Cuir aithne ar an Láithreoir is nuaí le Nuacht RTÉ
Barry Gallagher ó Dhún na nGall ó dhúchas fógartha ina láithreoir ar RTÉ news2day
An Fómhar seo, beidh Barry Gallagher, 24, ó Dhún na nGall le feiceáil den chéad uair ar an teilifís mar chuid d’fhoireann news2day. Is seirbhís nuachta news2day atá dírithe go sonrach ar leanaí agus clúdaítear scéalta nuachta de chuid na hÉireann agus áiteanna eile ar domhan a bheadh ina n-ábhar spéise ag lucht féachana óg.
Tar éis do RTÉ gairm chun céimithe i ngnóthaí na meán cumarsáide agus san iriseoireacht ar fud na tíre a dhéanamh, agus próiseas cuimsitheach éisteachta, roghnaíodh Barry le tabhairt ar an bhfoireann. Tosóidh sé i mbun craoltóireachta Dé Luain seo chugainn an 4 Meán Fómhair beo ar RTÉ2, ar RTÉ News agus beidh sé ar fáil lena shruthú freisin ag scoileanna ar an RTÉ Player.
Is as Gartán i sléibhte Dhún na nGall Barry. Bhog sé go Baile Átha Cliath le tabhairt faoina bhunchéim san iriseoireacht in DCU in 2019. Tar éis dó a chéim a bhaint amach i mBealtaine 2022, thosaigh Barry ag obair ina iriseoir le The Irish Sun, agus dheimhnigh sin dó go raibh a croí go huile agus go hiomlán i gcúrsaí nuachta. Fad is a bhí sé leis an nuachtán sin, bhí sé ag obair ar scéalta éagsúla ó nuacht a bhí díreach ag briseadh agus spórt, go dtí gné-ailt fiosrúcháin, ag clúdach imeachtaí ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. Ina chuid ama shaoir, taitníonn ceol, scannáin agus peil Ghaelach le Barry, spórt a d’imir sé ar feadh blianta fada lena chumann áitiúil, CLG an Tearmainn, agus lena mheánscoil, Coláiste Adhamhnáin.
De bharr gur fhás sé aníos ar fheirm faoin tuath in Éirinn, tá an-chion dar ndóigh ag Barry d’ainmhithe, agus táimid cinnte go mbeidh sé sin le feiceáil le linn a chuid ama ar news2day. Ainneoin gur thosaigh sé amach leis an iriseoireacht chlóite, bhí Barry le cloisteáil ar an raidió agus le feiceáil ar an teilifís roinnt uaireanta sular thosaigh sé le news2day – agus is fada leis go mbeidh sé os comhair an cheamara arís.
Maidir lena ról láithreoireachta nua, is éard a dúirt Barry: “Ba é mian mo chroí é a bheith ar fhoireann news2day agus ní chreidim fós go bhfuilim anseo. Bhínn ag féachaint ar an gclár gach lá tar éis na scoile nuair a bhí mé óg, agus b’ábhar spreagtha dom i gcónaí an grúpa iontach iriseoirí a bhí anseo romham – is mór an onóir dom a lorg a leanúint. Is foinse den scoth agus foinse thábhachtach do leanaí na hÉireann é news2day RTÉ, agus is fada liom go mbeidh mé in ann mo lorg féin a chur air.”
Beidh Barry ag obair in éineacht le láithreoir eile news2day Molly O’Connor as Baile Átha Cliath. Tá Molly ag obair le news2day ó Mheán Fómhair 2022.
Craoltar news2day ó Luan go hAoine ag 4.20pm ar RTÉ2 agus ar chainéal RTÉ News. Chomh maith leis an lucht féachana óg a bhíonn ag féachaint ar an gclár sa bhaile, is iomaí seomra ranga sa tír a fhéachann ar an gclár ar líne ar an RTÉ Player agus úsáidtear é mar uirlis teagaisc.
Féach ar Barry agus Molly ar RTÉ news2day anseo: www.rte.ie/news2day