndóigh, beidh an t-ulchabhán le feiceáil agus an clúmh ag seasamh clú dó).
Beidh Tommy Tiernan ar ais i mí Eanáir le 16 chlár sa tsraith The Tommy Tiernan Show. Beidh agus an tsraith Dancing with the Stars a mbíonn oiread sin tóir ag an lucht féachana air, le Jennifer Zamparelli, Doireann Garrihy agus aon duine dhéag nua ag cur na gcos uathu. Cuirfidh Baz Ashmawy The Money List i láthair, tráth na gceist nua. Ar The Full Irish Hidden Camera Show le Doireann, Carl agus Donncha, láithreoirí 2FM Breakfast, feictear bob á bhualadh ar dhaoine den phobal, agus tá beirt nua ar Ireland’s Fittest Family le Sonia O’Sullivan i measc na gcóitseálaithe agus Laura Fox ina láithreoir. Ar an tsraith nua Love in the Country, tá Anna Geary ar fáil chun cuidiú le feirmeoirí grá agus searc a gcléibh a aimsiú agus beidh First Dates ar ais go bhfeictear scéalta croíúla lena léirítear gnéithe de shaol na linne seo in Éirinn i mbialann lucht an dóchais.
Ar Foclóir Brille, tugann an bhean grinn Bláithín de Burca an lucht féachana ar thuras caithréimeach maidir leis an nGaeilge, mar a bhí, mar atá agus mar a bheidh. Ar an gclár don RTÉ Player go speisialta, Ireland’s Perfect Pubs, téann Anna Clifford, bean ghrinn eile, ar camchuairt ó theach ósta go teach tábhairne ar fud na hÉireann go bhfeiceann sí roinnt den chuid is inspéise sa tír. Féachann beirt fhear grinn eile, Darren & Joe le hairgead a shaothrú i rith Chorn Rugbaí an Domhain ar Darren and Joe’s Rugby Bandwagon, agus beidh Today, an clár is breá leis an lucht féachana tráthnóna, ar ais as Corcaigh le Dáithí, Maura agus Sinéad. As Corcaigh chomh maith a thiocfaidh Jock agus Conor le sraith nua de The Young Offenders, an dráma grinn a mbíonn oiread tóir ag an lucht féachana air.
Saol Dáiríre na nÉireannach
Tugann RTÉ an lucht féachana isteach i gceartlár chroí agus bheatha daoine agus pobal in Éirinn le cláracha faisnéise faoi thaithí an tsaoil dháiríre, scéalta spreagúla faoi dhaoine a rinne athrú ó bhonn agus faoi dhaoine a sháraíonn gach dúshlán a chuirtear idir iad agus céile nó áit chónaithe ar a mian nó an meangadh gáire is iontaí ar an saol!
Tugtar faisnéis faoi thaithí an tsaoil ag daoine dáiríre i gcláracha de leithéid Fools for Love, ina bhfiosraíonn an t-iriseoir Aoife Grace Moore gnéithe imníocha maidir le haipeanna coinní. Leantar roinnt de na mílte as Éirinn a roghnaíonn taisteal thar lear maidir le máinliacht chosmaideach ar Sun, Sea, and Scalpels agus ar Keith’s Teeth: A Dental Odyssey, scrúdaíonn Keith Duffy an t-athrú ar smaointe mhuintir na hÉireann faoin draid.
Tugtar cuairt ar Inside Penneys isteach i gceanncheathrú gnóthach cheann de na comhlachtaí siopadóra is cáiliúla in Éirinn. Scrúdaítear an saol pósta ag lánúineacha de bhunadh éagsúil cultúir agus creidimh ar A Ring and A Prayer. Ar Secret Life of Your Body, sraith nua leighis arna chur i láthair ag Kathryn Thomas, leantar othair a théann faoi scian agus iad ag teacht ó obráidí maidir le seach-chonairí croí, ballnasc croiseach tosaigh na glúine agus eile, agus feictear athruithe claochlaitheacha eile ar shraitheanna de leithéid Big Life Fix, Raised by the Village agus Operation Transformation. Tugtar faisnéis faoi shaol dáiríre an phobail le réimse cláracha ar n-áirítear Ar an Sliabh, maidir le gnáthshaol na ndaoine i gceantair iargúlta, Cheap Irish Homes, maidir le daoine ar mian leo an chéad áras cónaithe a cheannach gan iomarca a íoc, agus Bog Amach, nuair a thugann Emer Mhic an Fhailí lánúineacha chuig tithe in ionaid iontacha a d’fhéadfadh a bheith ina áit chónaithe acu. Bíonn deis ar an gclár Peataí ag úinéirí freagra a fháil ar cheisteanna maidir lena gcuid peataí agus ar Listen to the Land Speak, tugann Manchán Magan, an scríbhneoir cáiliúil maidir le cúrsaí dúlra, an lucht féachana ag scrúdú réimsí talún agus uisce na hÉireann. Cuirtear éirim bhunúsach na hEorpa, ó thaobh cúrsaí ailtireachta, damhsa agus oirfidíochta, i láthair ar Continental Riffs. Ar Marty’s Big Picture Show, féachann Marty Morrissey agus an staraí Liz Gillis le héadain a bhí os comhair lionsaí roinnt de na grianghrafadóirí ba mhó le rá in Éirinn a thabhairt chun suntais. Sraith dhá chlár atá in Dermot Bannon’s Super Spaces ina bhféachtar ar spásanna neamhghnácha ina bhfuil cónaí ar dhaoine.
Cuireann RTÉ réimse iléagsúil ábhair ar fáil do na saoránaigh óga ar RTÉjr, RTÉ2, RTÉ Player agus ar chainéal RTÉ ar YouTube, le hábhar sainiúil beo-aisteoireachta nó anamúlachta chomh maith le himeachtaí speisialta. Is spás sábháilte é RTÉjr ag daoine óga chun bheith ag féachaint ar ábhar dúchasach na tíre seo le cláracha atá saor ó fhógraíocht agus atá ar fáil ar an Modh Sábháilte ar an RTÉ Player.
Tar éis gradam RTS a bhuachan, beidh Story bud le sraith nua ina mbeidh Jason Byrne, Panti Bliss agus Dustin i gcláracha faoi leith. Ar Ladybird and Bee, suitear scéalaíocht chroíúil i Saol an Dúlra agus is saol iontach eachtraíochta Tír na nÓg, atá in úsáid ag tuismitheoirí, seantuismitheoirí agus scoileanna chun leanaí réamhscolaíochta a thumadh i saol na Gaeilge. Tá gnéithe den seó líníochta ag rith le Will Sliney’s Storytellers 2 agus gnéithe den seó anamúlachta le scéalta eachtraíochta, ionas go bhfoghlaimíonn ealaíontóirí óga ionchais leis an arm is cumhachtaí ar domhan – an peann luaidhe – a láimhsiú. Bíonn Becky Lynch, réalta iomrascála WWE, Aisling Bea, aisteoir, agus Dermot Whelan, craoltóir le feiceáil sa tsraith. Ar Ray of Sunshine, feictear Ray, atá seacht mbliana d’aois, atá ina chónaí in Sunshine Apartments i gceartlár chathair Bhaile Átha Cliath.
I mí Dheireadh Fómhair, beidh an chéad taispeántas This is Art! faoi choimirce RTÉ & Éire Ildánach ar siúl san Acadamh Ibeirneach Ríoga i mBaile Átha Cliath. Ar Ruck and Roll, beidh Corn Rugbaí an Domhain á thabhairt chuig dreamanna den lucht éisteachta agus féachana agus chuig clubanna ar fud na hÉireann ag an láithreoir Seán Treacy, agus tástáil á héanamh ar an eolas agus ar an gcumas imeartha atá i réalta óga an spóirt! Ar Space Camp Challenge, i gcomhar le Fondúireacht Eolaíochta Éireann, leantar ochtar dalta idirbhliana ar thuras iontach go Huntsville, Alabama chun páirt a ghlacadh i gclár oiliúna NASA do spásairí. Beidh sraitheanna éagsúla á gcraoladh den chéad uair riamh ag Cláracha do Dhaoine Óga i rith na bliana 2024 ina dtéitear i ngleic le ceisteanna móra timpeallachta, ina measc What’s Next?, sraith do leanaí 10–12 bliana d’aois ina scrúdaítear cúrsaí nuálaíochta agus réimsí deacrachta atá le sárú in earnáil an chomhshaoil.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha
Nuair nach bhfuil teorainn ar bith le méid an eolais a chuirtear ar fáil ar na saolta seo, is mó arís an tábhacht atá le muinín as an bhfoinse nuachta a thapaíonn duine. Oibríonn Nuacht & Cúrsaí Reatha RTÉ faobhar ag gearradh tríd an truflais agus deimhnítear fírinne iomlán gach scéil. Cuirtear in aghaidh mífhaisnéise ionas go gcinntítear gur féidir leis an lucht éisteachta agus féachana iontaoibh a bheith acu as ár gcuid tuairiscíochta ar na hardáin ar fad. Leanfaidh Nuacht RTÉ de scéalta a chur in iúl le barr cruinnis agus cothromaíochta ionas gur féidir leis an lucht féachana agus éisteachta a bheith ar an eolas de réir mar is mian leo féin, lena n-áirítear forás suntasach ar na cuntais iontaofa Instagram agus TikTok a spreagann spéis na ndaoine óga. Le ráithe anuas, chuaigh ábhar de chuid Nuacht RTÉ i bhfeidhm ar níos mó ná 33 milliún cuntas ar Instagram agus tapaíodh físeáin níos mó ná 22 milliún uair ar TikTok.
I rith an tséasúir seo romhainn, beidh Fóram, sraith nua de chláracha seachtainiúla cúrsaí reatha á seoladh ar RTÉ One. Craolfar na cláracha seo, le tuairiscíocht agus anailís i nGaeilge ar na scéalta móra, beo ar an Domhnach. Agus tús ag teacht le téarma nua i gcúrsaí polaitíochta, beidh Áine Lawlor ar ais freisin ar an Domhnach le The Week in Politics agus beidh an tsraith lán léargais podchraoltóireachta Your Politics ar fáil ar na hardáin uile gach seachtain.
Tar éis chláracha iontacha láidre maidir le laonta bheithígh bainne na hÉireann agus Sex for Rent i mbliana, cuirfidh foireann ghradamúil RTÉ Investigates ábhar chraoltóireacht seirbhíse poiblí den scoth ar fáil le cláracha nua faisnéise i rith an tséasúir seo romhainn a thabharfaidh léargas ar nithe nach dtugtar chun aire. Beidh Upfront le Katie Hannon ar ais ar RTÉ One ar an Luan agus deis ag an bpobal a gcuid tuairimí faoi chúrsaí tráthúla a chur i láthair agus ceisteanna ina leith a chur ar lucht na cumhachta. Cíorfaidh Miriam O’Callaghan,
Fran McNulty agus Sarah McInerney, maille le meitheal Prime Time, na ceisteanna atá ag dul i bhfeidhm ar shaol an uile dhuine againn. Chomh maith leis an athrú aeráide, an ghéarchéim tithíochta agus an t-ardú ar an gcostas maireachtála, déanfar tráchtaireacht agus scrúdú leitheadach ar Prime Time maidir leis na himeachtaí suntasacha go léir, Buiséad 2024 san áireamh.
Leanann Nationwide de scéalta áitiúla ó gach cuid den tír a chraoladh atá suite i measc an phobail le Anne Cassin agus Bláthnaid Ní Chofaigh ag cur cláracha i láthair ar a bhfeictear ionaid turasóireachta in Éirinn, fiontraithe ar fud na tíre, lucht ceardaíochta, ábhar léargais faoi stair na hÉireann, agus scéala neamhghnáthacha faoi na gnáthdhaoine in áiteanna éagsúla sa tír seachtain i ndiaidh seachtaine.
Spórt
Leanann RTÉ den réimse is leithne de chláracha spóirt a chur ar fáil don lucht féachana saor ar an aer, ina bhfeictear na foirne náisiúnta, na cluichí náisiúnta agus lúthchleasaithe na hÉireann i mbun iomaíochta in Éirinn agus thar lear. Beidh Corn Rugbaí an Domhain, Comórtas Oscailte Gailf na hÉireann, Craobhchomórtas Rámhaíochta an Domhain, Craobhchomórtas Gleacaíochta an Domhain, Cluichí Cáilíochta Euro, Cluichí Club agus cluichí Sraithe CLG le feiceáil. Spórt RTÉ an bhunáit maidir le spórt na hÉireann, anailís iontaofa, tráchtaireacht ó shaineolaithe, agus meitheal cúloibrithe a shaothraíonn go dúthrachtach chun an t-ábhar spóirt is fearr a chur ar fáil don lucht féachana i rith shéasúr an fhómhair agus an gheimhridh seo romhainn.
Beidh Corn Rugbaí an Domhain i lár an aonaigh agus gach ceann den 48 cluiche le feiceáil ar an teilifís in Éirinn ar theilifís RTÉ, an RTÉ Player, ar Virgin Media Television agus an Virgin Media Player.
Beidh Jacqui Hurley i mbun láithreoireachta le Jamie Heaslip, Simon Zebo, Jerry Flannery, Stephen Ferris, Fiona Coghlan, Bernard Jackman, Hannah Tyrrell, Donal Lenihan agus Darren Cave i measc lucht an phainéil. Beidh cluichí i gcomórtas Sé Náisiún na bhFear, na mBan agus Faoi 20 ar ais beo ar RTÉ san earrach.
Maidir le cúrsaí sacair, beidh foireann Phoblacht na hÉireann i sacar na mban ag dul ar ais san iomaíocht tar éis a gcuid gaisce ar Corn an Domhain agus tús á chur le feachtas Shraith na Náisiún de chuid UEFA i mí Meán Fómhair le cluiche in aghaidh Thuaisceart Éireann i Stáid Aviva. Leanfaidh foireann na bhfear, faoi bhainistíocht Stephen Kenny, lena n-iarracht cáiliú do chraobhchomórtas Euro an tsamhraidh seo chugainn. An mhí seo chugainn chomh maith, beidh an fhoireann Faoi 21 ag tosú ar a bhfeachtas cáiliúcháin féin maidir le Corn UEFA na hEorpa. Beidh na cluichí grúpaí i Sraith UEFA na gCuradh ar ais ar an scáileán chomh maith le deireadh an tséasúir náisiúnta anseo in Éirinn le cluichí beo i bPríomhroinn Shraith SSE Airtricity chomh maith le Cluichí Ceannais Chorn an FAI i sacar na bhfear agus i sacar na mban.
Tar éis samhradh iontach de chluichí craoibhe CLG, beidh aird á dhíriú ar ais arís anois ar Chraobhchomórtais AIB Uile Éireann na gClub agus beidh Sraith Náisiúnta Allianz ar ais i dtús na bliana seo chugainn sula dtosaíonn na cluichí craoibhe in athuair. Fógrófar Sárimreoirí na Bliana i mí na Nollag agus craolfar an searmanas beo ar RTÉ.
Beidh Craobhchomórtais Oscailte Gailf na hÉireann, d’Fhir agus do Mhná, á gcraoladh beo ar RTÉ níos deireanaí i mbliana agus leanfar den chraoltóireacht chuimsitheach ar Rásaí Capall mar is iondúil le Féile na Nollag as Baile na Lobhar.
Nuair nach bhfuil mórán le bliain go mbíonn na Cluichí Oilimpeacha ar siúl, tá aird na lúchleasaithe agus an lucht féachana araon á dhíriú ar chomórtais cáilíochta le haghaidh na gcluichí sin i bPáras. Beidh cuid mhór iomróirí as Éirinn ag féachaint le boinn a bhuachaint ag Craobh Iomraimh an Domhain i mBéalgrád. Beidh Comórtas Cáilíochta maidir le Páras agus Craobh Gleacaíochta an Domhain ar siúl in Antuairp i mí Meán Fómhair. Beidh Craobh Trastíre na hEorpa ar siúl sa Bhruiséil i mí na Nollag agus beidh súil siar á caitheamh ag RTÉ ar bhliain shuntasach maidir le cúrsaí spóirt na hÉireann agus gradaim á mbronnadh ar an dream is mó gaisce i rith na bliana 2023 ag Gradaim Spóirt RTÉ.