Feadóga do chomórtas Bhonn Óir Seán Ó Riada 2023
An ceoltóir traidisiúnta ar an bhfeadóg mhór nó ar an bhfeadóg stáin thú? Tá an comórtas do Bhonn Óir Seán Ó Riada na bliana seo fógartha ag an gcraoltóir Peadar Ó Riada, agus is ar an dá uirlis sin a bheas an comórtas dírithe do 2023.
Beidh bonn óir agus €2500 ag dul don bhuaiteoir ar an gcomórtas, atá á reáchtáil ag Peadar tríd a chlár Cuireadh chun Ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is é Dé hAoine 29 Meán Fómhair an dáta deireanach a ghlacfar le hiarratais.
Chuir Peadar Ó Riada an comórtas seo ar bun siar sa bhliain 2010, agus bíonn ceoltóirí ó gach cearn den domhan ag cur isteach air gach bliain. Is liosta le háireamh na ceoltóirí ar an bhfeadóg mhór a thug leo an duais mhór go dtí seo, ina measc Tim McHugh as Baile Uí Fhiacháin i Maigh Eo, Seán Gavin as Detroit Mheiricá, agus Jillian O’Malley ó Chluain Cearbháin i Maigh Eo.
Le cur isteach ar an gcomórtas, is gá do cheoltóirí:
- 5 phíosa/seit ceoil a thaifead
(is leor iad a thaifeadadh ar an ríomhaire/fón, ní caighdeán stiúideo atá i gceist) - Clárú ag www.cuireadhchunceoil.ie
- Na píosaí ceoil a uaslódáil go dtí an suíomh idirlín sin faoin Aoine 29 Meán Fómhair.
Roghnófar 15 iomaitheoir le bheith páirteach sa chraobh, agus fógrófar iad ar an gclár Cuireadh chun Ceoil ar RTÉ RnaG beo ó Éigse Dhiarmuidín ag tús mhí na Nollag. Craolfar an chraobh beo ó Óstán an Rochestown Park i gCorcaigh ag deireadh mhí Eanáir.
Is iad RTÉ Raidió na Gaeltachta, Iontaobhas Fódhla, Gael Linn, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, IMRO, Ealaín na Gaeltachta agus Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh na hurraitheoirí ar an gcomórtas.