Stór mór de bhunábhar Gaeilge seolta ag RTÉ don Séasúr Nua
An tseachtain seo, d’fhógair RTÉ sceideal na gclár don séasúr nua agus tá sé blianta fada ó bhí an oiread seo cláracha Gaeilge mar chuid de.
Tá ról lárnach ag RTÉ maidir le cuimhne chultúrtha na hÉireann a chlárú agus a chaomhnú. Le blianta beaga anuas, tá borradh tagtha faoin nGaeilge agus is cuid lárnach de shainchúram RTÉ é sin a léiriú, dul i ngleic leis agus é a neartú. Féachann na cláracha Gaeilge a bheidh á gcraoladh go gairid le siamsaíocht agus oideachas a chur ar fáil dár lucht féachana ar na hardáin uilig agus a spéis a mhúscailt.
Chun tús a chur leis an séasúr nua craolfar ceithre shraith nua Gaeilge. Beidh na sraitheanna seo á gcraoladh le linn na mbuaicthráthanna Dé Luain, Dé Máirt agus Dé hAoine ar RTÉ One. Tosóimid amach Dé hAoine an 1 Meán Fómhair ag 8.30pm ar RTÉ One le Seisiún, sraith cheoil a chuirfidh an t-amhránaí agus ceoltóir aitheanta Muireann Nic Amhlaoibh i láthair. Tabharfaidh sí cuairt ar cheithre ionad ceoil iomráiteacha ar fud na hÉireann: McGrory’s i nDún na nGall, Connolly’s na Léime, Campbell’s Tavern in Áth Cinn agus The Cobblestone i mBaile Átha Cliath. Buailfidh sí leis na teaghlaigh a chruthaigh na hionaid íocónacha seo d’ealaíontóirí agus do lucht an cheoil agus cloisfimid ceol ó chuid de na ceoltóirí a d’imir tionchar ar na hionaid seo is ansa le lucht an cheoil agus a raibh tionchar ag na hionaid orthu.
Dé Luain an 4 Meán Fómhair ag 8pm tiocfaidh sraith maoine RTÉ a hAon, Bog Amach ar ais ar an aer leis an láithreoir nua, Emer Mhic an Fhailí, áit a dtabharfar cabhair do shé lánúin agus teaghlach athlonnú ó thar lear, ó chathair go dtí ceantar tuaithe, agus ó shuaimhneas na tuaithe go dtí fuadar na cathrach. Leanfaimid duine atá ag ceannach tí den céad uair; teaghlach atá ag súil le cur fúthu ar oileán; lánúin óg atá ag athlonnú go hÉirinn ón Nua-Shéalainn; lánúin atá ag filleadh ó Cheanada tar éis 33 bliain agus ag tabhairt a gcúnna faoil Albanacha leo; ceannaitheoir atá ag dul malairt treo agus ag bogadh ó iargúltacht na tuaithe go dtí an chathair; agus lánúin óg atá ar bís le teach níos mó a cheannach.
Díreach ina dhiaidh sin ag 8.30pm (Dé Luain) fillfidh Ar an Sliabh, an tsraith i sé chuid a bhfuil an-tóir uirthi, agus ina leanann muid pobail atá ina gcónaí ar Chnoc Bhréanainn i gCiarraí, ag bun na hEaragaile i nDún na nGall agus i nGleannta Aontroma. Tugtar léargas dúinn ar an saol, thuas seal thíos seal, a bhíonn ag na daoine a mhaireann sna ceantair iargúlta seo, ó theaghlach óg a bhíonn ag déileáil go praiticiúil le tinneas fadtéarmach go dtí daoine atá ag bogadh ar ais abhaile tar éis dóibh blianta a chaitheamh i gcathracha móra – agus an ghlúin níos sine atá ag pleanáil todhchaí inbhuanaithe dá gcuid leanaí agus dá ngarchlann. Is comhléirithe le BBC Gaeilge iad Bog Amach agus Ar an Sliabh.
Dé Máirt an 5 Meán Fómhair ag 7pm ar RTÉ One, déanfar iniúchadh i sraith nua ceithre chlár Aistear an Amhráin ar na rúin agus na scéalta atá taobh thiar de chuid de na hamhráin is mó cáil in Éirinn, ó amhráin reibiliúnacha go dtí bailéid chlasaiceacha. Idir Mná na hÉireann, an sar-amhrán ar chum Seán Ó Riada ceol dó, an t-amhrán de chuid na Saw Doctors ó 1990 faoin imirce, N17, Take Me Up To Monto na Dubliners agus an t-amhrán poblachtach a chothaigh aighneas, Come Out Ye Black and Tans, tabharfar an stair, an stair shóisialta agus cuid de na fíricí dúinn, nach bhfuil ar eolas ag mórán, ach atá taobh thiar de chuid de na hamhráin is ansa linn anseo in Éirinn.
Níos déanaí sa bhfómhar, bí ag faire amach do rogha an lucht féachana, Scannal, Peataí agus Cloch le Carn.
Féachann Scannal siar ar na scéalta a chuir alltacht orainn agus a d’athraigh muid mar náisiún. An séasúr seo, i measc scéalta eile, caithfear súil siar ar an gcaoi ar imigh Mary Boyle, a bhí sé bliana d’aois, gan tasc gan tuairisc sa bhliain 1977, an chorraíl a tharla sa tír nuair a deineadh iarracht táillí uisce a thabhairt isteach agus an chaoi ar bhraith Aonach Poc Chill Orglan mar gheall ar an tonn teasa – agus ar na tablóidigh – in 2022.
Peataí
Fillfidh an tréidlia Ellen Hegarty, an grúmaeir Paul Ó Gallachóir agus an t-iompraí ainmhithe Paula Doohan ar ár scáileáin an Fómhar seo, tráth a dtabharfar deis d’úinéirí peataí ar fud na hÉireann freagraí a fháil ar fhadhbanna a bpeataí. Leanfaidh an láithreoir Tessa Fleming ár saineolaithe agus iad ag oibriú ar na fadhbanna atá ag lán an tí de mhadraí easumhla, cait bhreoite agus ainmhithe andúchasacha giongacha chun cabhrú le húinéirí peataí agus a gcuid peataí réiteach a fháil ar fhadhbanna móra agus beaga. Is comhléiriú é seo le BBC Gaeilge.
Cloch le Carn
Déanfaimid ceiliúradh ar bheirt as Baile Átha Cliatha agus beirt de na ceoltóirí is mó le rá. I mí Dheireadh Fómhair déanfaidh Cloch le Carn ceiliúradh ar an bhfidléir, Seán Keane, a bhí ina bhall de na Chieftans agus de Cheoltóirí Chualann agus níos déanaí sa bhfómhar, i gclár speisialta a mhairfidh uair an chloig, cuimhneofar ar an amhránaí aitheanta agus príomhamhránaí Aslan, Christy Dignam.
CLÁRACHA FAISNÉISE
Tugann ár gcláracha faisnéise aon uaire muid ó ghrinn-staidéar ar bhannaí aitheanta agus ar fhuirseoirí atá an-bharrúil go dtí scéalta spreagúla faoi fhir agus mná dochreidte.
Viva Mary (Banríon Sitges)
Tá brí agus beocht agus fonn doshéanta maireachtála ag rith le Mary, bean bheoga 90 bliain d’aois. Sa chlár aoibhinn nua faisnéise seo, buaileann an scannánaí Cathal Ó Cuaig le Mary Lamb, máthair agus seanmháthair, bean as Conamara, iníon an ealaíontóra Charles Lamb, agus í ag caitheamh súil siar ar shaol nárbh é an gnáthrud ar an ngnáthbhealach a bhain i gcónaí leis. D’éirigh sí aníos i gConamara i rith na 1930idí, í á spreagadh ag dáimh a hathar leis an taobh tíre agus le muintir an iarthair, ach an feimineachas agus aird ar leatrom á chothú freisin inti ag a raibh de bhochtaineacht ina timpeall. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, thug sí cúl le gnás agus chaith a cuid díograise le hoideachas a chur ar leanaí faoi mhíchumas i Sasana. Tagann sí ó fhéimheacht a fir chéile agus ar dul ar pinsean di, tugann sí faoi shaol seoltóireachta ina haonar ar fud na Meánmhara. Sa scannán dóchais seo, déantar ceiliúradh ar bhean atá dílis ina máthair mhór, ina máthair, agus ina cara di chomh maith le bheith ina ceoltóir agus ina bean eachtraíochta.
Foclóir Brille
Fuirseoir a bhfuil gradaim buaite aici í Bláithín de Burca a bhíonn neamhbhalbh agus nach seachnaíonn áiféis i gceachtar den dá theanga. Sa chlár seo tugann sí ar thuras spleodrach áibhéil sinn ar fud réimsí nár thaobhaigh aon duine den lucht grinn go dtí seo: go domhain i scéal na Gaeilge mar a bhíodh, mar atá, agus mar a bheidh, ag trácht ar chaint, idir bhaois agus ghaois, as béal na mban, bíodh mínáireach nó ná bíodh. An chuspóir: scrúdú a dhéanamh ar stair teangeolaíochta na tíre ionas go gcuirtear lasair in athuair i dtaithí shainiúil éagsúil na hÉireann ar an mbantracht. Cumar idir sruth an ghrinn agus sruth ghrinneas an léinn, leanann an clár ríméadach faisnéise seo Bláithín ar chamchuairt na hÉireann ag lorg seanleaganacha agus focail nua a bheidh ina ábhar aici do dhreas úrnua fuirseoireachta as Gaeilge. Ag gabháil leis an gclár faisnéise, beidh foclóir de chineál leithleach éagoitianta, an Foclóir Brille, á sheoladh ar líne ar RTÉ.ie ionas gur féidir le cailín nó cailleach – nó duine a thugann beagán den bheirt leo – teacht ar bhéarlagar nua/seanda inar féidir leo a gcuid gnéasachta a chur in iúl go hiomlán.
Hot House Flowers
D’eisigh The Hothouse Flowers People, an chéad albam ag an ngrúpa, ar an 4ú lá de Bhealtaine 1988. Bhí an t-albam ag an am, agus tá go fóill, ar an albam tosaigh ó oirfideach ar bith in Éirinn ba mhó díolachán, ag uimhir 1 in Éirinn taobh istigh d’aon seachtain amháin agus ag dul chomh hard le huimhir 2 sa Ríocht Aontaithe. Míonna beaga dár gcionn, níor fágadh oiread is ticéad gan díol do cheolchoirm san RDS i mBaile Átha Cliath. Bhí cuid mhór a cheap gur d’aon splanc tintrí amháin a tháinig banna ceannródaíochta na gceoltóirí óga seo ar an láthair. Ach ní fás aon oíche a bhí ann ar chor ar bith; bhí tamall deas blianta caite ag an mbanna ag saothrú cheana féin, ag buscáil, ag seinm in ionaid bheaga agus ag tarraingt lucht leanta chucu féin. Bhí nuacht agus úire ag rith leo in Éirinn tráth a raibh airgead agus poist gann (roimh ré an Tíogair Cheiltigh) ach borradh faoi shaol an chultúir in Éirinn. Is ar an ábhar sin a spreagann cuimhne ar an albam mothúcháin aitis agus lúchaire sna daoine. 35 bhliana dár gcionn, caitheann Liam Ó Maonlaí agus Fiachna Ó Braonáin, an bheirt a bhí chun tosaigh sa ghrúpa, súil siar ar an mbliain faoi leith sin a chuir cor ina gcinniúint.
Dolores@70
Déanfar ceiliúradh, le hócáid nua speisialta teilifíse, ar an 70ú breithlá ag an amhránaí Dolores Keane ar seod de chuid na hÉireann í. Leantar í agus í ag filleadh ar thobar a cuid ceoil, seanteach a cuid aintíní i gCathair Loistreáin i gCo. na Gaillimhe agus cloistear í ag canadh roinnt de na hamhráin is mó a thaitníonn le daoine uaithi in éineacht le ceithre ghlúin dá muintir féin agus ceoltóirí eile de chuid na hÉireann, Paul Brady agus Mick Hanly ina measc, chomh maith le cuid mhór eile.
Rí an Pharóiste, Séamus Begley
Déanann Rí an Pharóiste ceiliúradh ar shaol Shéamuis Uí Bheaglaoich. Bhí Séamus ar maos i gcultúr Ghaeltacht Chorca Dhuibhne, áit ar rugadh agus tógadh é; feirmeoir drogallach, sár-cheoltóir agus sár-amhránaí a raibh dúchas an cheoil go smior ann. Thug a chuid buanna ceoil ar fud an domhain é, stáitse na Pirimide ag Glastonbury san áireamh. Agus bliain ó cailleadh é ag druidim linn, déanann a bhean chéile, a chlann, seanchairde, agus ceoltóirí a bhfuil clú agus cáil orthu ar fud an domhain machnamh ar an gCiarraíoch ildánach agus an oidhreacht shaibhir a d’fhág sé ina dhiaidh.
Cintíonn an sceideal seo atá amach romhainn go mbeidh siamsaíocht á chur ar fáil don lucht féachana agus go mbeifear á mealladh, agus an saol uathúil atá ar fud Oileán na hÉireann á léiriú agus á cheiliúradh.
Dúirt Niamh Ní Churnáin, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ: “Tá RTÉ tiomanta do stór mór agus éagsúil de chláracha Gaeilge a chur ar fáil dár lucht féachana. An Fómhar seo, táimid ag cur an réimse is fearr dá raibh againn riamh de chláracha Gaeilge ar fáil ar sceideal RTÉ. Táim buíoch de gach duine in earnáil na léiriúchán neamhspleách chomh maith le foireann inmheánach na gCláracha Gaeilge a chruthaíonn an bunábhar Gaeilge iontach seo ar fad. Táim fíorbhuíoch freisin dár gcomhpháirtithe maoinithe Coimisiún na Meán agus an CCG agus ár gcomhchraoltóirí seirbhíse poiblí ar an oileán seo as a gcomhpháirtíocht agus as an tacaíocht leanúnach a thugann siad dúinn.”