RÁITEAS Ó SHIÚN NÍ RAGHALLAIGH, CATHAOIRLEACH BHORD RTÉ AR FHOILSIÚ THUARASCÁIL BHLIANÚIL RTÉ DON BHLIAIN 2022
Dé Céadaoin 06 Meán Fómhair 2023
Tá sé ríthábhachtach an comhthéacs a thuiscint nuair atá Tuarascáil Bhliantúil RTÉ don bhliain 2022 á scrúdú agat (www.rte.ie/annualreport).
Ar dtús, déantar plé ar RTÉ sa bhliain 2022 sa Tuarascáil Bhliantúil. Ní dhéantar plé ar an athrú a bhí ag tarlú in RTÉ sa bhliain 2023.
Tugadh an Tuarascáil Bhliantúil chun críche roimh na géarchéimeanna agus an míshuaimhneas a bhí ann le déanaí agus sular fógraíodh sraith de leasuithe agus athruithe eagrúcháin in RTÉ.
Mar sin féin, leagtar amach sa Tuarascáil an obair shuntasach agus leanúnach a dhéanann foireann RTÉ agus earnáil na Léiriúchán Neamhspleách chun cláracha éagsúla ar ardchaighdeán a léiriú don teilifís agus d’ardáin dhigiteacha agus raidió.
Mar a tharla sna blianta roimhe seo, agus i gcomhréir le hoibleagáidí reachtaíochta, cheadaigh Bord RTÉ Tuarascáil Bhliantúil RTÉ don bhliain 2022 agus seoladh chuig an Aire Martin í ag deireadh mhí an Mheithimh i mbliana.
I dtaca leis an athráiteas faoi thuilleamh an Uasail Tubridy a rinneadh ar an 22 Meitheamh 2023, ní raibh aon tionchar ag an athráiteas sin ar ár ráitis airgeadais iniúchta. Maidir leis an Tuarascáil Bhliantúil, tá sé tábhachtach na nithe seo a leanas a thabhairt ar aird:
- Próiseáladh an dá íocaíocht, €75,000 an ceann, a bhfuil taifead déanta orthu sa Chuntas Babhtála, sna cuntais mar mhuirear €115,000 an ceann, sin an costas ollardaithe chuig an gCuntas Babhtála nuair a cheadaítear coimisiún 35%.
- Tá an méid iomlán €230,000 sin san áireamh sna Costais oibriúcháin fhoriomlána (roimh dhímheas, amúchadh, gnóthachtáil ar shócmhainní a dhiúscairt) €339.3 milliún mar a léirítear i Ráiteas Ioncaim an Ghrúpa ar leathanach 115 den Tuarascáil Bhliantúil nó sa roghchlár Ráitis Airgeadais ar líne (rannán Ráiteas Ioncaim an Ghrúpa).
- Déantar tuilleadh anailíse ar fhigiúr na gcostas oibriúcháin foriomlán i nóta 3 leis na Cuntais (leathanach 131 den Tuarascáil Bhliantúil nó sa rannán Nótaí den roghchlár Ráitis Airgeadais ar líne) agus ó tharla gur tagraíodh do na sonraisc mar chostais bholscaireachta agus gur cuireadh isteach sa leabhar mar sin iad, tá an €230,000 san áireamh san fhigiúr €42.45 milliún faoi Chostais eile tríú páirtí.
Ba cheart a thabhairt ar aird i ndiaidh an tuarascáil seo a chur i gcrích, chun nach mbeadh aon amhras ann, go bhfuair Grant Thornton LLP amach nach costais bholscaireachta, le bheith cruinn faoi, a bhí sna híocaíochtaí faoi chaibidil.
Is ionann Tuarascáil Bhliantúil na bliana 2022 agus tráth faoi leith do RTÉ, tráth a raibh cultúr difriúil forleathan.
Ach ní mór dúinn anois déileáil leis an toradh atá ar an gcultúr mífheidhmiúil neamh-chomhtháite seo.
Mar eagraíocht, ní féidir linn na heasnaimh ná na dúshláin a aithníodh a sheachaint. Agus ní sheachnóidh muid iad.
Le linn na tréimhse ó mhí an Mheithimh 2023, bhog muid go tapa chun aghaidh a thabhairt ar roinnt ceisteanna chun muinín an phobail a chothú arís sa chraoltóir náisiúnta.
Ar roinnt de na gníomhartha a ghlac muid, tá níos mó maoirseachta á déanamh ag an mBord ar luach saothair an lucht shinsearaigh agus tá sé beartaithe clár leasanna agus clár gníomhaíochtaí seachtracha a thabhairt isteach do chonraitheoirí agus do bhaill áirithe foirne. Tá muid ag oibriú chun deireadh a chur leis an tsean-samhail neamhéifeachtach agus an droch-rialachas a aithníodh trí chlár leanúnach athchóirithe agus aisghabhála don eagraíocht.
Ina theannta sin, cheap an Príomh-Stiúrthóir nua, Kevin Bakhurst, foireann nua eatramhach ceannaireachta agus tá muid ar fad tugtha do thrédhearcacht agus freagracht an lucht bainistíochta.
Tá dhá Choiste Maoirseachta bunaithe ag an mBord le dul i mbun oibre leis an dá Athbhreithniú Rialtais ar chúrsaí rialachais agus cultúir maidir le táillí conraitheoirí, acmhainní daonna agus ceisteanna eile.
Tá a fhios againn go bhfuil bóthar fada roimh RTÉ ó thaobh gealltanas muiníne a atógáil leis an bpobal. Mar sin féin, creidim gur féidir sin a dhéanamh trí bheith ag obair le chéile ar fud gach gné den eagraíocht.
Tá Bord RTÉ tugtha go huile is go hiomlán do bheith ag obair leis an bPríomh-Stiúrthóir Kevin Bakhurst chun na hathruithe riachtanacha agus cinntí tábhachtacha a dhéanamh a bheidh ríthábhachtach agus muid ag iarraidh muinín a chothú in RTÉ arís. Caithfear é a dhéanamh, agus déanfar é.
Siún Ní Raghallaigh
Cathaoirleach, Bord RTÉ