Ceapacháin Láithreoirí Nua Fógartha ag Nuacht RTÉ
Tá sé fógartha ag Nuacht RTÉ inniu go mbeidh Sharon Tobin agus Ray Kennedy ina láithreoirí buana ar RTÉ Six One News agus ar Nine O’Clock News faoi seach. Beidh an t-iriseoir Sharon Tobin i dteannta David McCullagh ar an bhfoireann nua láithreoirí do chlár suaitheanta RTÉ, Six One News, ón lá inniu, Dé Luain an 4 Meán Fómhair. Cuirfidh an craoltóir Ray Kennedy RTÉ Nine O’Clock News i láthair ar bhonn uainíochta le Sharon Ní Bheoláin.
Le linn don Stiúrthóir ar Nuacht & Cúrsaí Reatha RTÉ, Deirdre McCarthy, na ceapacháin nua a fhógairt, dúirt sí: “Do gach duine againn atá ag obair ar Nuacht & Cúrsaí Reatha, tá na cláracha suaitheanta, Six One News agus Nine O’Clock News i measc na gcláracha teilifíse is mó lucht féachana agus is mó a bhfuil meas orthu agus is ionann iad agus an chuid is fearr de bhailiú nuachta agus iriseoireacht seirbhíse poiblí ar féidir brath uirthi. Tá Sharon agus Ray ag tosú le dul i mbun oibre lenár bhfoireann tiomanta láithreoirí Nuachta & Cúrsaí Reatha a dhéanfaidh a ndícheall gach uair an chloig de gach lá scéalta atá tábhachtach duitse, do do theaghlach agus do do phobal a insint go macánta agus go soiléir le hionracas agus creidiúnacht.
Is iriseoirí den scoth iad, agus tá ríméad orm go mbeidh siad ag obair ar an bhfoireann láithreoirí. Is grúpa láithreoirí cumasacha é ár bhfoireann láithreoirí Nuachta & Cúrsaí Reatha, agus ina dteannta beidh Eileen Whelan, a bheidh fós ina príomhláithreoir ar One O’Clock News, a leanfaidh orthu ag cur na gceisteanna géara, a iarrfaidh ar dhaoine atá i gcumhacht míniú a thabhairt agus a dhéanfaidh ionadaíocht ar leas an phobail.
Thosaigh Sharon Tobin ag obair le Nuacht RTÉ ina hiriseoir agus ina tuairisceoir teilifíse sa bhliain 2018. D’oibrigh Sharon ina láithreoir nuachta rialta sa stiúideo agus le haghaidh craoltaí taobh amuigh d’Éirinn agus thar lear amhail bás Bhanríon Eilís na Breataine. D’oibrigh Sharon ina comhláithreoir ar chlúdach Buiséid bhliantúil theilifís RTÉ, chuir sí an clár cúrsaí reatha, Monday Night Live agus cláracha speisialta Nuacht RTÉ i láthair, lena n-áirítear cuairt an Uachtaráin Biden chun na hÉireann sa bhliain 2023. Chuir sí clár RTÉ Radio 1, This Week, i láthair freisin.
Bhain Sharon céim BA amach i Léiriú agus Bainistiú na Meán Cumarsáide ó Choláiste Breisoideachais Bhaile Formaid sa bhliain 2000. Sular thosaigh sí ag obair le RTÉ, d’oibrigh sí i stáisiúin raidió áitiúla neamhspleácha ar nós East Coast FM i gCill Mhantáin agus Lite FM i mBaile Átha Cliath agus d’oibrigh sí do nuachtáin réigiúnacha ar nós The Liffey Champion i gCill Dara agus Show Business Weekly i Nua-Eabhrac. Sa bhliain 2002, thosaigh sí ag obair le TV3 ina tuairisceoir agus ina Láithreoir Nuachta
Teilifíse. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas í ach tá sí anois ina cónaí lena teaghlach in aice leis an Muileann gCearr i gContae na hIarmhí.
Tá Ray Kennedy ag obair le déanaí le RTÉ ina iriseoir agus ina léitheoir nuachta ó bhí an bhliain 2008 ann. Bhí sé i mbun tuairiscithe go fairsing ón Afraic ar an ngéarchéim dhaonnúil le linn na mblianta 2012 agus 2013. D’oibrigh sé ar chlúdach RTÉ de chuairt na Banríona Eilís II agus cuairt an Uachtaráin Barack Obama chun na hÉireann. Le linn an ama sin, thuairiscigh sé freisin ón Ríocht Aontaithe agus ón Eoraip ar na hionsaithe sceimhlitheoireachta a tharla i Manchain, i Londain agus i bPáras. Cuireadh ar an ngearrliosta é do Ghradaim Meán Cumarsáide Amnesty International maidir leis na tuairiscí a rinne sé faoin mbochtaineacht sa Bhrasaíl roimh na Cluichí Oilimpeacha in Rio. Sa bhliain 2016 bhuaigh sé gradam iomlán i gcatagóir an iriseora teilifíse sna Gradaim Meán Cumarsáide Ceartais as an gclúdach a rinne sé ar chás athshealbhaithe Chnoc an Aitinn. Le gairid bhí sé mar chuid den fhoireann láithreoirí do chlúdach RTÉ ar shochraid Bhanríon Eilís II, ar chorónú an Rí Séarlas agus ar chuairt an Uachtaráin Joe Biden le déanaí chun na hÉireann.
Roimhe seo chaith Ray cúig bliana beagnach ina Chomhfhreagraí Éireannach le Sky News. Roimhe sin, d’oibrigh sé ina thuairisceoir agus ina thuairisceoir nuachta do RTÉ agus do TV3 News. Cuireadh tús lena ghairm bheatha sa bhliain 1989 agus é ag obair ina thuairisceoir leis na grúpaí nuachtáin, an Irish Independent agus an Irish Press, sular thosaigh sé ag obair ina láithreoir teilifíse agus raidió. Is iriseoir é a bhfuil duaiseanna buaite aige agus d’oibrigh sé ina Chomhfhreagraí Polaitíochta le Independent Network News (INN). ina Láithreoir ag an Deireadh Seachtaine le TV3 News, ina Chomhfhreagraí Éireannach le Sky News International agus ina Láithreoir ag an Deireadh Seachtaine le RTÉ. Rinne sé staidéar ar an Iriseoireacht, ar an Dlí agus ar Dhlí na hEorpa in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath a thugtar uirthi anois). Tá Céim Onóracha aige sa Chaidreamh Idirnáisiúnta. Is i mBaile Átha Cliath atá sé ina chónaí. Tá sé pósta, agus tá beirt clainne aige.
Is éard a dúirt Sharon Tobin: “Tá ríméad orm go mbeidh mé i mbun oibre le David agus leis an bhfoireann i mo láithreoir buan ar an Six One News. Tá deacrachtaí ollmhóra roimh an tír seo, daoine ag streachailt leis an gcostas maireachtála agus na riachtanais is bunúsaí ó thaobh tithíocht inacmhainne a aimsiú. Agus na deacrachtaí sin ar fad romhainn roimh fheachtas olltoghcháin a bhfuiltear ag súil go mór leis. Táim ar bís go bhfuil mé i mo chuid den fhoireann a leanfaidh ar aghaidh ag tabhairt nuacht iontaofa chruinn don lucht féachana, agus ag cur na gceisteanna sin a bhfuil daoine ag iarraidh freagraí ina leith.”
Is éard a dúirt Ray Kennedy: “Is mór an onóir dom ról an láithreora a fháil ar RTÉ Nine O’Clock News, feasachán a mbínn ag éisteacht leis agus mé ag fás aníos agus a raibh súil agam i gcónaí an feasachán sin a chur i láthair. Tabharfaidh mé an taithí níos mó ná 30 bliain atá agam san iriseoireacht liom chuig an bpost seo a bhfuil an-tóir air agus déanfaidh mé mo mhíle dhícheall an nuacht ó ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain a thabhairt isteach i seomraí suite daoine ar fud na tíre agus níos faide i gcéin má tá siad sásta mé a ligean isteach. Tá mé ag teacht in áit duine mór le rá, an bhean iontach Eileen Dunne, a d’éirigh as an bpost agus tá súil agam go mbeidh mé in ann an beart a dhéanamh. Táim ar bís go mbeidh deis agam sa ról seo cláracha faoi ócáidí speisialta a chur i láthair ar RTÉ One nuair a tharlóidh siad in éineacht le mo chomhghleacaithe atá thar na bearta agus atá ag obair ar Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ. Coinneoidh muid orainn anois, agus déanfaidh muid ár ndícheall, mar a dhéanann muid i gcónaí, agus an nuacht a insint don lucht féachana.”